Brian Stanley
(2013) | |
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 12 Eanáir 1961 65 bliana d'aois Buiríos Mór Osraí, Éire |
| 29 Samhain 2024 – Téarma parlaiminte: An 34ú Dáil Toghcheantar: Laois Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 2024 | |
| 13 Deireadh Fómhair 2024 – 8 Samhain 2024 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 33ú Dáil Toghcheantar: Laois-Uíbh Fhailí | |
| 8 Feabhra 2020 – 12 Deireadh Fómhair 2024 (an páirtí a fhágáil) Téarma parlaiminte: 33ú Dáil Toghcheantar: Laois-Uíbh Fhailí Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 2020 | |
| 10 Márta 2016 – 14 Eanáir 2020 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 32ú Dáil Toghcheantar: Laois Toghadh i: Olltoghchán 2016 in Éirinn | |
| 9 Márta 2011 – 3 Feabhra 2016 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 31ú Dáil Toghcheantar: Laois-Uíbh Fhailí Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann 2011 | |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | polaiteoir |
| Ball de pháirtí polaitíochta | Sinn Féin (–2024) |
Is Teachta Dála do Laois (nó Laois-Uíbh Fhailí) é Brian Stanley (Gaeilge: Brian de Stainléigh) (a rugadh ar an 12 Eanáir 1961). Bhí sé ina bhall de Sinn Féin go dtí 2024.
Bhí Brian Stanley ina Theachta Dála ar son Shinn Féin i ndáilcheantar Laoise/Laois-Uíbh Fhailí ó 2011 go dtí 2024. Bhí sé ina chathaoirleach ar an gCoiste um Chuntais Phoiblí idir 2020-2024.
Ceapadh é ina chathaoirleach ar Choiste na gCuntas Poiblí, cúram a láimhseáil sé go stuama dar le roinnt, nuair a bhí an fiosrúchán ar bun faoi chúrsaí airgeadais in RTÉ.[1]
Sheas Stanley mar neamhspleách in Olltogchán 2024.

Conspóid
[cuir in eagar | athraigh foinse]D’éirigh Brian Stanley as Sinn Féin ar an 12 Deireadh Fómhair 2024, rud a a tharraing conspóid ollmhór. Cuireadh “mí-iompar tromchúiseach” i leith Stanley, dar le Mary Lou McDonald.[2] Ach bhí sé ráite ag Stanley gur gheall le sórt “cúirt bhradach” a bhí i bhfiosrúchán Shinn Féin. Dúirt sé gur cuireadh an gearán ina aghaidh go Sinn Féin ar an 26 Iúil, an lá céanna ar cuireadh tús leis an bpróiseas ainmniúcháin do bhaill ar mhian leo seasamh san olltoghchán.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Donncha Ó hÉallaithe (18 Samhain 2024). "Stanley faoi bhrú i Laois, muintir Cowen imithe in Uíbh Fhailí agus Boxer ar ais san Iarmhí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-18.
- ↑ "'Líomhain in aghaidh Stanley fiosraithe mar ba cheart' – McDonald" (as ga) (2024-10-14).
- ↑ "Ba chóir do Shinn Féin gearán a rinne sé a chur faoi bhráid an Gharda Síochána an mhí seo caite, a deir Stanley" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-10-14). Dáta rochtana: 2024-10-14.