David Norris

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
David Norris
David Norris politician.jpg
Seanadóir na hÉireann

Aibreán 25, 1987 - Iúil 5, 1989
Dúiche: Ollscoil Átha Cliath
Seanadóir na hÉireann

Deireadh Fómhair 1, 1989 - Nollaig 17, 1992
Dúiche: Ollscoil Átha Cliath
Seanadóir na hÉireann

Feabhra 17, 1993 - Iúil 10, 1997
Dúiche: Ollscoil Átha Cliath
Seanadóir na hÉireann

Meán Fómhair 17, 1997 - Meitheamh 26, 2002
Dúiche: Ollscoil Átha Cliath
Seanadóir na hÉireann

Meán Fómhair 12, 2002 - Iúil 22, 2007
Dúiche: Ollscoil Átha Cliath
Seanadóir na hÉireann

Iúil 24, 2007 - Aibreán 25, 2011
Dúiche: Ollscoil Átha Cliath
Seanadóir na hÉireann

Bealtaine 25, 2011 - Feabhra 9, 2016
Dúiche: Ollscoil Átha Cliath
Seanadóir na hÉireann

Meitheamh 8, 2016 -
Dúiche: Ollscoil Átha Cliath
Saol
Eolas breithe Kinshasa, 1ú Iúil 1944 (78 bliain d’aois)
Náisiúntacht Éire
Oideachas
Alma mater Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
An Ardscoil, Baile Átha Cliath
St Andrew's College (en) Aistrigh
Gairm
Gairm polaiteoir agus múinteoir ollscoile
Cleamhnú
Reiligiúin Eaglais na hÉireann
Páirtithe polaitíochta luach ar iarraidh
senatordavidnorris.ie
Twitter SenDavidNorris

Is polaiteoir, feachtasóir agus fear léinn é David Norris ( Gaeilge: Daithí Norris uaireanta) (1 Iúil, 1944 a rugadh é) atá mar sheanadóir i Seanad Éireann.

Rugadh i Leopoldville, Congó na Beilge é. Nuair a bhí sé óg, fuair a athair bás agus tháinig sé go Éirinn. Is ball d'Eaglais na hÉireann é agus is fear aerach é.

Saol polaitiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

2009

Chaith David Norris na blianta ag troid ar son na cearta daonna, go háirithe cearta na homaighnéasach in Éirinn nuair a bhí an homaighnéasachas mídhleathach.[1]

Tharla an chéad agóid LADT+ i mBaile Átha Cliath ar an 27 Meitheamh 1974.[2] Chuaigh deichniúr -Norris san áireamh - ar mhórshiúl ón Roinn Dlí agus Cirt go dtí Ambasáid na Breataine chun agóid a dhéanamh in aghaidh choiriúlú na homaighnéasachta (iarsma ó na dlíthe coilíneachta).

In 1977 níor éirigh le Norris an tArd-Aighne a thabhairt chun na hArd-Chúirte maidir le coir a dhéanamh ar ghníomhartha homaighnéasacha agus rinne sé a chás a achomharc chuig Cúirt Uachtarach na hÉireann.

Bhí sé mar aidhm ag Norris agus an t-abhcóide agus seanadóir Mary Robinson cosaint bhunreachtúil a bhaint amach do homaighnéasaigh na tíre ag breathnú go háirithe ar an bpríobháideachas ó na 1980í i leith.[3] Ach theip ar a gcás cúirte sa bhliain 1983 in aghaidh an stáit.  De réir mar a mhínigh an Príomh-Bhreitheamh Tom O'Higgins, “…on the grounds of the Christian nature of our state and on the grounds that the deliberate pratice of homosexuality is morally wrong…”[4].

Ar an 26 Deireadh Fómhair 1988, sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine i Strasbourg, sa chás NORRIS v. IRELAND, thug an chúirt breithiúnas cinniúnach i bhfabhar cearta daoine aeracha agus leispiacha.[5]

Aisghaireadh na dlíthe a lochtaigh an breithiúnas cúig bliana ina dhiaidh sin in 1993.[6]

Toghchán uachtaránachta na hÉireann 2011[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir sé isteach ar ainmniúchán d' Uachtarántacht na hÉireann sa bhliain 2011 ach cáineadh a thuairimí ar ghnéas agus aois an toilithe.[7] Tuairiscíodh i mí Iúil 2011 gur scríobh David Norris litir ar pháipéar an tSeanaid sa bhliain 1997 chun trócaire a lorg dá chara, Ezra Nawi, a bhí os comhair na cúirte cúisithe as luí le buachaill faoi bhun aois an toilithe.[8] Ina dhiaidh seo d'éirigh Norris as an rás tar éis do chuid dá fhoireann toghchánaíochta éirí as a rólanna. Tháinig sé isteach sa rás arís áfach sular fógraíodh deireadh a bheith le hainmniúcháin, tar éis gur éirigh leis tacaíocht cheithre chomhairle chontae a fháil.

Cumann Seoirseach na hÉireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dublin Pride Parade 2018

Is gníomhaí ar son foirgneamh Seoirseacha é Norris agus ball de Chumann Seoirseach na hÉireann, agus tá cónaí air ar Shráid Sheoirse Mhór Thuaidh i mBaile Átha Cliath.[9]

Oideachas agus Gairmréim Acadúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhreastail Norris ar St. Andrew's College agus The High School. Uaidh sin lean sé ar aghaidh go Coláiste na Tríonóide áit a raibh sé mar eagarthóir ar an iris liteartha ollscoile Icarus agus ar bhain sé scoláireacht bhunaidh amach ina chéim B.A. i Litríocht agus Teanga an Bhéarla. Léachtóir agus teagascóir ba ea é sa Choláiste ó 1968 go 1996. Scoláire de chuid James Joyce atá ann agus glacann sé páirt i gceiliúradh Bloomsday. Tá Eabhrais agus beagán Gaeilge aige.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Irish National Teachers Organisation / https://into.ie/+(2022).+"Bród agus an troid ar son cearta comhionanna". Dáta rochtana: 2022.
  2. Irish National Teachers Organisation / https://into.ie/+(2022).+"Bród agus an troid ar son cearta comhionanna". Dáta rochtana: 2022.
  3. Seán Mac Risteaird (28 Meitheamh 2018). "An pobal LADT+ faoi bhláth in Éirinn ach obair mhór fós le déanamh" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2022-06-26.
  4. "Norris v. A.G., [1983 IESC 3 | Supreme Court of Ireland, Judgment, Law, casemine.com]" (en). https://www.casemine.com. Dáta rochtana: 2022-06-26.
  5. human dignity trust. "Norris v. Ireland". Dáta rochtana: 2018.
  6. "Tugann an Seanadóir David Norris cuairt ar an gCartlann Náisiúnta chun taifid a bhaineann lena chás suntasach, David Norris V Éire, a fheiceáil ar taispeáint mar chuid de Sheachtain an Bhróid" (ga). www.gov.ie. Dáta rochtana: 2022-06-26.
  7. Irish Independent - 31 Bealtaine 31 2011
  8. Litir a scríobh David Norris i 1997
  9. "Profile: David Norris". The Sunday Times. 28 Feabhra 2010. Faighte ar an 25 Deireadh Fómhair 2010. 2011