Trevor Ó Clochartaigh
(2013) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 14 Márta 1968 56 bliana d'aois Huddersfield, England |
Seanadóir na hÉireann | |
8 Meitheamh 2016 – Téarma parlaiminte: 25ú Seanad Éireann Toghcheantar: An Rolla Talmhaíochta | |
Seanadóir na hÉireann | |
25 Bealtaine 2011 – 9 Feabhra 2016 Téarma parlaiminte: 24ú Seanad Éireann Toghcheantar: An Rolla Talmhaíochta | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil na Gaillimhe |
Teanga dhúchais | an Ghaeilge |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir, léiritheoir teilifíse |
Fostóir | TG4 |
Ball de pháirtí polaitíochta | Sinn Féin |
Teangacha | An Ghaeilge |
Is Seanadóir le Sinn Féin é Trevor Ó Clochartaigh a rugadh ar an 14 Márta 1968. Rugadh agus tógadh é i Huddersfield do thuismitheoirí de bhunú Conamara. Bhain sé céim amach sa ghnó ó choláiste na hollscoile Gaillimh. D'obair sé mar bhainisteoir le Taibhdhearc na Gaillimhe agus mar stiúrthóir ar cláracha cosúil le Ros na Rún. Ar dtús bhí sé ina bhall de Pháirtí an Lucht Oibre ach thréig sé iad agus ghlac sé ballraíocht i Sinn Féin. Níor éirigh leis sna holltoghcháin don Dáil, ach ceapadh é ina Sheanadóir. Bíonn sé an-ghnóthach i gcúrsaí bainteach leis an Ghaeilge agus é le cloisteáil go mion minic san Oireachtas ag troid ar a son.
Sheas Ó Clochartaigh san Olltoghchán 2016 ach níor éirigh leis suíochán Dála a bhaint amach. Mar sin féin, atoghadh ina Sheanadóir é ar an 26 Aibreán 2016[1]. Ar an Rolla Talmhaíochta atá sé.