Tomás Ceannt
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 29 Lúnasa 1865 Caisleán Ó Liatháin |
Bás | 9 Bealtaine 1916 50 bliana d'aois Dún Uí Choileáin |
Siocair bháis | Pionós an bháis (Tráma balaistíoch) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | réabhlóidí |
Gairm mhíleata | |
Géillsine | Óglaigh na hÉireann |
Coinbhleacht | Éirí Amach na Cásca |
Eile | |
Ciontaíodh i | dúnmharú |
Ba náisiúnaí Éireannach ó Chontae Chorcaí é Tomás Ceannt (29 Lúnasa 1865 – 9 Bealtaine 1916), nó Thomas Kent as Béarla, a cuireadh chun báis i ndiaidh troid gunnaí le Constáblacht Ríoga na hÉireann ar an 2u Bealtaine 1916, díreach i ndiaidh Éirí Amach na Cásca 1916.[1]
Tús a shaoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Ceannt i dTeach an Bháin Aird, Caisleán Ó Liatháin, in aice le Mainistir Fhear Maí, Contae Chorcaí. Duine de sheachtar mhac agus beirt iníon le David Kent ba ea é, a raibh feirm 200 acra aige, agus a bhean Mary Rice.[2]
Fuair Tomás a chuid oideachais ar an scoil náisiúnta áitiúil, go dtí go raibh sé thart ar cheithre bliana déag nó cúig bliana déag daois is dócha, mar ba ghnáth i gceantair tuaithe ag an am.
Chaith sé cúig bliana i mBostún, áit a doibrigh sé le comhlacht foilsitheoireachta agus fearastú séipéil agus ina raibh sé páirteach in ócáidí cultúrtha Gaelacha, cuid mhór acu a bhí á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge.
Nuair a dfhill sé ar an mbaile thart ar 1889 bhí sé páirteach sa Phlean Beartaíochta, gluaiseacht le haghaidh leasú chóras na talún a bhí eagraithe ag baill de Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann, T.C. Harrington agus William O'Brien ach go háirithe.
Mar gheall go raibh sé bainteach leis seo, chaith sé dhá mhí i mbun oibre déine taobh istigh de Phríosún Chorcaí, agus é tar éis a bheith faighte ciontaithe as comhcheilg chun íocaíocht cíosa a sheachaint. Ciontaíodh a dheartháir Liam i gcoir eile roimhe sin agus chaith seisean sé mhí i bpríosún.[2]
Chuir sin ar shláinte Tomás agus nuair a tháinig deireadh le ré Parnell in 1891, stad sé ó bheith páirteach i ngníomhaíochtaí polaitiúla. Ina áit sin chaith sé a chuid ama saor i gConradh na Gaeilge chun ceol agus damhsa traidisiúnta a chur chun cinn.
D'eagraigh na deartháireacha Kent brainse d'Óglaigh na hÉireann in 1914 ag Caisleán Ó Liatháin. Dúradh gurbh é an chéad bhrainse ólséantach sa tír riamh.
Bhí Tomás tiomnaithe go hiomlán do na hÓglaigh, agus thaistil sé achar fada uaireanta le haghaidh ócáidí speisialta; bhí sé i láthair ag óráid mór le rá de chuid an Phiarsaigh ag sochraid Jeremiah ODonovan Rossa i mBaile Átha Cliath mí Lúnasa 1915, cuir i gcás.[2]
Éirí Amach na Cásca
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí na deartháireacha Kent faoi amhras ag Constáblacht Ríoga na hÉireann le fada an lá, a thug ruathar faoina dteach ag cuartú airm i dtosach 1916. Mar gheall air sin, chaith Tomás dhá mhí taobh istigh de Phríosún Chorcaí de bharr sheilbh arm.
Nuair a chuala deartháireacha Kent trácht ar an Éirí Amach na Cásca, d'fhan siad ón mbaile agus iad ag súil le horduithe slógaidh. Ach nuair a d'fhreasordaigh Eoin Mac Néill an ordú slógadh, d'fhill siad abhaile, oíche 1ú Bealtaine.
Chuaigh an Éirí Amach ar aghaidh i mBaile Átha Cliath ar aon nós, agus cuireadh Constáblacht Ríoga na hÉireann amach chun baill de Bhráithreachas Poblacht na hÉireann, Sinn Féin agus Óglaigh na hÉireann a gabhadh.
Faoin am sin bhí baill d'Óglaigh na hÉireann á thiomsú ag an RIC agus bhí siad ar achan taobh den teach an mhaidin dár gcionn. Nuair a rinneadh ionsaí ar áras na Ceannt, chuir Tomás agus a dheartháir, Risteard, Daithí agus Liam in aghaidh na saighdiúirí. Tá neart tuairiscí faoi céard a thit amach ina dhiaidh sin; ar aon chaoi bhí cath gunnaí ann, a mhair ar feadh ceithre uair an chloig. agus lena linn scaoileadh marbh an Príomhchonstábla William C. Rowe. Gabhadh Tomás agus Liam Kent; gortaíodh Dáithí.[2]
Ar deireadh bhí ar na Ceannt géilleadh, cé go ndearna Risteard iarracht rith agus gortaíodh go marfach é.
Triail agus Bású
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuireadh Tomás agus Liam os comhair chúirt airm ag Beairic Choinneála Chorcaí.[3] Fuarthas neamhchiontach Liam, ach daoradh Tomás chun báis. Cuireadh Tomás chun bás os comhair scuad lámhaigh ar an 9ú Bealtaine 1916 i gCorcaigh.
Cuireadh cúirt ar Dhaithí Ceannt nuair a tháinig sé chuige féin ó na gortuithe; tógadh é go mBaile Átha Cliath, áit a chúidíodh é ar an gcion céanna, fuarthas ciontach é agus cuireadh chun báis é, ach laghdaíodh an breithiúnas báis go bpianseirbhís cúig bliana.[2]
Ach amháin i gcás, Ruairí Mac Easmainn, ba é Tomás Ceannt an t-aon duine curtha chun báis taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath de bharr a pháirt san Éirí Amach.
Ní raibh Tomás pósta riamh.
Sochraid Stáit
[cuir in eagar | athraigh foinse]Go luath sa bhliain 2015, rinne an Taoiseach Éanna Ó Coinnigh tairiscint sochraid stát ar clann na Ceannt, agus ghlac siad leis. Athnochtadh corp Ceannt ó Phriosún Corcaigh i mí an Mheitheamh 2015 i ndiaidh dó a bheith curtha ar feadh 99 bliain.
Bhí an sochraid ann ar an 18ú Meán Fómhair 2015 i Séipéal Naomh Nioclás i gCaisleán Ó Liatháin. Luigh an corp faoi ghradam stáit i nDún Uí Choileáin i gCorcaigh an lá roimhe. D'fhreastail an tUachtarán Mícheál D. Ó hUiginn ar an aifreann éagnairce, agus rinne Éanna Ó Coinnigh an óraid cois uaighe.
Cuimhneacháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an stáisiún traenach i gcathair Chorcaí, Stáisiún Cheannt, ainmnithe in ómós dó.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Eoin Ó hAnnracháin (2017-05-09). "Thomas Kent - 1916 Rebel Teaser Trailer".
- ↑ 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 Thomas Kent (2016). "National Library of Ireland - 1916 Exhibition". www.nli.ie. Dáta rochtana: 2021-05-09.
- ↑ Cuireadh é i bPríosún Chorcaí, ar chúl Dún Uí Choileáin, Corcaigh (ar a dtugtaí Beairic Victoria tráth).