Cogadh Cathartha na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Coinbhleacht MhíleataCogadh Cathartha na hÉireann

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálcogadh cathartha
Dáta28 Meitheamh 1922
ÁitSaorstát Éireann
TírÉire

B'é síniú an Chonartha Angla-Éireannaigh a chuir tús leis an gcoimhlint ar a dtugtar Cogadh Cathartha na hÉireann, nó Cogadh na gCarad.[1][2][3]

B'fhéidir go bhfuair 1,500 bás idir Meitheamh 1922-Bealtaine 1923 mar gheall ar an troid.[4] Ba bhinbeach agus b’fhuilteach an tréimhse í.[5]

Bhí cuid d'Óglaigh na hÉireann barúlach nach bhfágfadh an conradh a dóthain neamhspleáchais ag Éirinn. Go háirithe, ní raibh siad sásta leis an móid dílseachta a chaithfeadh feisirí na parlaiminte neamhspleáiche - na Teachtaí Dála, mar a thabharfaí orthu feasta - a mhionnú do rí agus do choróin na Breataine Móire.

Thairis sin, ní raibh siad sásta sé chontae san oirthuaisceart a chailleadh, siúd is nach raibh an cheist seo leath chomh tábhachtach ag an am sin ná mar atá sí lenár linn féin.[6]

Tháinig scoilt mhór ar an tír de dheasca na coimhlinte seo, agus i ndiaidh an chogaidh féin, mhair an ghoimh beo ar feadh i bhfad. Is iad dhá thaobh an chogaidh seo is bunús le dhá phríomhpháirtí polaitíochta traidisiúnta na hÉireann, Fianna Fáil agus Fine Gael. Chomh maith leis sin, rinneadh a lán damáiste do bhonneagar an stáit, rud a chuir go mór mór isteach ar thógáil agus ar atógáil na tíre nua - Saorstát Éireann - i ndiaidh an chogaidh.[7]

Cúiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'é an Conradh Angla-Éireannach príomhchúis an chogaidh. Conradh ab ea é a bhí ceaptha le rialtas dúchais a thabhairt do na hÉireannaigh, i gcruth is go mbeadh siad, nó an chuid ba mhó acu, á bpóilíniú ag daoine as a measc féin, agus arm dá gcuid féin á gcosaint. San am céanna, dhealaigh an Conradh sé chontae i gCúige Uladh ón gcuid eile den tír - Fear Manach, Tír Eoghain, Doire, Aontroim, Ard Mhacha, agus an Dún. Bhí an Ríocht Aontaithe le seilbh a choinneáil ar thrí chuan straitéiseach, mar atá, cuan Bhéarra agus cuan an Chóbha i Chontae Chorcaí, agus Loch Súilí i dTír Chonaill.

Cé go raibh ceist na Sé gContae tábhachtach, ní raibh sí ag déanamh scime go príomha ach do mhuintir náisiúnaíoch na gcontaetha sin féin. Thairis sin, bhí cuid mhaith de na daoine barúlach nach mbeadh mórán teacht aniar i stáitín saorga an oirthuaiscirt cibé scéal é, agus iad ag súil leis go dtitfeadh sé leis an deisceart agus an t-iarthar roimh i bhfad. Shíl siad go socródh Coimisiún na Teorann an teorainn ar bhealach nach gceadódh do na Sé Chontae fad saoil a bhaint amach mar shlánaonad geilleagrach iontu féin.

Bhí daoine ann, freisin, nár thuig cé chomh láidir agus a bhí féiniúlacht leithleasach na bProtastúnach thuaidh. Ós rud é gur Protastúnaigh a bhí i gcuid mhaith de phríomhsmaointeoirí an náisiúnachais Éireannaigh, chreid a lán Gael nach mairfeadh scarúnachas an oirthuaiscirt Phrotastúnaigh ach seal. Ní bheadh ann ach filleadh ar a seandúchas féin, dá gcinnfeadh a bhformhór leor a ghabháil le stát neamhspleách na hÉireann agus a gcuid féin a dhéanamh de. Ní bheadh a leithéid ag teacht salach ar a dtraidisiún, ar a laghad.

bigil, Sráid Downing, Londain, 14 Iúil 1921 ... idirbheartaíocht a mhair tamall fada

Bhí sé i bhfad ní ba thromchúisí, mar ábhar míshástachta, ná nach mbeadh in Éirinn ach tiarnas, in áit fíor-Phoblachta. Is é sin, bheadh Rí Shasana ina cheann stáit ar Éirinn, ó thaobh na ndeasghnáth de, agus chaithfeadh feisirí na parlaiminte nua móid dílseachta a thabhairt dó. Is iomaí duine acu siúd a bhí tar éis troid a chur ar mhaith le saoirse na tíre a bhí den tuairim nach mbeadh ann ach an tseandaoirse Ghallda faoi cheilt.

Mícheál Ó Coileáin, ceannaire na Saorstátairí. Nuair a shínigh sé an Conradh, dúirt sé go raibh barántas a bháis féin sínithe aige. Tháinig an tairngreacht seo isteach fíor nuair a feallmharaíodh i mBéal na mBláth é.

Mar sin, bhí cuid de na hÓglaigh agus de na náisiúnaithe eile den bharúil gur feillbheart ab ea síniú an Chonartha. Nuair a d'fhill toscaireacht na síochána abhaile ó Shasana, rinneadh iarracht iad a fhuadach nó a ionsaí.

