Micheál Ó Nuanáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Michael Noonan)
Infotaula de personaMicheál Ó Nuanáin

(2013) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Michael Noonan
21 Bealtaine 1943
80 bliana d'aois
Luimneach, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Teachta Dála
10 Márta 2016 – 14 Eanáir 2020 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 32ú Dáil

Toghcheantar: Cathair Luimnigh

Teachta Dála
9 Márta 2011 – 3 Feabhra 2016 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 31ú Dáil

Toghcheantar: Cathair Luimnigh

An tAire Airgeadais
9 Márta 2011 – 14 Meitheamh 2017
← Brian Seosamh Ó LuineacháinPaschal Donohoe →
Teachta Dála
14 Meitheamh 2007 – 1 Feabhra 2011 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 30ú Dáil

Toghcheantar: Luimneach Thoir

Teachta Dála
6 Meitheamh 2002 – 26 Aibreán 2007 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 29ú Dáil

Toghcheantar: Luimneach Thoir

Ceannaire Fhine Gael
9 Feabhra 2001 – 5 Meitheamh 2002
← Seán de BriotúnÉanna Ó Coinnigh →
Ceannaire an Fhreasúra
9 Feabhra 2001 – 5 Meitheamh 2002
← Seán de BriotúnÉanna Ó Coinnigh →
Teachta Dála
26 Meitheamh 1997 – 25 Aibreán 2002 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 28ú Dáil

Toghcheantar: Luimneach Thoir

An tAire Sláinte
15 Nollaig 1994 – 26 Meitheamh 1997
← Michael Woods (en) AistrighBrian Ó Comhain →
Teachta Dála
14 Nollaig 1992 – 15 Bealtaine 1997 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 27ú Dáil

Toghcheantar: Luimneach Thoir

Teachta Dála
29 Meitheamh 1989 – 5 Samhain 1992 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 26ú Dáil

Toghcheantar: Luimneach Thoir

Teachta Dála
10 Márta 1987 – 25 Bealtaine 1989 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 25ú Dáil

Toghcheantar: Luimneach Thoir

An tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
20 Eanáir 1987 – 10 Márta 1987
← Risteard Mac An EarraighRay Burke →
An tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta
14 Feabhra 1986 – 10 Márta 1987
← Seán de BriotúnAilbhe Mac Raghnaill →
Teachta Dála
14 Nollaig 1982 – 20 Eanáir 1987 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 24ú Dáil

Toghcheantar: Luimneach Thoir

An tAire Dlí agus Cirt
14 Nollaig 1982 – 14 Feabhra 1986
← Seán Ó DochartaighAiléin de Diúc →
Teachta Dála
9 Márta 1982 – 4 Samhain 1982 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 23ú Dáil

Toghcheantar: Luimneach Thoir

Teachta Dála
30 Meitheamh 1981 – 27 Eanáir 1982 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 22ú Dáil

Toghcheantar: Luimneach Thoir

Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Coláiste Phádraig, Droim Conrach Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, múinteoir, rannpháirtí i bhfóram idirnáisiúnta Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFine Gael Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
17 Eanáir 2017Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2017
20 Eanáir 2016Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2016
22 Eanáir 2014Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2014
Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2013 Cuir in eagar ar Wikidata

Is polaiteoir Éireannach agus iarcheannaire de chuid Fhine Gael é Micheál Ó Nuanáin (Béarla: Michael Noonan) a rugadh ar 21 Bealtaine 1943. Is Teachta Dála é do dháilcheantar Luimnigh Thoir. Ceapadh mar aire é i rialtas Ghearóid Mac Gearailt agus i rialtas Shéain de Briotún.

Rugadh Ó Nuanáin i gcathair Luimnigh agus fuair sé a chuid scolaíochta go háitiúil. Cháiligh sé mar mhúinteoir i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Mhúin sé i Crescent College i Luimneach. Toghadh mar chomhairleoir contae é sa bhliain 1974.

Toghadh mar Theachta Dála é in olltoghchán na bliana 1981 agus atoghadh é i ngach olltoghchán as sin amach. Ceapadh é mar Aire Cirt sa bhliain 1982. Mar aire, chuir sé scéal faoin gcúléisteacht teileafóin mídhleathach a bhí ar siúl ag rialtas Chathail Uí Eochaidh os comhair an phobail. Ceapadh é mar Aire Tionscail, Tráchtála agus Trádála sa bhliain 1986. Tugadh cúraimí na Roinne Fuinnimh dó tar éis do Pháirtí an Lucht Oibre an rialtas a fhágáil. Bhí Fine Gael sa fhreasúra ó 1987 go dtí 1994. Bhí Ó Nuanáin ar an mbinse tosaigh i gcónaí, mar urlabhraí Airgeadais agus mar urlabhraí Iompair, Fuinnimh agus Cumarsáide ina dhiaidh sin.

Bunaíodh an comhrialtas bogha ceatha sa bhliain 1994 sin agus ceapadh Ó Nuanáin mar Aire Sláinte. Bhí conspóid maidir le táirgí fola galracha ann agus é ina Aire Sláinte. Tholg roinnt daoine heipitíteas tar éis dóibh fuilaistrithe a fháil. Ba í Seirbhís Fuilaistriúchán na hÉireann a bhí freagrach as an bhfuil agus lean siad ag soláthar fola nuair a bhí a fhios acu go raibh seans ann gur fuil ghalrach a bhí inti. Cáineadh Ó Nuanáin mar gheall ar an tslí a bhí an Roinn Sláinte ag déileáil leis na hothair a bhí ag lorg cúitimh ón stát. Bhí air leithscéal a ghabháil sa Dáil le muintir mná amháin a fuair bás díreach tar éis cúitimh a fháil.

Bhí Fine Gael ar ais sa fhreasúra tar éis olltoghcháin na bliana 1997. Ceapadh Ó Nuanáin mar urlabhraí airgeadais. Ghlac páirtí parlaiminte Fhine Gael le rún mímhuiníne a thug Ó Nuanáin agus a chomhghleacaí, Jim Mitchell, isteach i gcoinne ceannaire an pháirtí, Seán de Briotún, sa bhliain 2001. Thogh an páirtí Ó Nuanáin mar chomharba ar de Briotún.

Bhí toradh tubaisteach ag Fine Gael in olltoghchán 2002. Níor bhuaigh an páirtí ach 31 shuíochán i gcomparáid le 54 a bhí acu roimh an toghchán. D'éirigh Ó Nuanáin as mar cheannaire an pháirtí ar an lá céanna.

Atoghadh é in olltoghchán 2007. Athcheapadh é mar urlabhraí airgeadais Fhine Gael sa bhliain 2010 tar éis teip ar iarracht Richard Bruton ceannaireacht an pháirtí a bhaint ó Éanna Ó Coinnigh. Ceapadh mar Aire Airgeadais é tar éis olltoghchán 2011 i gcomhrialtas idir Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre. Tá Ó Nuanáin ag seasamh san Olltoghchán 2016.

Phós sé Florence Knightley, bunmhúinteoir ó Chaisleán na Mainge, Ciarraí sa bhliain 1969. Bhí triúr mac agus beirt iníon acu. Labhair Ó Nuanáin ar chlár teilifíse RTÉ sa bhliain 2010 faoina bhean a bhí ag fulaingt le galar Alzheimer. Fuair a bhean, Florence, bás ar an 23ú Feabhra, 2012 le niúmóine.

I mí Bhealtaine 2017, d'fhógair sé go mbeadh sé ag dul ar scor ag an gcéad olltoghchán eile.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]