Cathal Brugha
Réabhlóidí Éireannach agus polaiteoir as Baile Átha Cliath ab ea Cathal Brugha (Charles William St John Burgess; 18 Iúil 1874 - 7 Iúil 1922), a ghlac páirt in Éirí Amach na Cásca, i gCogadh na Saoirse agus i gCogadh Cathartha.[1] Bhí sé ina Cheann Comhairle ag an gcéad chruinniú de Dháil Éireann agus ina Phríomh-Aire sealadach freisin go dtí gur toghadh de Valera.[2]
Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rugadh i mBaile Átha Cliath do thuismitheoirí measctha é, duine acu ina Chaitliceach Éireannach agus an duine eile ina Phrotastúnach Sasanach. Eisean an deichiú as ceathrar déag sa chlann. Chuaigh sé ar scoil ar Choláiste Belvedere, ach bhí air an coláiste a fhágáil, toisc gur theip ar ghnó a athara. Fuair sé post níos déanaí mar chléireach i gcomhlacht a bhí ag soláthar earraí eaglaise.
Sa bhliain 1899 chuaigh sé i gConradh na Gaeilge, agus sa bhliain 1913, bronnadh céim leifteanant air in Óglaigh na hÉireann. I rith Éirí Amach na Cásca, bhí sé ar an dara duine ba mhó cumhachta san aonad a bhí faoin gCeannfort Éamonn Ceannt. Gortaíodh go tromchúiseach é i rith na troda, nó ghoin pléascán láimhe agus cith piléar é. Bhí sé chomh dona is gur ceapadh nach dtiocfadh sé as ar aon nós.
An Chéad Dáil[cuir in eagar | athraigh foinse]
I nDeireadh Fómhair sa bhliain 1917, rinneadh Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann de, post a bhí aige go dtí Márta sa bhliain 1919. Sa bhliain 1918, vótáladh isteach i nDáil Éireann é, agus é ina Theachta Dála do dháilcheantar Phort Láirge. Rinneadh Aire Cosanta de ar an rialtas nua. Toisc nach raibh Éamon de Valera ná Art Ó Gríofa i láthair, bhí sé ina Phríomh-Aire ar Dháil Éireann ag chéad chruinniú na Dála ar an 21 Eanáir sa bhliain 1919.
Brugha agus Ó Coileáin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí an-chol aige le Mícheál Ó Coileáin. Bhí an Coileánach i gceannas ar an Rannóg Faisnéise in Óglaigh na hÉireann, ach bhí níos mó tionchair aige ar na cúrsaí cosanta, toisc go raibh sé ina bhall tábhachtach i mBráithreachas na Poblachta.
Cheap an Brughach go raibh an Coileánach agus an tIRB ag tolladh faoina údarás, agus go raibh an iomarca airde ag na meán chumarsáide ar an gCoileánach. Nuair a tháinig ceannasaithe na nÓglach le chéile i Mí Lúnasa sa bhliain 1920, bhí an Brughach ag áitiú ar na hÓglaigh nár chóir dóibh na saighdiúirí Gallda a ionsaí ón luíochán, mura mbeadh d'áiméar acu iad féin a ghéilleadh. Ach ní raibh lucht ceannais na mbriogáidí ar aon bharúil leis, nó dúirt siad nach raibh an chomhairle seo réadúil ná réasúnta.
Chomhairligh an Brughach freisin na Gaill a ionsaí i Sasana féin, ach níor thaitin an smaoineamh seo leis an gCoileánach.
Cogadh Cathartha na hÉireann[cuir in eagar | athraigh foinse]
Sa bhliain 1922, chaith sé a vóta i gcoinne an Chonartha, agus cuireadh Risteard Ó Maolchatha ina áit mar Aire Cosanta. Maraíodh sna Ceithre Chúirteanna é i rith an Chogaidh Chathartha.
Bhí teach na gcúirteanna á scriosadh agus ba léir go raibh na daoine taobh istigh díobh ag cailleadh an chluiche.
Ar 5 Iúil 1922, goineadh é tar éis ionsaí ar Óstán Hammam i Sráid Uí Chonaill. An t-urchar a bhuail é, bhris sé artaire sa leis aige, agus b'é an cur fola ba thrúig bháis dó. D’éag sé ar 7 Iúil in Ospidéal an Mater.[3] Bhí aon lá déag ag teastáil uaidh le hocht mbliana is dhá scór a shlánú.
Teaghlach[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ba Theachta Dála í a bhean Caitlín Brugha le Sinn Féin, a chaith na blianta idir 1923 agus 1927 sa Dáil.
Bhí mac acu, Ruairí Brugha, a chuaigh leis an bpolaitíocht ina dhiaidh sin, agus é ina Theachta Dála, ina theachta i bParlaimint na hEorpa agus ina Sheanadóir d'Fhianna Fáil sna 1970idí agus sna 1980idí. Fuair Ruairí bás sa bhliain 2006.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "BRUGHA, Cathal (1874–1922)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2019-07-07.
- ↑ "Cathal Brugha: A very complex patriot" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-07-07.
- ↑ James Quinn. "Brugha, Cathal". Dáta rochtana: 2020.
Éirí Amach na Cásca |
||
Daoine a shínigh Forógra na Poblachta (curtha chun báis) |
||
Pádraig Mac Piarais | Tomás Ó Cléirigh | Tomás Mac Donnchadha | Seosamh Pluincéad | Éamonn Ceannt | Seán Mac Diarmada | Séamas Ó Conghaile | ||
Daoine eile a cuireadh chun báis |
||
Éamonn Ó Dálaigh | Liam Mac Piarais | Mícheál Ó hAnnracháin | Seán Mac Giolla Bhríde | Mícheál Ó Mulláin | Conchur Ó Colbaird | Seán Heuston | Tomás Ceannt | Ruairí Mac Easmainn | ||
Éireannaigh mór le rá eile |
||
Éamon de Valera | Constance Markiewicz | Mícheál Seosamh Ó Rathaille | Eoin Mac Néill | Éamonn Bulfin | Cathal Brugha | Risteard Ó Maolchatha | Liam Ó Maoilíosa | Seán Mac an tSaoi | Tomás Mac Curtain | Tomás Ághas | Máirtín Sabhaois | Proinsias Mac Síthigh-Sceimhealtún | Helena Ní Maolomhnaigh |
- Daoine a rugadh i 1874
- Básanna i 1922
- Baill d'Óglaigh na hÉireann (1917-1922)
- Baill d'Óglaigh na hÉireann (1922–1969)
- Baill de BPÉ
- Baill den 1ú Dáil
- Baill den 2ú Dáil
- Baill den 3ú Dáil
- Baill Shinn Féin
- Daoine a cuireadh i Reilig Ghlas Naíon
- Daoine as Baile Átha Cliath
- Feisirí de Pharlaimint na Ríochta Aontaithe
- Fir