Chomh maith leis sin, ámh, is féidir go raibh ceannairí na nGael ag iompairc le chéile ar chúiseanna cumhachta. Deirtear gur teip cheannaireachta a bhí ann agus daoine ag taobhú le dream amháin nó le dream eile bunaithe ar a léamh is a dtuiscintí féin.[5]

Ina dhiaidh sin, nuair a bhí sé in am an Conradh a phlé, ní dheachaigh de Valera go Londain; ina ionad, b'é Mícheál Ó Coileáin a chuaigh ansin. Ceaptar go raibh de Valera in éad leis an gCoileánach agus go raibh a fhios aige nach mbeadh aon duine in ann an Phoblacht a bhaint amach ó Lloyd George. Mar sin, chreid sé go gcaillfeadh an Coileánach a chuid tacaíochta, nuair a d'fhillfeadh sé abhaile i ndiaidh comhréiteach de chineál éigin a shocrú nach mbeadh inghlactha ag muintir na hÉireann. Deirtear go raibh Cathal Brugha ag tacú leis an bplean seo fosta. Is éadócha, áfach, go mbeadh de Valera agus Brugha d'aon ogham ag iarraidh cogadh cathartha a tharraingt anuas ar an tír.

Roimh an gCogadh Cathartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a síníodh an Conradh, bhí daoine sa chaibinéad ar buile faoi. Bhí sé ar intinn ag de Valera iad a scor ar an toirt ach d'áitigh Liam Mac Cosgair orthu vóta a chaitheamh. Nuair a vótáil ceathrar duine ar a shon agus triúr ina aghaidh, socraíodh an Conradh a chur faoi bhráid na Dála. Bhí díospóireacht shearbh ann ansin, nó bhí na daoine ag caitheamh anuas ar a chéile go láidir. Ní raibh siad sásta teacht in araicis a chéile ar aon nós, agus níor thángthas ar aon toradh nó comhréiteach a bheadh sásúil. Ansin, chuaigh na teachtaí ar saoire Nollag. Bhí deis acu, anois, fáil amach faoin dearcadh a bheadh ag lucht a dtacaithe ar an gceist seo, agus bhí formhór mór na cosmhuintire tinn tuirseach den chogadh. Is léir nach bhféadfadh na teachtaí a bheag a dhéanamh de thuairim an phobail agus í chomh láidir sin. Ba mhór an tionchar a d'imir saoire seo na Nollag ar thoradh deifnídeach na vótála.

Ar an 16 Nollaig 1921, vótáil an Dáil ar son an Chonartha,[8] trí vóta is trí scór in aghaidh sé vóta déag is dhá scór. D'éirigh de Valera as Uachtaránacht na Poblachta, agus lucht a leanúna ag tréigean na Dála sna sálaí aigesean. Bhí an dá thaobh ag maslú a chéile go searbh, agus ba léir nach raibh sé indéanta a thuilleadh na cúrsaí a thabhairt chun aontais. Cosúil leis an Dáil, chuaigh scoilt ar na hÓglaigh féin. I gcoitinne, chuaigh a lán daoine lena gceannfort áitiúil, agus sa deireadh, bhí mórchuid na nÓglach (go háirithe i gCúige Mumhan) ag cur in aghaidh an Chonartha.

An Chéad Dáil

Bhunaigh Mícheál Ó Coileáin agus Art Ó Gríofa rialtas sealadach le dul i mbun na gcumhachtaí a bhí na Sasanaigh le bronnadh ar Shaorstát nua Éireann. Ní raibh na frith-Chonraitheoirí, áfach, sásta urraim a thabhairt don rialtas seo. I Mí na Márta, 1922, d'fhógair Ard-Fheis na nÓglach go raibh an Dáil mídhleathach, ó bhí sí tar éis vóta a chaitheamh i bhfaca leis an gConradh, agus nach dtabharfadh na hÓglaigh urraim feasta ach don choiste nua a cheap siad, mar atá, Feidhmeannas an Airm. B'é Feidhmeannas an Airm an t-aon rialtas dleathach a bheadh ann feasta, a mhaígh siad.

9 Aibreán 1922 - comhdháil go tréan in aghaidh an Chonartha

Ní raibh an Coileánach ná de Valera rófhonnmhar chun troid a chur ar a chéile, áfach. Bhunaigh an Coileánach Coiste Ath-Aontaithe an Airm leis na hÓglaigh a aontú arís, agus é ag áitiú ar lucht leanúna de Valera an chéad fheachtas olltoghchánaíochta sa Saorstát a chur in éineacht, le go bhféadfaí comhrialtas na náisiúnaithe go léir a chur ar bun i ndiaidh an toghcháin.

Bhí sé ag iarraidh freisin ceannairí na bhfrith-Chonraitheoirí a bhréagadh chun comhoibrithe le geallúintí faoi bhunreacht Poblachtánach nach dtráchtfadh ar mhonarcacht na Breataine Móire ar aon nós. Ní ghlacfadh na Sasanaigh leis an gcineál sin bunreachta, áfach, agus iad ag bagairt ar an Saorstát imshuí iomlán trádála a chur ar Éirinn mura gcuirfí an Conradh i gcrích ina iomlán. B'éigean don Choileánach géilleadh dóibh, mar sin, agus bhí an t-athmhuintearas idir na Saorstátairí agus na Poblachtánaigh caillte ansin.

An toghchán, 18 Meitheamh 1922[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair muintir na 26 chontae faill vóta a chaitheamh ar an 18 Meitheamh 1922 chun a rá an nglacfaidís leis an gConradh nó nach nglacfadh. Mar sin, chuaigh dhá chineál Sinn Féin chuig na toghcháin : iad siúd a bhí ag cur in aghaidh an Chonartha agus iad siúd a bhí ag taobhú leis an gConradh agus leis an Saorstát.

B'iad na páirtithe a bhí ag tacú leis an gConradh a bhain an toghchán go soiléir. Seo a leanas torthaí an toghcháin[9]:

Páirtithe ar thaobh an Chonartha – timpeall 486,000 vóta (239,193 do 'Sinn Féin ar son an Chonartha');

Páirtithe in éadan an Chonartha -133,864 vóta.

Fuair Páirtí an Lucht Oibre 132,570 vóta ach gan polasaí soiléir ar stádas Thuaisceart Éirean.

Sráid Mulgrave, Luimneach: 22 Iúil 1922

Ní raibh na Poblachtánaigh sásta leis an toradh. Ní raibh sé de cheart ag an tromlach daonlathach féin a gcuid vótaí a chaitheamh ar mhaithe leis an gcúis chontráilte, a mhaígh de Valera[10].

Idir an dá linn, bhí an Coileánach agus a Rialtas Sealadach ag cur cuma agus caoi ar an Saorstát nua, agus iad ag féachaint le constáblacht agus arm ceart náisiúnta a chur in áit na nÓglach. Ós rud é, áfach, go raibh sé beartaithe ón tús go mbeadh na hÓglaigh ina ndúshraith d'fhórsaí armtha na hÉireann, b'acusan a fágadh an chuid ba mhó de bheairicí agus de threalamh cogaidh na Sasanach. Nuair a tháinig samhradh na bliana 1922, bhí beairicí na tuaithe ag na frith-Chonraitheoirí, agus an Rialtas Sealadach fágtha i muinín Bhaile Átha Cliath agus cúpla dúnfort eile, ar nós an Longfoirt, ina raibh mórchuid na nÓglach áitiúil ag tacú leis an gConradh.

Leamhsháinn na gCeithre gCúirteanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Na Ceithre Cúirteanna

In Aibreán na bliana 1922, ghlac díorma de chuid na bhfrith-Chonraitheoirí seilbh ar na Ceithre Cúirteanna i mBaile Átha Cliath, agus Ruairí Ó Conchúir ina cheannfort orthu. Is é an rud a bhí i gceist acu ná na Sasanaigh a mhealladh chun catha leis an gConradh a chur ar neamhní, ionas go mbeadh na hÓglaigh aontaithe arís le cath a chur ar a sean-naimhde ar son na Poblachta.

Na Ceithre Cúirteanna

Ní mar a shíltear a bhítear, áfach, nó bhí na Saorstátairí meáite ar a thaispeáint do na Sasanaigh go mbeidís in ann na reibiliúnaithe a chloí agus síocháin a chur ar bun ina dtír féin go neamhspleách. Ní raibh an Coileánach, ar son an tSaorstáit, ag iarradih in aghaidh a iar-chomrádaithe féin. Bhí Art Ó Gríofa ag éileamh go n-imreofaí an lámh láidir ar an dream dobhogtha gan mhoill, ach b'fhearr leis an gCoileánach na Poblachtánaigh a fhágáil ag fanacht istigh sna Ceithre Chúirteanna, go dtí go dtuirseoidís de.

1 Iúil 1922

Ar 22 Meitheamh 1922, scaoileadh marbh n Marascail Machaire Henry Wilson, ar leac a dhorais féin i lár Londain.[11] Bhí Wilson ina chrann taca ag na hAontachtóirí i gCúige Uladh, agus ina chomhairleoir slándála do Phríomh-Aire Tuaisceart Éireann, James Craig ag an am céanna[12].

Níl sé fíor gur thug an Coileánach ordú Henry Wilson a mharú,[13] Ar aon nós, bhí David Lloyd George den tuairim gur poblachtánaigh frith-Chonartha ba chúis leis an marú.[14] Agu is é an tátal a bhain Winston Churchill as an scéal gurbh iad na frith-Chonraitheoirí a rinne é.

Mar thoradh, chuir Rialtas na Breataine brú ar an gCoileánach ionsaí a dhéanamh ar na Ceithre Cúirteanna.[15] Bhagair Winston Churchill is cosúil go ngabhfadh na saighdiúirí dearga na Ceithre Cúirteanna, mura mbeadh an Coileánach sásta an áit a shealbhú le lámh láidir.

Eachtraí an Chogaidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cath Átha Cliath[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a d'fhuadaigh na frith-Conraitheoirí J.J. Ó Conaill, ginearál de chuid Arm an tSaorstáit, bhí foighne an Choileánaigh imithe, agus ar an 27ú lá de Mhí an Mheithimh, thug sé ordú na Cúirteanna a bhombardú leis na gunnaí móra a fuair sé ó na Sasanaigh. Thosaigh an Cogadh an lá dár gciionn

Príomhalt: Cath Átha Cliath
Cathal Brugha

B'é bombardú na gCúirteanna i mBaile Átha Cliath a chuir an cogadh ar siúl go deifinideach. Mhair an bombardú go dtí an tríochadú lá de Mhí an Mheithimh, ach ansin, ghabh na Saorstátairí an foirgneamh, agus ghéill na frithchonraitheoirí iad féin dóibh. Mhair cathanna Bhaile Átha Cliath roinnt laethanta ina dhiaidh sin, nó ghlac Óglaigh fríth-Chonartha de chuid Bhriogáid Átha Cliath, agus Oscar Mac Tréanfhir mar cheannfort orthu, Sráid Uí Chonaill i lár na cathrach.

Chaith siad conablach seachtaine ag cur troda ar na Saorstátairí, ach tháinig deireadh leis an gcogaíocht sráide ar an 5 Iúil. B'é Cathal Brugha an duine ba mhó le rá a básaíodh sa teagmháil seo.

I ndiaidh na gcathanna i mBaile Átha Cliath, bhí an Rialtas Sealadach go hiomlán i seilbh na príomhchathrach, agus na frith-Chonraitheoirí scaipthe ar fud na gceantar tuaithe go háirithe i ndeisceart agus in iarthar na tíre. Bhí siad láidir i gCúige Mumhan ach go háirithe, agus iad ag tabhairt "Poblacht na Mumhan" ar an gcúige, ó nach raibh cumhacht ar bith ag an Saorstát sa chúige sin ag an am.

Cogadh Cathartha na hÉireann: glaodh an rolla, 26 Iúil 1922, An Brú, Co Luimneach

An Dá Thaobh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a phléasc an cogadh cathartha amach, b'éigean do na Saorstátairí agus na frith-chonraitheoirí ar fud na hÉireann cath a chur ar a chéile. Iad siúd a thacaigh leis an gConradh, glacadh leosan mar arm oifigiúil, agus b'iad na fórsaí frith-Chonartha a chloígh leis an ainm "IRA" feasta. Is é an port a bhí á chanadh ag na frith-chonraitheoirí go raibh siad ag cosaint na Poblachta a tháinig ar an bhfód nuair a d'eisigh na hÓglaigh Forógra na Poblachta i dtús Éirí Amach na Cásca, ó bhí an forógra sin dearbhaithe ag an Chéad Dáil. Anois, agus an Saorstát i ndiaidh an Forógra sin a chaitheamh i dtraipisí go míchuí, b'iadsan an t-aon dream amháin a bhí fágtha den fhíor-Phoblacht, dar leo féin.

páistí i mBrú, Co Luimneach, 26 Iúil 1922

B'iad na ceannfoirt mhíleata, ar nós Liam Ó Loingsigh, a chuaigh i gceannas ar na frith-chonraitheoirí anois. Dúirt de Valera nach mbeadh sé ag troid ach ina ghnáth-Óglach. Nuair a thosaigh an cogadh, bhí tacaíocht nár bheag leis na frith-Chonraitheoirí i measc na nÓglach, go háirithe san iarthar agus sa deisceart. Déanta na fírinne, ní raibh ach fear amháin ag na Saorstátairí in aghaidh gach beirt de chuid na bhfrith-Chonraitheoirí. Scéal eile ar fad é, áfach, nach raibh struchtúr ceart míleata ceannasaíochta ag an IRA, ná a ndóthain trealaimh, ná straitéis cheart cogaidh.

Sagart ag tabhairt aspalóide, i nDún Uí Ghríofa, BÁC timpeall 1922[16]

Nuair a thosaigh siad ar an gcogadh, ní raibh acu ach sé mhíle seacht gcéad is ceithre scór de raidhfilí - is é sin, raidhfil amháin le haghaidh gach beirt - agus dornán meaisínghunnaí. D'éirigh leo, freisin, roinnt gluaisteán armúrtha de chuid na Sasanach a shealbhú, nuair a bhí siad siúd ag glanadh leo as Éirinn. Ní raibh gunnaí móra airtléire ag na frith-Chonraitheoirí, áfach, agus mar sin, ní raibh ach fód a gcosanta acu an chuid ba mhó den chogadh. Bhí airtléire ag na Saorstátairí, áfach, rud a chuir ar a gcumas an-ionsaí a dhéanamh.

IRA, An Seanphobal, 1922

Nó is amhlaidh go raibh an Coileánach agus lucht a leanúna ag fáil an-tacaíocht ó na Sasanaigh, idir airtléire, eitleáin, ghluaisteáin armúrtha, mheaisínghunnaí, ghunnáin, agus lón cogaidh. Thairis sin, ó b'iadsan a bhí i mbun an stáit, bhí siad in ann tuilleadh saighdiúirí a shlógadh, a earcú nó a choinscríobh. I ndeireadh na bliana 1922, bhí tríocha ocht míle saighdiúir in arm an tSaorstáit, is é sin, fiche míle ní ba mhó ná san IRA, agus i ndeireadh an chogaidh, bhí corradh is leathchéad míle saighdiúir ag an Saorstát - arm millteanach a bhí i bhfad ní ba mhó ná a mbeadh de dhíth ar an stát nuair a bheadh an tsíocháin ann.

Le haghaidh a chuid fear, bhí an Coileánach i dtuilleamaí Aonad an Fhiannais i mBaile Átha Cliath, aonad scothaicme Bhriogáid Átha Cliath, nó b'eisean a bhí i gceannas ar an aonad seo nuair a bhí Cogadh na Saoirse ar siúl. Baisteadh Garda Átha Cliath ar an aonad seo nuair a tháinig an Saorstát ar an bhfód. Bhí cuid mhór de na fir seo ina mbaill de Scuad an Choileánaigh, is é sin, an t-aonad feallmharfóireachta a bhí eagraithe aige, agus cuireadh ina leith gur thug siad drochíde as an ngnáth do chuid mhaith treallchogaithe de chuid an IRA.

An chuid ba mhó de na hoifigigh in arm an tSaorstáit, b'iar-oifigigh de chuid na nÓglach a thacaigh leis an gConradh i ndiaidh a gcuid féin den chath in aghaidh na Sasanach a chur. Tháinig an chuid ba mhó de na gnáthshaighdiúirí ó pháirceanna áir an Chéad Chogadh Domhanda, agus iad i ndiaidh seal a chaitheamh sna saighdiúirí dearga, mar sin.

An Saorstát ag Sealbhú na gCathrach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar a chonaic muid thuas, ní raibh an Saorstát i dtús an chogaidh ach i seilbh na príomhchathrach agus cúpla áit eile ina raibh ceannfort áitiúil na nÓglach ag tacú leis an gConradh. D'athraigh an scéal go mór, áfach, nuair a thosaigh mórionsaí an tSaorstáit.

Eoin O'Duffy, 1922

Ar an aonú lá déag de Mhí Iúil, thosaigh an chogaíocht i Luimneach. Bhí an chathair faoi smacht na bhfrith-Chonraitheoirí, agus ceithre bheairice mhíleata na háite gafa acu. Ar an seachtú lá déag, tháinig an Ginearál Eoin Ó Dufaigh chun fortachta do na Saorstátairí sa chathair, agus míle go leith de shaighdiúirí leis, chomh maith le ceithre ghluaisteán armúrtha agus gunna mór airtléire. Chaith na frith-Chonraitheoirí trí lá ag iarraidh an fód a sheasamh in aghaidh na muintire isteach seo, ach is follasach nach raibh seans acu buachan ar dhíormaí an Dufaigh. Mar sin, thréig siad an chathair sa deireadh agus d'éalaigh siad ó dheas. Níor maraíodh ach ochtar Státairí agus tríocha frith-Chonraitheoirí sa teagmháil seo. Ní raibh mórán troda ar siúl i bPort Láirge ach an oiread, nuair a ghabh fórsaí an Ghinearáil Prút é idir an ochtú lá déag agus an ficheadú lá de Mhí Iúil.

Nuair a d'fhéach na Saorstátairí le ceantair thuaithe Chúige Mumhan a shealbhú, áfach, chuir na Poblachtánaigh an-troid orthu, go háirithe timpeall ar Chill Mocheallóg. B'iad Óglaigh sheanchleachta Liam Uí Dhéasaigh a tháinig ina n-araicis ansin, agus thart ar dhá mhíle acu ann. Mar sin, bhí siad ní ba líonmhaire ná díormaí an Dufaigh féin, agus gluaisteáin armúrtha acu a d'fhág na Sasanaigh ina ndiaidh.

B'ansin a cuireadh na cathanna ba mhó le linn an chogaidh ar fad, agus fíorchogaíocht oscailte a bhí i gceist ansin, in áit na headarnaíochta is na luíochánaíochta a bhí i bhfad ní ba choitianta i bpáirceanna áir eile an chogaidh seo. Mhair cathanna Chill Mocheallóg ón dóú lá fichead de Mhí Iúil go dtí an 5 Lúnasa, agus cailleadh lear mór d'fhir ar an dá thaobh. Sa deireadh thiar, b'éigean do Liam Ó Déasaigh agus a chuid fear an ceantar a thréigean, nuair a tháinig trúpaí athneartaithe de chuid an tSaorstáit i dtír ón bhfarraige ag an bPasáiste i gContae Chorcaí agus ag an bhFianait i gContae Chiarraí, agus iad meáite ar na Poblachtánaigh a sháinniú.

oifigeach James Hetherington, 7 Samhain 1922, Port Láirge

B'iad an Coileánach agus an Dufach a tháinig ar an smaoineamh trúpaí a chur i dtír ón bhfarraige. Bhí eagla orthu go gcaithfeadh na díormaí cath i ndiaidh a chéile a chur agus cuid mhór fear a chailleadh, dá ndéanfaidís a mbealach trí Chúige Mumhan ar thalamh. Mar sin, fuair siad áis chúpla long shibhialta paisinéireachta le thart ar dhá mhíle saighdiúir a shá i gcroí "Phoblacht na Mumhan". Cleas an-chlifeartha cogaidh a bhí ann a chuir deireadh sciobtha le mursantacht na bhfrith-Chonraetheoirí ó dheas. I ndiaidh cathanna troma timpeall ar Bhaile an Róistigh, tuigeadh d'fhrith-Chonraitheoirí Chorcaí go raibh an cluiche caillte, agus chuir siad a mbeairicí trí thine sular scaip siad. Ar an deichiú lá de Mhí Lúnasa, ghabh na Saorstátairí cathair Chorcaigh, agus ar an lá arna mhárach, thréig Liam Ó Loingsigh agus a chuid Óglach Mainistir Fhear Maí, an chathair dheireanach i "bPoblacht na Mumhan".

Chuaigh na Saorstátairí ón bhfarraige i dtír in áit eile freisin, mar atá, i gCuan Modh i gContae Mhaigh Eo. Ceithre chéad fear a bhí ann chomh maith le gluaisteán armúrtha agus gunna mór. B'é Críostóir Ó Máille a bhí i gceannas ar na trúpaí seo, agus ghabh siad Cathair na Mart le fáilte a fhearadh roimh cholún eile de chuid an tSaorstáit, an ceann a bhí ag teacht ó Chaisleán an Bharraigh, agus Seán Mac Eoin mar cheannfort air. Chuaigh colún eile go Contae Dhún na nGall le scaipeadh na mionéan a chur sna fórsaí frith-Chonartha i dTír Chonaill.

An Cogadh faoin Tuath[cuir in eagar | athraigh foinse]

Carr armúrtha i gContae Chorcaí i rith an chogaidh

Bhí na cathracha gafa ag an Saorstát anois, ach ina dhiaidh sin féin, bhí na frith-Chonraitheoirí ar fud na tuaithe i gcuid nár bheag den tír, agus iad ag cur treallchogaíochta. Bhí trúpaí frith-Chonartha in ann an-troid a chur in Iarthar Chontae Chorcaí agus Chontae Chiarraí, chomh maith le Contae Phort Láirge, Contae Mhaigh Eo agus Contae Shligigh. Cuireadh cathanna timpeall ar Dhún Dealgan fosta, agus Proinsias Mac Aodhagáin i gceannas ar na Poblachtánaigh ansin. Ar dtús, b'fhearr leis an Aodhagánach fanacht neodrach i leith an dá thaobh sa chogadh, ach nuair a chaith na Saorstátairí i dtóin an phríosúin i nDún Dealgan é, d'éalaigh sé agus a chuid fear as an ngéibheann agus d'imir siad díoltas ar na Státairí, agus iad ag cur treallchogaíochta orthu in aice leis an teorainn nua idir an Saorstát agus na Sé Chontae.

