Mícheál Mac Dubhghaill
Mícheál Mac Dubhghaill | |
![]() | |
Mac Dubhghaill (ar dheis) Bealtaine 2007 | |
17ú Tánaiste
| |
In oifig 13 Meán Fómhair 2006 – 14 Meitheamh 2007 | |
Réamhtheachtaí: | Máire Ní Áirne |
Comharba: | Brian Ó Comhain |
Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí
| |
In oifig 6 Meitheamh 2002 – 14 Meitheamh 2007 | |
Réamhtheachtaí: | Seán Ó Donnchú |
Comharba: | Brian Ó Luineacháin Jr. |
Dáta breithe | 1 Bealtaine 1951 |
Áit bhreithe | Baile Átha Cliath |
Páirtí | An Páirtí Daonlathach |
Is iar-pholaiteoir Éireannach é Mícheál Mac Dubhghaill (Béarla: Michael McDowell) (1 Bealtaine 1951 a rugadh é). Ba Theachta Dála é ar son Bhaile Átha Cliath Thoir Theas. Rinneadh ceannaire den Pháirtí Daonlathach de i 2006, agus ba é an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí ón mbliain 2002 go 2007. Ar 13 Meán Fómhair 2006, d'éirigh sé ina Thánaiste, ach d'éirigh sé as an bpost (agus as an bpolaitíocht go hiomlán) tar éis an olltoghcháin sa bhliain 2007.[1]
Garmhac le hEoin Mac Néill is ea é, an fear léinn a bhí gníomhach le Conradh na Gaeilge agus Óglaigh na hÉireann.
Saol Polaitiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]
Toghadh é chun na Dála an chéad uair sa bhliain 1987. Ach theip air i gcónaí a bheith atofa san olltoghchán ina dhiaidh sin, go dtí gur éirigh sé as an bpolaitíocht sa bhliain 2007. Toghadh é chun na Dála trí huaire (1987, 1992, 2002).[2] Bhí sé ina cheannaire ar an bPáirtí Daonlathach nuair a bualadh go tubaisteach iad in Olltoghchán 2007, agus 75% (6/8) dá suíochán caillte acu, a shuíochán siúd ina measc.
D'fhill sé ar a ghairm bheatha mar abhcóide, tar éis dó éirí as an bpolaitíocht. Tá líofacht na Gaeilge aige.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
- A shuíomh gréasáin mar pholaiteoir
- Stair thoghchánaíochta Mhic Dhubhghaill
- Físeán den achrann sráide poiblí idir John Gormley agus Mac Dubhghaill i Raghnallach, le linn Olltoghchán 2007
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |