Tom O'Higgins

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tom O'Higgins
Teachta Dála

Feabhra 18, 1948 - Bealtaine 2, 1951
Dúiche: Laois-Uíbh Fhailí
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1948
ionadaí an Tionóil Pharlaiminte de Chomhairle na hEorpa

Lúnasa 7, 1950 - Feabhra 1, 1951
Teachta Dála

Meitheamh 13, 1951 - Aibreán 23, 1954
Dúiche: Laois-Uíbh Fhailí
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1951
Teachta Dála

Meitheamh 2, 1954 - Nollaig 13, 1956
Dúiche: Laois-Uíbh Fhailí
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1954
An tAire Sláinte

Meitheamh 2, 1954 - Márta 20, 1957
James Ryan - Seán Mac an tSaoi
Teachta Dála

Márta 20, 1957 - Meán Fómhair 1, 1961
Dúiche: Laois-Uíbh Fhailí
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1957
Teachta Dála

Deireadh Fómhair 11, 1961 - Márta 11, 1965
Dúiche: Laois-Uíbh Fhailí
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1961
Teachta Dála

Aibreán 21, 1965 - Bealtaine 21, 1969
Dúiche: Laois-Uíbh Fhailí
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1965
Teachta Dála

Iúil 2, 1969 - Feabhra 5, 1973
Dúiche: Contae Átha Cliath Theas
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1969
ionadaí an Tionóil Pharlaiminte de Chomhairle na hEorpa

Bealtaine 15, 1972 - Eanáir 22, 1973
ionadaí do Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa

Eanáir 22, 1973 - Bealtaine 14, 1973
High Court Judge (en) Aistrigh

Iúil 30, 1973 - Bealtaine 14, 1974
An Chúirt Uachtarach

Bealtaine 14, 1974 - Deireadh Fómhair 1, 1985
6. Príomh-Bhreitheamh na hÉireann

Deireadh Fómhair 17, 1974 - Deireadh Fómhair 1, 1985
William FitzGerald - Thomas Finlay
Breitheamh de Chúirt Bhreithiúnais na hEorpa

Deireadh Fómhair 3, 1985 - Márta 8, 1991
Saol
Eolas breitheCorcaigh, 23 Iúil 1916
NáisiúntachtÉire
BásBaile Átha Cliath, 23 Iúil 2003
Áit adhlacthaReilig Sheangánaí
Muintir
AthairThomas F. O'Higgins
Oideachas
Alma materAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmabhcóide, polaiteoir agus breitheamh
BallraíochtTionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa
Cleamhnú
Páirtithe polaitíochtaFine Gael
I 1974 ceapadh é ina Phríomh-Bhreitheamh agus bhí an oifig sin aige go dtí 1985.

Breitheamh agus polaiteoir Éireannach ab ea Tom O'Higgins (23 Iúil 1916 – 25 Feabhra 2003). Bhí sé ina bhall d'Fhine Gael.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair O'Higgins a chuid oideachais ag Coláiste Mhuire, Ráth Maonais, ag Coláiste Coill Chluana Gabhann, ag Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath agus Óstaí an Rí.  Glaodh chun an Bharra é i 1938 agus chun Bharra na Sinsear i 1954.[1]

Bhí a mhuintir gníomhach i bpolaitíocht na hÉireann, agus ó 1948 go 1973, bhí sé in TD d'Fhine Gael i dtoghcheantar na Laoise-Uibh Fháilí.

Ó 1954 go 1957, bhí O'Higgins ina Aire Sláinte sa dara comhrialtas agus bhunaigh sé an córas Árachais Sláinte Saorálaigh (ASS).

Bhí O'Higgins ina iarrthóir ar Uachtarán na hÉireann sna toghcháin uachtaránachta i 1966 agus arís sa bhliain 1973.[1]

I 1973 ceapadh O'Higgins ina Bhreitheamh Ard-Chúirte. I 1974 ceapadh é ina Phríomh-Bhreitheamh agus bhí an oifig sin aige go dtí 1985.

I 1985 ceapadh é ina Bhreitheamh ar Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach (ECJ). I 1996 d'fhoilsigh sé a chuimhní cinn, dár teideal A Double Life.

Fuair sé bás i 2003.

Cásanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc na gcinntí ba thábhachtaí dá chuid bhí:

  • seasamh le bunreachtúlacht an Bhille Cumachtaí Práinne, 1976 tar éis don Uachtarán (Cearbhall Ó Dálaigh) an bille a chur faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí;
  • An Stát (Lynch) v. Cooney (1982), nuair a seasadh le cosc reachtúil ar chraoltaí ag aon duine a bheadh ag lorg tacaíochta do Shinn Féin san olltoghchán a bhí le teacht; agus
  • Norris v.  an Ard-Aighne (1983), nuair a seasadh le bunreachtúlacht reacht phíonóisigh a chuir cosc ar iompar homaighnéasach idir fir thoilteanacha go príobháideach.[1] De réir mar a mhínigh O'Higgins, “…on the grounds of the Christian nature of our state and on the grounds that the deliberate pratice of homosexuality is morally wrong…”[2][3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Cúirt Uachtarach na hÉireann. "Iar-Phríomh-Bhreithiúna". www.supremecourt.ie. Dáta rochtana: 2021-08-01.
  2. "Norris v. A.G., [1983 IESC 3 | Supreme Court of Ireland, Judgment, Law, casemine.com]" (en). https://www.casemine.com. Dáta rochtana: 2022-06-26.
  3. Seán Mac Risteaird (28 Meitheamh 2018). "An pobal LADT+ faoi bhláth in Éirinn ach obair mhór fós le déanamh" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2022-06-26.