Thóg sé ocht mí eile ar na Saorstátairí an cogadh a thabhairt chun críche. Bhí an cogadh féin ag dul chun cruálachta, agus an fheallmharfóireacht is an bhrúidiúlacht ag dul i dtreise. Fuair Art Ó Gríofa bás le fuiliú na hinchinne ar an dóú lá déag de Mhí Lúnasa, agus deich lá ina dhiaidh sin, mharaigh na frith-Chonraitheoirí an Coileánach i luíochán i mBéal na mBláth, Contae Chorcaí. B'é Liam Mac Cosgair a tháinig i gceannas ar rialtas an tSaorstáit anois, agus b'é an Ginearál Risteard Ó Maolchatha a ghlac le dualgaisí an ardcheannasaí mhíleata.

I Mí Dheireadh Fómhair, chuir de Valera Rialtas Poblachtánach dá chuid féin ar bun in éineacht le teachtaí frith-Chonartha na chéad Dála. Faoin am seo, áfach, níor thug aon duine aird air. Bhí na Poblachtánaigh ag cailleadh fóid go tapaidh, agus cibé scéal é, bhí siad dílsithe dá gcuid ceannfort míleata, seachas d'aon chineál rialtas sibhialta nó tofa.

Fionán Lynch agus Eoin O'Duffy
"príosúnach cogaidh", 22 Iúil 1922

Geimhreadh fuar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa geimhreadh, tháinig brúidiúlacht i leaba na cogaíochta, agus tosaíodh ar chimí cogaidh a chur chun báis. Bhí an Coileánach ag iarraidh gan dul thar fóir leis an mbrúidiúlacht, agus é ag iarraidh an dá fhaicsean a thabhairt chun síochána. Ní raibh polasaí seo an athmhuintearais rathúil ar aon nós, áfach, nó mar is eol dúinn, b'é cabhóg an Choileánaigh féin é. I ndiaidh a bháis siúd, Rinneadh mórchuid na mbásuithe le linn Cogadh Cathartha na hÉireann faoi na cumhachtaí éigeandála a bhí glactha ag an tríú Dáil ag deireadh Mheán Fómhair 1922, lenar ligeadh do chúirteanna míleata.[17]

Deireadh Brúidiúil an Chogaidh

Tháinig an tsíocháin i Mí na Bealtaine sa bhliain 1923, ach níor chuir sé deireadh leis an dúnmharfóireacht seo. Mar shampla, d'fhuadaigh na Saorstátairí Nollaig Lemass, deartháir Sheáin, i Mí Iúil 1923, agus dhumpáil siad a chorpán marbh i sléibhte Chill Mhantáin, i gcóngar do Ghleann Cria, áit ar thángthas air i Mí Dheireadh Fómhair sa bhliain chéanna.

22 Iúil 1922, Óstán Granville, Port Láirge
18 Iúil 1922, Sráid Uí Conailll, BÁC

Cruálach is uile mar a bhí an feachtas dúnmharfóireachta seo, ní féidir a rá nach gcuideodh sé leis na Saorstátairí an lámh in uachtar a fháil ar iarsmaí na bhfrith-Chonraitheoirí. Ní raibh na Poblachtánaigh ábalta cath éifeachtúil a chur ar na Státairí, ós rud é nach raibh an daonra sibhialta fonnmhar dídean a thabhairt dóibh anois, mar a bhí le linn Chogadh na Saoirse. Ní raibh an Eaglais Chaitliceach sásta tacú leo ach an oiread, nó d'eisigh easpaig na hÉireann comhráiteas inar fhógair siad go raibh na frith-Chonraitheoirí eascoiteannaithe ón gComaoineach Naofa agus ón bhFaoistin. De cheal tacaíochta, chuaigh feachtas na bhfrith-Chonraitheoirí in éag. Ghéill Liam Ó Déasaigh é féin d'fhórsaí an tSaorstáit i Mí Feabhra 1923, agus é ag áitiú ar na Poblachtánaigh eile a shampla féin a leanúint.

Ar an deichiú lá de Mhí Aibreáin 1923, fuair Liam Ó Loingsigh bás i bpáirc an áir i gContae Phort Láirge. Tháinig Proinsias Mac Aodhagáin i gcomharbas air. Ar 30 Aibreán, d'fhógair sé sos cogaidh.[18] Ansin ar an 24 Bealtaine, sheol sé teachtaireacht do na frith-Chonraitheoirí, inar iarr sé orthu dí-armáil agus éirí as an gcogaíocht. D'fhoilsigh De Valera ráiteas ag rá nach raibh ciall ná cuspóir leis an troid armtha a thuilleadh.[19]

"bád gunna" 1922

Dílseoirí á n-ionsaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fág is gurb é an Conradh ba trúig don chogadh ar dtús, bhí sé de chlaontacht sna frith-Chonraitheoirí an chúis a chomhionannú le cúis na mbocht is na nocht. Mar sin, d'ionsaigh siad úinéirí saibhre talún ar Phrotastúnaigh iad, agus ar ndóigh, ní raibh na feirmeoirí beaga sábháilte ach an oiread, má bhí an creideamh mícheart acu, nó má thaobhaigh siad leis an dream mícheart. Is iomaí duine acu seo a thacaigh leis na Sasanaigh nuair a bhí Cogadh na Saoirse á chur, ach bhí daoine ina measc nár thacaigh, freisin.

Mar sin, bhí blas den tseicteachas ag baint le hionsaithe den chineál seo, siúd is nach raibh mórán luiteamais ag na frith-Chonraitheoirí le Caitlicigh ach an oiread, más dílseoir a bhí ann - is é sin, duine a thacaigh leis na Sasanaigh le linn an chéad chogadh. D'fhéach rialtas an tSaorstáit leis na Protastúnaigh a chosaint ar na hionsaithe seo, agus cuireadh constáblacht ar leith ar bun i gContae Lú ar an séala seo. Ábhar conspóide is ea i gcónaí na hionsaithe seicteacha a rinneadh ar na Protastúnaigh le linn na hainrialach i ndiaidh an Chogaidh Chathartha.

Torthaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhuaigh na Státairí toisc go raibh tacaíocht fhormhór an phobail acu, go háirithe.[20] Bhí olltoghchán ann ar 27 Lúnasa 1923. Seo iad na torthaí:

Teachtaí ar thaobh an Chonartha -. 108 teachta; Poblachtaigh' in éadan an Chonartha - 44 teachta.

sochraid Michael Collins: bhí slua ollmhór ag an tórramh, 28 Lúnasa 1922, BÁC

Dhiúltaigh na 44 'Poblachtach' glacadh leis an Saorstát agus dhiúltaigh siad freisin suí sa Dáil. Ós rud é gurbh iad Cumann na nGael an páirtí ba mhó, bhunaigh siad rialtas agus dearbhaíodh a gceannaire, Liam Tomás Mac Cosgair, mar Uachtarán ar Dháil Éireann.

Costais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mhair an cogadh cathartha idir an tIRA. agus 'saighdiúirí rialta' arm an tSaorstáit ar feadh bliana, beagnach. Maraíodh níos mó daoine agus rinneadh níos mó damáiste ná mar a rinneadh i gCogadh na Saoirse in éadan fórsaí Shasana, cogadh a mhair ar feadh dhá bhliain go leith. Is iomaí gníomhaí tábhachtach de chuid ghluaiseacht an neamhspleáchais a bhásaigh dá dheasca, cosúil le Mícheál Ó Coileáin féin. Rinne an dá thaobh ainghníomhartha agus coireanna. Mharaigh na frith-Chonraitheoirí roinnt mhaith Teachtaí Dála, agus chuir siad trí thine tithe a raibh fiúntas agus luach stairiúil ag roinnt leo, cosúil le Halla Uí Mhórdha i Maigh Eo, ó tharla go raibh úinéir na háite in éis suíomh Seanadóra a bhaint amach.

Ernest Blythe

Fiú nuair a bhí siad ag cúlú roimh na Saorstátairí, rinne na Poblachtánaigh an-dochar d'infreastruchtúr agus do gheilleagar na tíre, agus bhí eacnamaíocht na hÉireann i bhfad ag fáil bisigh ón léirscrios sin.

Cuireadh thart ar dhá mhíle déag d'fhrith-Chonraitheoirí i mbraighdeanas i ndiaidh an chogaidh, agus níor scaoileadh an chuid ba mhó acu saor roimh an mbliain 1924. Nuair a d'fhógair Proinsias Mac Aodhagáin deireadh an fheachtais, chuaigh ocht míle cime cogaidh ar stailc ocrais mar agóid in aghaidh an dóigh a rabhthas ina gcoinneáil i bpríosún i gcónaí.

Tá siadsan ann, áfach, a deir nár thiontaigh an cogadh amach leath chomh fuilteach agus a d'fhéadfadh sé: is féidir é a chur i gcomparáid le cogadh cathartha na Spáinnena Rúise. Thairis sin, níor ghlac an Garda Síochána, constáblacht úrbhunaithe an tSaorstáit, páirt ar bith sa chogadh. Mar sin, bhí fórsa póilíneachta ag an stát ó thús, fórsa a bhí neamharmtha agus neamhpholaitiúil.

Tuaisceart Éireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh an cogadh idir dhá fhaicsean de náisiúnaithe. Mar sin, rinneadh neamhshuim de cheist an oirthuaiscirt. Dá mb'é an réigiún sin a bheadh i gcroílár an chogaidh, is dócha gur cogadh seicteach amach is amach a bheadh ann, agus na sluaite móra de shibhialtaigh á marú ar chúiseanna seicteacha. Le fírinne, b'é an cogadh cathartha idir na hÉireannaigh féin ba phríomhchúis leis gur tháinig an stáitín Oráisteach slán as an bhfaopach ar fad. Nó bhí sé pleanáilte ag an gCoileánach cheana féin feachtas treallchogaíochta a chur ar an oirthuaisceart, agus b'é an cogadh cathartha amháin a tháinig idir é agus an scéim seo. Mar a fheictear an scéal dúinn inniu, is iontach linn nár chuir na hÓglaigh thuaidh aon troid ar údaráis an stáitín, ach is amhlaidh go raibh an chuid ba mhó acusan sásta dílseacht a thabhairt don Choileánach agus don tSaorstát. Chuaigh tuilleadh is míle óglach ón oirthuaisceart sna saighdiúirí sa Saorstát, fiú.

Liam Tomás Mac Cosgair

Fianna Fáil[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ndiaidh an chogaidh, bhí Eamon de Valera i bhfad ag iarraidh áitiú ar na frith-Chonraitheoirí i Sinn Féin glacadh leis an Saorstát mar uirlis pholaitiúil a bhféadfaí leas a bhaint aisti le saoirse iomlán a bhaint amach d'Éirinn. Nuair nach raibh formhór an pháirtí sásta leis an smaoineamh seo, thréig de Valera Sinn Féin in éineacht le lucht a leanúna, Proinsias Mac Aodhagáin ina measc, agus bhunaigh siad páirtí Poblachtánach nua, Fianna Fáil - páirtí a bhí "beagáinín bunreachtúil" nó "cineál bunreachtúil", mar a dúirt de Valera féin (slightly constitutional an bunleagan Béarla). Níor fágadh mórán de Shinn Féin ann, mar pháirtí. Bhí an tIRA i bhfad ní ba mhó agus ní ba láidre ná riamh, agus ar feadh tamaill, ba nós leis na hÓglaigh Phoblachtánacha meas "a bpáirtí féin" a bheith acu ar Fhianna Fáil, go dtí gur chuir de Valera cosc ar an bPoblachtánachas míleata sa bhliain 1936.

Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Richard (Risteárd) Mulcahy agus a bhean Josephine, Meán Fómhair 1922

Mar is dual do gach cogadh cathartha, d'fhág Cogadh na gCarad in Éirinn goimh fhadsaolach ina dhiaidh, agus má tháinig cneasú thar an ngoimh sin, ní leigheas iomlán a bhí ann. Idir 1920idí - 2020idí, b'iad Fianna Fáil agus Fine Gael an dá pháirtí is cumhachtaí sa tír, is é sin, an dá pháirtí a sheasann do dhá thaobh an chogaidh seo.

Go dtí na 1970idí, ní raibh polaiteoir sinsearach le fáil in Éirinn nach mbeadh ina chrannlaoch de chuid an Chogaidh Chathartha, rud a d'fhág cuid mhaith drochfhola idir an dá pháirtí is mó. Seansaighdiúirí de chuid na bPoblachtánach ab ea Éamon de Valera, Proinsias Mac Aodhagáin, Críostóir Stiofán Mac Aindreasa, agus Seán Lemass, agus ba Saorstátairí iad Liam Tomás Mac Cosgair, Risteard Ó Maolchatha, agus Caoimhín Ó hUiginn.

Thairis sin, chuaigh cuid mhór de shliocht na bhfear seo agus de shliocht a sleachta leis an bpolaitíocht, rud a choinnigh an tseanghoimh beo. Sna tríochaidí, i ndiaidh d'Fhianna Fáil na toghcháin a bhaint an chéad uair, bhí an chuma ar an scéal ar feadh tamaill go raibh an cogadh cathartha le pléascadh amach arís, agus na Léinte Gorma, eagraíocht armtha de chuid na Saorstátairí, ag siúl na sráideanna. Ar ámharaí an tsaoil, maolaíodh ar an ngéarchéim de réir a chéile. Nuair a tháinig na caogaidí, bhí sé sábháilte a rá gur fhág an gunna an pholaitíocht ar an taobh theas den teorainn.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. is dócha gur tagairt é don tseanfhocal Gaeilge úd cogadh carad, caoi namhad, is é sin, cabhraíonn troid idir cairde leis an namhaid
  2. nó Cogadh na mBráthar nó Cogadh na Díth Céille fiú
  3. Seosamh Ó Cuaig (5 Nollaig 2022). "An Cogadh Cathartha – cogadh na díth céille" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-12-06.
  4. "Report on Talk: ‘Establishing the Free State in Conflict’ – The Irish Story" (en-GB). Dáta rochtana: 2022-12-17.
  5. 5.0 5.1 Breandán M Mac Gearailt (17 Nollaig 2022). "Saothar tathagach faoi thréimhse chinniúnach chorrach i stair na hÉireann" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-12-17.
  6. Ó Duibhir, Liam (2011). "Donegal & the Civil War: The Untold Story". Mercier Press. 
  7. Cottrell, Peter (2008). "The Irish Civil War 1922-23". Osprey Pub. 
  8. Houses of the Oireachtas (1921-12-16). "Prelude – Dáil Éireann (2nd Dáil) – Friday, 16 Dec 1921 – Houses of the Oireachtas" (en-ie). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2022-12-06.
  9. Cowman, Des (1991), Fianaise na Staire Iml. 3 : Gnéithe de Stair an 20ú hAois, Ar dTuiscint ar an Domhan Nua-Aoiseach, (An Gúm).
  10. Is cosúil go ndúírt De Valera "the majority have no right to do wrong", luaite sa leabhar, M.E. Collins (1991), Ireland 1868–1966, p. 297 (EDI).
  11. Nollaig Ó Gadhra (1995). "Údarás nua - tús nua?". Comhar 54 (8): 4. doi:10.2307/25572700. ISSN 0010-2369. 
  12. agus é ag tabhairt comhairle do Sir James Craig i gcúrsaí míleata.  
  13. Peter Hart (1992). "Michael Collins and the Assassination of Sir Henry Wilson". Irish Historical Studies 28 (110): 150–170. ISSN 0021-1214. 
  14. UCD.ie (2016). "UCD-Decade-of-Centenaries". Dáta rochtana: 2019.
  15. Peter Hart (1992). "Michael Collins and the Assassination of Sir Henry Wilson". Irish Historical Studies 28 (110): 150–170. ISSN 0021-1214. 
  16. National Library of Ireland on The Commons (1922-01-01). "Priest giving absolution to soldiers". 
  17. theirishrevolution.ie (2020). "An Conradh agus Cogadh Cathartha na hÉireannː cuid a dó". Dáta rochtana: 2020.[nasc briste go buan]
  18. forasnagaeilge.ie (2016). "An Cogadh Cathartha". Dáta rochtana: 2021.
  19. Stair na hÉireann (2020-05-24). "#OTD in 1923 – Frank Aiken orders the Anti-Treaty fighters to “dump their arms” and return home." (en-GB). Stair na hÉireann | History of Ireland. Dáta rochtana: 2021-05-24.
  20. Cowman, Des (1991). Fianaise na Staire Iml. 3 : Gnéithe de Stair an 20ú hAois, Ar dTuiscint ar an Domhan Nua-Aoiseach. (An Gúm).