Mícheál Ó Máirtín
Polaiteoir de chuid Fhianna Fáil is ea Mícheál Ó Máirtín nó Micheál Martin (a rugadh ar an 1 Lúnasa 1960). Toghadh mar cheannaire an pháirtí ar an 26 Eanáir 2011.[1] Ceapadh é ina Thaoiseach don chéad uair ar an 27 Meitheamh 2020.



Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thosaigh sé ag obair sna 1980idí mar mhúinteoir i gColáiste na Toirbhirte i gcathair Chorcaí,[2] In 1985, toghadh é chun na Comhairle Cathrach Chorcaí, ag éirí ina Ardmhéara in 1992.
Phós Mary O'Shea sa bhliain 1990; bhí cúigear clainne orthu ach bhásaigh beirt. Bhuail Siondróm bás tobann naíonáin a mhac Ruairí in 2000. Bhí anchuma chairdiach ó bhroinn ar Léana, a bhásaigh in 2010 (7 mbliain d'aois).
D'éirigh leis a bheith tofa chun na Dála den chéad uair in olltoghchán 1989.
2000idí
Ceapadh Micheál Martin ina aire sinsearach rialtais ceithre huaire le linn d'Fhianna Fáil a bheith i réim ó 1997 go dtí 2011.
Is é an cháil is mó atá air sna 2000idí ná gurbh é an tAire Sláinte a thug isteach an cosc iomlán ar chaitheamh tobac in áiteanna oibre in Éirinn sa bhliain 2004. Bhí an-rath ar an gcosc seo agus bhí Éire ar cheann de na chéad tíortha ar domhan a chuir an polasaí seo i bhfeidhm.
2010idí
Bhí an seans ann nuair a roghnaíodh Micheál Martin mar cheannaire ar an bpáirtí in 2011 go mbeadh sé ar an gcéad cheannaire ar an bpáirtí nach mbeadh ina Thaoiseach go brách. Bhí Fianna Fáil taobh le fiche suíochán tar éis an olltoghcháin sin agus obair mhór le déanamh ag Micheál Martin leis an bpáirtí a tharrtháil.
2020idí
Ceapadh é ina Thaoiseach don chéad uair ar an 27 Meitheamh 2020,
Ceapadh Leo Varadkar ina Thaoiseach don dara huair ar 17 Nollaig 2022, Tháinig sé i gcomharbacht ar Mhicheál Martin mar chuid den socrú rialtais, 2020, idir Fine Gael agus Fianna Fáil.[3][4] Ar an lá céanna, ceapadh Micheál Martin mar Thánaiste, Aire Cosanta agus Aire Gnóthaí Eachtracha,[5]
In 2024 d'éirigh Fianna Fáil an páirtí is mó sa Dáil agus sa Seanad agus sa rialtas áitiúil. Bhí go leor dá bhuíochas sin ag dul do Mhicheál Martin as an obair a ghlac sé air féin in 2011 leis an bpáirtí a thógáil as an nua.[6]

Toghadh Martin mar Thaoiseach don dara uair ar an 23 Eanáir 2025.
Tá cáil an chúraim agus, go minic, na moilleadóireachta ar Martin. Ach in 2025 rinne sé praiseach de thoghchán na huachtaránachta agus roghnú Jim Gavin mar iarrthóir. Ní dheachaigh Martin i gcomhairle leis an bpáirtí parlaiminte go dtí an soicind deiridh. Mar is dual don Chorcaíoch ar feadh a shaoil pholaitiúil, ghlac sé air féin in éineacht le duine nó beirt eile, iarrthóir a lorg agus a roghnú. Cáintear go minic é as gan a bheith in ann cinneadh a dhéanamh – rinne sa gcás sin agus is mó cáineadh dá bharr a bhí air. Mar is iondúil, níor ghéill sé d’aon dream eile, ghlac sé air féin cinntí a dhéanamh agus sheas sé go daingean lena chuid tuairimí féin.[6]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ RTÉ News (2011-01-26). "Martin elected FF leader - As it happened" (as en).
- ↑ Conor Ryan (2011-01-29). "Ready for the long road and long term" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2021-10-06.
- ↑ Anita McSorley, Ferghal Blaney, Sophie Collins, Louise Burne (2022-12-17). "Live updates as Leo Varadkar becomes Taoiseach with largely unchanged Cabinet" (en). Irish Mirror. Dáta rochtana: 2022-12-17.
- ↑ "Leo Varadkar ceaptha ina Thaoiseach den dara huair" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-12-17.
- ↑ Anita McSorley, Ferghal Blaney, Sophie Collins, Louise Burne (2022-12-17). "Live updates as Leo Varadkar becomes Taoiseach with largely unchanged Cabinet" (en). Irish Mirror. Dáta rochtana: 2022-12-17.
- 1 2 Máirín Ní Ghadhra (30 Eanáir 2026). "15 bliain de Mhicheál Martin – an ceannaire a tharrtháil Fianna Fáil faoi bhrú" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-01-30.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Suíomh gréasáin oifigiúil Curtha i gcartlann 2007-01-07 ar an Wayback Machine
- Stair thoghchánaíochta Mhíchíl Uí Mháirtín Curtha i gcartlann 2011-02-21 ar an Wayback Machine
- Daoine a rugadh i 1960
- Daoine beo
- Airí Rialtais na hÉireann
- Alumni Choláiste na hOllscoile, Corcaigh
- Baill den 26ú Dáil
- Baill den 27ú Dáil
- Baill den 28ú Dáil
- Baill den 29ú Dáil
- Baill den 30ú Dáil
- Baill den 31ú Dáil
- Baill den 32ú Dáil
- Baill den 33ú Dáil
- Baill den 34ú Dáil
- Ceannairí Fhianna Fáil
- Comhairleoirí Áitiúla
- Daoine as Contae Chorcaí
- Fir
- Méaraí Éireannacha
- Múinteoirí Éireannacha
- Tánaistí na hÉireann
- Taoisigh na hÉireann
- Corcaigh Theas-Lár (Dáilcheantar)
- Polaiteoirí as Contae Chorcaí