Rialtas Sealadach na hÉireann (1922)
Sonraí | |
---|---|
Cineál | rialtas |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 16 Eanáir 1922 |
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte | 5 Nollaig 1922 |
Bunaíodh Rialtas Sealadach na hÉireann ('Provisional Government of Ireland') in Eanáir 1922 faoi stiúir Mhíchíl Uí Choileáin. Rialtas idirthréimhseach a bhí ann. Ach ba chéim mhór í seo i dtreo an neamhspleáchais agus bunú Shaorstát Éireann níos déanaí sa bhliain 1922. Tháinig deireadh leis an Rialtas Sealadach ar 5 Nollaig 1922 agus bunaíodh Saorstát Éireann ar 6 Nollaig 1922.
Bunú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar 14 Eanáir, tháinig an sciar de Shinn Féin, a bhí ar son an Chonartha, i gcumhacht agus cuireadh an Rialtais Sealadach le chéile.[2] Bhí Síníodh an Conradh Angla-Éireannach ar an 6 Nollaig 1921, chun teacht i bhfeidhm bliain amháin níos déanaí (ar an 6 Nollaig 1922) agus rialtas idirthréimhseach a bheith ann idir an dá linn.
Ar 7 Eanáir 1922, glacadh leis an gConradh Angla-Éireannach sa Dáil, ar son 64, in aghaidh 57, tar éis mí tréandíospóireachta, agus roinnt babhtálacha teasaí le linn na ndíospóireachtaí,
Ar 9 Eanáir, sheas Eamon de Valera síos mar “Uachtarán ar an Phoblacht” (leigh an méid a dúirt sé sa Dail ar an lá sin anseo[1]).
Ar 10 Eanáir, toghadh Art Ó Gríofa mar “phríomh-aire” ar Dháil Éireann.
Ar 14 Eanáir, tháinig an sciar de Shinn Féin, a bhí ar son an Chonartha, i gcumhacht agus cuireadh an Rialtais Sealadach le chéile.[2] Bhí Mícheál Ó Coileáin ina Chathaoirleach agus ina Aire Airgeadais araon sa Rialtas nua.
16 Eanáir 1922ː an t-aistriú cumhachta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 16 Eanáir 1922 ag 1.45 i.n., thug Fear Ionaid Dheireanaigh an Rí in Éirinn cumhacht agus Caisleán Bhaile Átha Cliath féin don Rialtas Sealadach nua go foirmiúil.[3] Tháinig deireadh le riarachán na Breataine. Bhailigh Michael Collins ansin eochracha Chaisleán BhÁC agus ghlac arm na hÉireann seilbh fhoirmiúil ar an gCaisleán. Níor mhair an searmanas ach 45 nóiméad.[4]
Ba shiombail de chumhacht na Breataine in Éirinn é an Caisleán ar feadh beagnach 700 bliain agus ba imeacht ríthábhachtach agus siombalach é aistriú an Chaisleáin chuig fórsaí an Stáit nua.
An mhí dár gcionn, thosaigh na focail “Rialtas Sealadach na hÉireann 1922” a bheith clóite ar stampaí poist de chuid na Breataine.
Nollaig 1922
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig deireadh leis an rialtas idirthréimhseach ar 5 Nollaig 1922 agus bunaíodh Saorstát Éireann ar 6 Nollaig 1922, i ndiaidh shíniú an Chonartha Angla-Éireannaigh. Síníodh an Conradh ar an 6 Nollaig 1921 agus tháinig sé i bhfeidhm bliain amháin níos déanaí, ar an 6 Nollaig 1922.
Mhúnlaigh an t-aistriú cumhachta seo agus imeachtaí 1922 ina dhiaidh sin tírdhreach polaitiúil an Stáit ar bhealach suntasach.[4] Tháinig Cogadh na gCarad a thosaigh tamaill ina dhiaidh sin salach ar an imeacht seo i gcuimhne an phobail.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Léitheoireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ‘Ireland 1922: Independence, partition, civil war,’ curtha in eagar ag Darragh Gannon agus Fearghal McGarry, ina insítear scéal bliain 1922.
- ‘The Handover: Dublin Castle and the British withdrawal from Ireland, 1922’, le John Gibney agus Kate O’Malley ó Acadamh Ríoga na hÉireann.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Ar 9 Ean 1922, mhaigh De Valera nach mbeadh "fratricidal strife" (fionaíolach) ann & choinneodh sé an IRA ar iall ghearr (2022-01-12). "Find a Debate – Houses of the Oireachtas" (en-ie). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2022-01-13.
- ↑ COBÁC (ucd.ie) (2013). "DEICH mBLIANA na gCUIMHNEACHÁN". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ https://www.youtube.com/watch?v=FrLzAQa4EvE&t=36s+(16 Eanáir 1922). "Dublin Castle" (en-GB). www.britishpathe.com. Dáta rochtana: 2022-01-13.
- ↑ 4.0 4.1 "Cuireann an tAire Martin fáilte roimh imeachtaí chun comóradh a dhéanamh ar chéad bliain ó tugadh Caisleán Bhaile Átha Cliath do Rialtas Sealadach na hÉireann" (ga). www.gov.ie. Dáta rochtana: 2022-01-13.