Béal na Blá
Béal na Blá | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Mumhan | |||
Contae in Éirinn | Contae Chorcaí | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 1167096 |
Is sráidbhaile in Iarthar Chorcaí é Béal na Blá[1][2] (Béarla: Bealnabla).
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is i nGleann na Ruaige (Glannarouge East),[3] 1.5km ó Bhéal na Blá, a maraíodh Mícheál Ó Coileáin i luíochán sa bhliain 1922.[4] Thiomáin a thionlacan isteach i ngaiste a chuir na frith-Conraitheoirí áitiúla roimh. D'ordaigh an Coileánach do lucht a thionlactha stad agus an lámhach a fhreagairt, in áit tiomáint ar aghaidh agus é féin a choinneáil go sábháilte istigh ina charr armúrtha, mar ab fhearr leis an bhfear a bhí mar leathbhádóir aige, Emmet Daltún.[5]
Dealraíonn sé gur piléar strae a bhuail an Coileánach. B'eisean an t-aon duine amháin a fuair bás sa teagmháil.
Ainm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagann blá as 'bleán'.
Tá leaganacha truaillithe ann, mar shampla Béal na mBláth, Béal na Bláth nó fiú Béal Átha na Bláiche, galldaithe Bealnabla nó Bealnablath.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Béal na Blá/Bealnablath | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
- ↑ "Béal na Blá/Bealnablath" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2022-08-21.
- ↑ "Gleann na Ruaige Thoir/Glannarouge East" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2022-08-21.
- ↑ Marian O'Flaherty (2022-08-20). "What's in a name: Béal na Blá or Béal na Bláth?" (as en).
- ↑ "Ó COILEÁIN, Mícheál (1890–1922)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2022-08-21.