Seosamh Pluincéad
Seosamh Pluincéad | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | Baile Átha Cliath, 21 Samhain 1887 |
Náisiúntacht | Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann |
Bás | Príosún Chill Mhaighneann, 4 Bealtaine 1916 |
Áit adhlactha | Reilig Mhíleata Chnoc an Arbhair |
Cúis bháis | (tráma balaistíoch) |
Muintir | |
Athair | An Cunta Pluincéad |
Siblíní | |
Oideachas | |
Alma mater | Stonyhurst College (en) ![]() |
Teangacha | Esperanto |
Gairm | |
Gairm | file, Easparantóir, iriseoir agus polaiteoir |
Ballraíocht | Bráithreachas na Poblachta |
Seirbhís mhíleata | |
Throid sé/sí ag | Éirí Amach na Cásca |
Cleamhnú | |
Reiligiúin | Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
File agus náisiúnaí Éireannach a bhí páirteach in Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916 ba ea Seosamh Máire Pluincéad (21 Samhain, 1887 – 4 Bealtaine, 1916), nó Joseph Mary Plunkett mar a thugtaí air as Béarla. Mac le George Noble Plunkett (an Cunta Pluincéad) ba ea é, a bhí gníomhach sa ghluaiseacht níos déanaí.
Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rugadh agus tógadh Seosamh Pluincéad i mBaile Átha Cliath, ach chaith sé tamall freisin ag taisteal i dtuaisceart na hAfraice agus timpeall na Meánmhara. Bhí an-suim aige in oidhreacht agus i gcultúr na hÉireann, agus sa Ghaeilge go háirithe. Bhí sé ar dhuine den bheirt cheannairí in Éirí Amach 1916 a raibh Esperanto, an teanga idirnáisiúnta, acu. Chuaigh sé i gConradh na Gaeilge, áit ar bhuail sé le Tomás Mac Donnchadha, file óg eile, agus mhair an cairdeas a bhí eatarthu go dtí deireadh a saolta.
Chuaigh Pluincéad isteach i mBráithreachas na Poblachta sa bhliain 1915, agus seoladh é go dtí an Ghearmáin chun cabhair a thabhairt do Ruairí Mac Easmainn a bhí ag iarraidh tacaíocht Ghearmánach a fháil chun éirí amach a chur ar siúl in Éirinn.
Éirí amach na Cásca[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ba é Pluincéad a chruthaigh beartaíocht na réabhlóidithe le haghaidh an éirí amach, agus bhí sé i measc na gceannairí a shínigh Forógra na Poblachta an 24 Aibreán. Thit sé tinn cúpla lá roimh an éirí amach, ach d'fhág sé a leaba chun páirt a ghlacadh san eachtra. Bhí sé le fáil in Ard-Oifig an Phoist, in éineacht le Pádraic Mac Piarais agus Tomás Ó Cléirigh. Ba é Micheál Ó Coileáin an aide de camp óg a bhí aige. Mar gheall ar an tinneas a bhí air, ní raibh Pluincéad in ann mórán a dhéanamh i rith na seachtaine.
Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ghéill na ceannaircaigh ar 29 Aibreán agus cuireadh Pluincéad i bPríosún Cill Mhaighneann. Daoradh chun báis é. Phós sé a ghrá geal Grace Gifford sa phríosún, cúpla uair an chloig sular lámhachadh é. Ocht mbliana is fiche d'aois a bhí sí.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |