Phil Hogan
Is polaiteoir Éireannaché Phil Hogan, as Cill Chainnigh ó dhúchas. Tá sé ina bhall d'Fhine Gael.
Aire rialtas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Hogan ina Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil ó 2011 go dtí 2014.[1] D’fhógair an t-aire sa bhliain 2013 go gcuirfí tús le lonnú méadar uisce taobh amuigh de thithe in 2013, agus go ngearrfaí táillí ó 2014.[2]
Theip go dona ar a phlean. Dúirt Hogan i 2014 nár thuigeadar cé chomh goilliúnach gortaithe a bhí daoine faoi chiorruithe agus táillí uisce agus maoine agus ciorruithe eile déine.[3]

Coimisinéir Eorpach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Hogan ina Choimisinéir Eorpach um Talmhaíocht agus Forbairt Tuaithe idir 2014 agus 2019, faoi stiúir Jean-Claude Juncker.[4]
Sa bhliain 2019, ceapadh mar Choimisinéir Trádála é faoi stiúir Ursula von der Leyen.

An bhliain dár gcionn, bhí Hogan éirithe as a phost mar Choimisinéir Trádála an Aontais Eorpaigh mar gheall ar an gconspóid faoin gcuairt a thug sé ar Éirinn i Lúnasa 2020[5]. Dúradh gur sháraigh sé treoirlínte Covid-19 an Rialtais nuair a bhí sé in Éirinn.
Eile
[cuir in eagar | athraigh foinse]In 2026, ainmníodh Hogan mar ard-stiúrthóir ar Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe. Ní raibh aon duine as an Eoraip ina ard-stiúrthóir ar an eagraíocht sin le leathchéad bliain, agus ní raibh ann ach ainmniúchán, más ea, agus beidh le feiceáil cé na daoine a mbeidh Phil Hogan san iomaíocht leo. Ní go dtí samhradh 2027 a thoghfar an té atá le teacht in áit QU Dongyu, taidhleoir proifisiúnta as an tSín, atá ina ard-stiúrthóir ó 2019-2027.[6]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Phil Hogan" (ga). An Coimisiún Eorpach (2019-11-11). Dáta rochtana: 2020-08-27.
- ↑ CATHAL MAC COILLE (2017). "ag snámh in aghaidh easa". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ Áine Ní Chiaráin. "Buille na ballóide" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-09-06.
- ↑ "Phil Hogan deimhnithe mar Choimisinéir Talamhaíochta" (as ga) (2014-09-10).
- ↑ Nuacht RTÉ (2020-08-26). "Phil Hogan éirithe as mar Choimisinéir Trádála" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2026-03-03). "Phil Hogan ainmnithe do phost sinsearach bia agus talmhaíochta" (as ga-IE).
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |