Caisleán Bhaile Átha Cliath

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Caisleán Bhaile Átha Cliath.

Foirgneamh stairiúil i mBaile Átha Cliath, Poblacht na hÉireann é Caisleán Bhaile Átha Cliath.

Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tógadh an Caisleán faoi údarás Rí Shasana Seán sa bhliain 1204 mar ionad riaracháin agus mar stóras do chiste an Stáit.

Sa chéad chaisleán bhí ceithre thúr agus bhí croth dronuilleogach air sa bhliain 1684. Ach loiteach an chuid is mó den fhoirgneamh sin in ndóiteán sa bhliain sin--níl ach túr amháin fágtha.

Tógadh an chuid is mó den chaisleáin sa lá atá inniu ann san 18ú haois. Is anseo a bhí cónaí ar an Leasrí, ba é sin ionadaí Rí Shasana in Éirinn, go dtí 1782, nuair a thógadh áit chónaithe nua i bPáirc an Fhionnuisce, (Áras an Uachtaráin). Bhí údarás na Bhreataine in Éirinn suite ann suas go dtí 1922, agus b'é san áit seo a bhí ceanncheathrú na Sasanaigh agus iad ag troid i gcoinne na hÉireannaigh sa Chogadh Angla-Éireannach idir 1919 agus 1921.

An séipéal

Ar an 16 Eanáir 1922, bunaíodh rialtas sealadach na hÉireann: tháinig deireadh le riarachán na Breataine ag Caisleán Bhaile Átha Cliath ag searmanas foirmiúil seachadta.

Nuair a tháinig Saorstát Éireann i bhfeidhm sa bhliain 1922, níor úsáideadh an caisleán i gcúrsaí rialtais as seo amach. Úsáidtear é sa lá atá inniu i dturasóireacht agus tionóltar cruinnithe anseo an t-am ar fad. Tá Oifig na Coimisinéirí Ioncaim lonnaithe ann freisin.

Sa bhliain 1986 rinneadh tocailt in gcúinne an chaisleáin mar go raibh uisce faoi thalamh ag teach isteach ó abhainn atá clúdaithe anois--an Poddle. Bhí sé ag déanamh dochar do bhun an fhoirgneamh. Is ansin a fuarthas Túr an Phúdar Gunna, tógtha sa bhliain 1226, agus sean-bhalla Lochlannach ón bhliain 933.

Dublin Castle o02.jpg

Údar[athraigh | athraigh vicithéacs]

  • Peter Costello: Dublin Castle, in the life of the Irish nation (as Béarla). Baile Átha Cliath: Wolfhound Press 1999, ISBN 0-86327-610-5
  • Rialtas Éireann: Dublin Castle: at the heart of Irish history (as Béarla). Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair 2004, ISBN 0-77557-1975-1

Naisc sheachtracha[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]