Saorstát Éireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Saorstát Éireann
Saorstát Éireann
Irish Free State
1923-1937
Bratach Armas
Bratach Armas
Amhrán náisiúnta
Amhrán na bhFiann
Suíomh
Príomhchathair Baile Átha Cliath
Teanga(cha) Gaeilge, Béarla
Rialtas Monarcacht Bhunreachtúil
(Daonlathas Parlaiminteach)

Is é Saorstát Éireann an stát a bunaíodh i sé chontae fichead na hÉireann, ar an 6 Nollaig 1922, i ndiaidh shíniú an Chonartha Angla-Éireannaigh. Mhair an Saorstát go dtí gur tháinig Bunreacht na hÉireann i bhfeidhm sa bhliain 1937.

Bunreacht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bhí rí Shasana ina cheann stáit ar an Saorstát, agus Seanascal Shaorstát Éireann ina ionadaí aige sa stát. Chaithfeadh na Teachtaí Dála móid dílseachta a mhionnú don Rí sula nglacfaidís a suíocháin sa Dáil.

Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ar an 6 Nollaig 1922, ghlac an rialtas le forálacha an Chonartha Angla-Éireannaigh agus rinneadh tiarnas de chuid Impireacht na Breataine d’Éirinn go hoifigiúil[1]. Ceaptar LT Mac Cosgair ina Uachtarán ar Ard-Chomhairle Shaorstát Éireann.

Cé go raibh stádas an Tiarnais ag an Saorstát, bhí níos mó saoirse aige ná ag na Tiarnais eile. Éireannach ab ea an Seanascal, ach muintir isteach ab ea na Gobharnóirí Ginearálta sna tiarnais eile, fir uaisle Ghallda ón mBreatain Mhór de ghnáth.

Theastaigh ó na hÉireannaigh poblacht a chur ar bun mar sin féin, agus rinne rialtas an tSaorstáit a ndícheall leis an gcuspóir sin a bhaint amach seachas cogadh nua a tharraingt anuas ar an tír.

Sa bhliain 1931, d'achtaigh Parlaimint na Ríochta Aontaithe an reacht ar ar tugadh Reacht Westminster, reacht a chuir ar chumas na dTiarnas éagsúil a gcuid dlíthe féin a reachtú beag beann ar an mBreatain Mhór.

Ghlac lucht rialtais na hÉireann buntáiste ar an reacht seo lena mbunreacht féin a chur i bhfeidhm, Bunreacht na hÉireann, sa bhliain 1937.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]