Conchúr Crús Ó Briain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Conchúr Crús Ó Briain
Teachta Dála

Iúil 2, 1969 - Feabhra 5, 1973
District: Baile Átha Cliath Thoir Thuaidh
Election: Olltoghchán na hÉireann, 1969
Feisire de Pharlaimint na hEorpa

Eanáir 1, 1973 - Márta 1973
Aire Poist agus Telegrafa

Márta 14, 1973 - Iúil 5, 1977
Teachta Dála

Márta 14, 1973 - Bealtaine 25, 1977
District: Baile Átha Cliath Thoir Thuaidh
Election: Olltoghchán na hÉireann, 1973
Seanadóir na hÉireann

Deireadh Fómhair 27, 1977 - Meitheamh 13, 1979
District: Ollscoil Átha Cliath
Saol
Eolas breithe Baile Átha Cliath, Samhain 3, 1917
Náisiúntacht Éire
Bás Binn Éadair, Nollaig 18, 2008
Muintir
Máthair Kathleen Cruise O'Brien
Céile/Céilí Máire Mhac an tSaoi
Oideachas
Alma mater Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Teangacha An Béarla
Gairm
Gairm údar, polaiteoir, taidhleoir agus iriseoir
Áit oibre Strasbourg agus An Bhruiséil
Saothar iomráiteach The Siege: The Saga of Israel and Zionism (en) Aistrigh
Creideamh
Páirtithe polaitíochta Páirtí an Lucht Oibre

Scríbhneoir, polaiteoir agus acadúlach Éireannach ab ea Conchúr Crús Ó Briain (seanlitriú Gaeilge: Conchubhar Crús Ó Briain, Béarla: Conor Cruise O'Brien), a dtugtar The CruiserAn Crúiseoir air uaireanta (3 Samhain 1917 - 18 Nollaig 2008). Pearsa mhór chonspóideach i stair na tíre a bhí sa mBrianach.[1][2]

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Saolaíodh i Ráth Maonais ar an tríú lá de Mhí na Samhna 1917 é agus bhásaigh sé ar an 18 Nollaig 2008. D'fhoghlaim sé a chuid léinn i gColáiste na Tríonóide, rud as an ngnáth san am, ós rud é gur Caitliceach a bhí ann féin, agus clú Protastúnach ar an áit. Phós sé, in oifig chlárúcháin, cailín Preispitéireach arbh ainm di Christine Foster sa bhliain 1939 agu bhí triúr clainne acu.

Sa bhliain 1962 phós sé Máire Mhac an tSaoi (file agus bean a raibh intleacht thar an gcoitiantacht aici), cúig bliana níos óige ná é féin (cleamhnas scannalach ag an am sin).[3] Nuair a d’imigh an bheirt go dtí an Congó in éineacht le chéile i 1962, bhí sé ina scannal chomh mór sin go raibh an scéal clúdaithe sa Daily Express i Sasana.[1]

Bhí beirt pháistí uchtaithe acu, de shliocht Afracach.

Ceanncheathrú na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

Gnóthaí Eachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh sé ag obair sa Roinn Gnóthaí Eachtracha, agus bhain sé an chéad cháil idirnáisiúnta amach, nuair a bhí sé ina ionadaí do na Náisiúin Aontaithe i gKatanga sa Chongó (an tír a dtugtaí an tSáír uirthi ní ba mhaille, agus arb í Poblacht Dhaonlathach an Chongó í inniu).

Thóg na NA an campa seo do na Baluba, i Katanga, san 1960idí

Sa bhliain 1961, d'fhéach cúige seo na tíre le neamhspleáchas a bhaint amach, agus bhí géarchéim mhór sa tír dá dheasca sin. Bhí a lán tíortha ag cur a ladair féin i gcúrsaí an Chongó, agus sa deireadh, b'éigean don Bhrianach éirí as a phost agus glanadh as an tír. Scríobh sé leabhar faoin taithí seo, To Katanga and Back, a bhfuil cáil an chlasaicigh uirthi i gcónaí.

Sna blianta 1962–1965, bhí sé ina Sheansailéir ar Ollscoil Ghána, agus ina dhiaidh sin, chaith sé ceithre bliana ina Ollamh le Daonnachtaí in Ollscoil Nua-Eabhraic (ollúnacht a bhí ann a bunaíodh in ómós d'Albert Schweitzer).

In Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1969, d'fhill sé ar Éirinn le bheith ina pholaiteoir agus ina ionadaí do Pháirtí an Lucht Oibre. D'éirigh go maith leis ar dtús, ach nuair a rinneadh Aire Poist agus Teileagraif de sa bhliain 1973, tharraing sé a lán seantithe anuas air. Ghlac sé col fíochmhar leis an bPoblachtánachas Éireannach, agus chuaigh sé i dtuilleadh cinsireachta leis an mbolscaireacht Phoblachtánach a ruaigeadh as an gcraolachán. Thriail sé freisin na hamhráin reibiliúnacha a chosc ar an raidió. De thoradh na n-iarrachtaí seo, theip air sa chéad toghchán eile, agus chaill sé a shuíochán mar Theachta Dála. Mar sin féin, rinneadh Seanadóir de go gairid ina dhiaidh sin.

Sna blianta 1979–1981, bhí an Brianach ina eagarthóir ar an nuachtán Sasanach úd The Observer. San am céanna, bhí sé ina Ollamh agus ina léachtóir taistil a thug cuairt ar a lán ollscoileanna, go háirithe sna Stáit Aontaithe. Chuaigh sé ag léachtóireacht san Afraic Theas féin, rud a tharraing seantithe áirithe anuas air, ó bhí córas na hapairtéide i bhfeidhm sa tír sin san am.

Bhí sé an-mhíshásta le polasaithe Chathal Uí Eochaidh, agus b'eisean a cheap an acrainim úd GUBU (Grotesque, Unbelievable, Bizarre, Unprecedented - "arrachtúil, dochreidte, áiféiseach, gan réamhshampla") mar ainm ar rialtas Uí Eochaidh sa bhliain 1982.

Go dtí an bhliain 1994, bhí an Brianach ina Leas-Seansailéir Cúnta ar Ollscoil Bhaile Átha Cliath (is é sin, Coláiste na Tríonóide).

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

In éineacht lena bhean Máire Mhac an tSaoi:

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Síobhra Aiken (2016). "Déanaimis ceiliúradh ar Mháire Mhac an tSaoi ar Lá Idirnáisiúnta na mBan" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-10-18.
  2. "Cruise O'Brien , Máire ( Máire Mhac an tSaoi) - The Same Age as the State - PB - A Biography - BRAND NEW" (en). TheBookshop.ie. Dáta rochtana: 2021-10-18.
  3. Kathy Sheridan. "Máire Mhac an tSaoi interviewed in 2015: ‘I was very formidable’" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-10-18.