Simon Harris
Is polaiteoir Éireannach agus Teachta Dála do Chill Mhantáin é Simon Harris (a rugadh ar an 17 Deireadh Fómhair 1986).[1][2] Síomón Ó hEarchaí a thugtar air as Gaeilge.
Is iar-aire sláinte é Harris agus tá sé ina Aire Breisoideachais agus Ardoideachais faoi láthair.[3][4] Is minic an tAire Ardoideachais á cháineadh le roinnt míonna faoina mheon agus meon a Roinne i leith na Gaeilge.[5] Is é ceannaire Fhine Gael é agus toghfar ina Thaoiseach é i gcomharbacht ar Leo Varadkar.
Teachta Dála
[cuir in eagar | athraigh foinse]Toghadh Harris chun na Dála sa bhliain 2011 don chéad uair, le 11% de na vótaí céad rogha.[6][7] Sheas sé san Olltoghchán 2016 agus toghadh é le 16% de na vótaí céad rogha.
Aire Ardoideachais
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mí Lúnasa 2023, sheol Harris Plean Printíseachta na Seirbhíse Poiblí; sa phlean, leagadh amach réimsí éagsúla ina dtiocfaidh méadú ar líon na gclárúchán printíseachta sa tseirbhís phoiblí agus in údaráis áitiúla.[8]
Léirigh Harris tacaíocht d’ollscoil i nDoire, togra a bhfuil dúil mhór ann taobh thiar den Bhanna.[9]
Conspóid
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nuair a foilsíodh in 2021 ceannteidil an bhille, Bille an Údaráis um Ard-Oideachas, 2022, rinneadh cáineadh láidir ar Harris, an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais ag an am, toisc nach raibh tagairt ar bith don Ghaeilge iontu. Mhol Harris go mbainfí tagairt láidir do "chosaint na Gaeilge" ó acht agus go gcuirfí tagairt ghinearálta do "chúrsaí cultúrtha" ina háit.[10] Ach rinneadh cáineadh láidir ar Harris. Deirtear anois sa Bhille go bhfuil sé mar chuspóir ag an Údarás tacú leis na hinstitiúidí tríú leibhéal atá faoina chúram an Ghaeilge a úsáid agus a chur chun cinn. Dúirt Harris ag an am go raibh “réimse leathan” cúrsaí ar fáil i nGaeilge agus dóthain acu ann chun freastal ar aon éileamh breise ar Ghaeilgeoirí a bheadh ann amach anseo de thoradh an Bhille Teanga.[11][12]
Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dúirt Harris sa bhliain 2022 go raibh sé ag iarraidh níos mó Gaeilge a labhairt ach, cosúil le go leor eile, nach bhfuil an mhuinín aige, agus go raibh i gceist aige tabhairt faoi ranganna Gaeilge.[5]
Pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'fhreastail Harris ar an Institiúid Teicneolaíochta Átha Cliath agus d'éirigh sé as a chúrsa sa chéad bhliain agus chuaigh sé ag obair le Frances Fitzgerald.[13]
Phós Harris Caoimhe Wade in 2017. Tá beirt clainne orthu.
Tá Galar Crohn ar Harris.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Cosán glan ag Simon Harris do cheannaireacht Fhine Gael" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-03-21). Dáta rochtana: 2024-03-21.
- ↑ "Simon Harris deimhnithe ina iarrthóir do cheannaireacht FG" (as ga) (2024-03-21).
- ↑ ExtraG (2024-03-20). "Tar éis Leo, cé a bheidh mar chéad Taoiseach eile againn?" (ga-IE). Dáta rochtana: 2024-03-21.
- ↑ Bhí sé ina aire dhlí agus cirt sealadach nuair a bhí a chomhghleacaí Helen McEntee ar saoire mháithreachais
- ↑ 5.0 5.1 "An tAire Ardoideachais le tabhairt faoi ranganna chun a chuid Gaeilge a fheabhsú" (ga-IE). Tuairisc.ie (2022-04-06). Dáta rochtana: 2024-03-21.
- ↑ "Simon (24) continues proud FG tradition of Young Turks" (en). Irish Independent (2011-02-28). Dáta rochtana: 2024-03-21.
- ↑ "ElectionsIreland.org: 31st Dáil - Wicklow First Preference Votes". electionsireland.org. Dáta rochtana: 2024-03-21.
- ↑ publicjobs.ie (2023). "Meafódar líon na bprintíseachtaí faoi dhó go dtí 750 roimh 2025 faoi Phlean Printíseachta na Seirbhíse Poiblí". Dáta rochtana: 2024.
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (24 Márta 2024). "Beidh gá le fuinneamh ón Taoiseach nua, ar an dá thaobh den teorainn" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-24.
- ↑ "‘An é atá á rá ag an Aire Harris nach bhfuil fás na Gaeilge ina aidhm náisiúnta a thuilleadh?’" (ga-IE). Tuairisc.ie (2021-07-14). Dáta rochtana: 2024-03-21.
- ↑ "Athrú poirt ag Harris agus tagairt don Ghaeilge curtha i mbille oideachais nua" (ga-IE). Tuairisc.ie (2022-01-11). Dáta rochtana: 2024-03-21.
- ↑ "Teachtaí Dála ag iarraidh go dtabharfaí cosaint níos mó don Ghaeilge i reachtaíocht nua oideachais" (ga-IE). Tuairisc.ie (2022-02-01). Dáta rochtana: 2024-03-21.
- ↑ "Simon Harris as Minister for Health: the challenge awaits" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2024-03-21.