Bhásaigh an t-iarthaoiseach ar an 4 Deireadh Fómhair2017 agus é 97 bliain d'aois. Bhí an tsochraid ar siúl i Ráth Fearnáin, BÁC. Bhí sochraid a athar ar siúl sa séipéal céanna 52 bliain o sin.
Chláraigh Mac Cosgair le páirtí a athar, Fine Gael, nuair a bhí sé 17 bliain d’aois[2]. Toghadh é ina Theachta Dála do Bhaile Átha Cliath den chéad uair i 1943, agus é 23 bliain d’aois.
Ceapadh Mac Cosgair ina Phríomh-Aoire sa Dáil i 1948. Tugadh aireacht dó i 1954. Ba é a bhí ina Aire Gnóthaí Eachtracha i 1955 nuair a glacadh le hÉirinn mar bhall de na Náisiúin Aontaithe.
Bhí Mac Cosgair ina cheannaire ar an bpáirtí polaitíochta Fine Gael ó 1965 ar aghaidh. Ceithre bliana ina dhiaidh sin, theip ar iarrachtaí Fhine Gael móramh a bhaint amach sa Dáil.
Cuireadh brú mór ar Cosgrave éirí as an gceannaireacht i 1969. Sheas sé an fód, mar a rinne sé go minic ina dhiaidh sin, i gcoinne na liobrálaigh óga (mar shampla Garret Fitzgerald) a bhí ag teacht chun tosaigh ina pháirtí.
Le linn Ghéarchéim na nArm, chuir Mac Cosgair brú ar an Rialtas agus ar cheannaire Fhianna Fáil dul i ngleic leis na hairí a raibh baint acu le hiompórtáil arm don IRA.
Sa bhliain 1971/1972, thacaigh Mac Cosgair le reachtaíocht de chuid an Rialtais a raibh faoi cur i gcoinne an IRA, in ainneoin go raibh cuid mhaith de bhaill a pháirtí ar son gan tacú leis na dlíthe nua.
Tháinig deireadh le réimeas sé bliana déag Fhianna Fáil ag olltoghchán 1973. Tháinig comhrialtas d’Fhine Gael agus de Pháirtí an Lucht Oibre i gcumhacht. D'éirigh Liam Mac Cosgairl mar Thaoiseach ar an chomhrialtas[3] agus d'fhan sé sa phost sine go dtí 1977. I measc na nAirí a cheap sé ina rialtas nua, bhí a chomharba Garret Fitzgerald, Pádraig Ó Donnagáin agus Conchúr Crús Ó Briain.
Géarchéim. An 22 Deireadh Fómhair 1976, d'éirigh Cearbhall Ó Dálaigh as oifig mar uachtarán nuair nár ghlac Mac Cosgair le héirí as oifig Donegan. Ansin cheap Mac Cosgair Pádraig Ó Donnagáin mar Aire na Talún ag deireadh na bliana 1976.
Scannail. Chuir Mac Cosgair in aghaidh an bhille a thug a Aire Dlí agus Cirt féin, Patrick Cooney, os comhair na Dála i 1974 leis na dlíthe a riar iompórtáil agus díol táirgí frithghiniúna. Theip ar an mbille.
Richard Burke T.D. (ar chlé), Ollscoil Luimneach, 1973Gaeilge. Fógraíodh sa Dáil deireadh leis an riail Gaeilge le bheith ina riachtanas don státseirbhís sa bhliain 1974.
Chomh maith leis sin, dhún an Taoiseach (le cabhair Richard Burke) na coláistí oiliúna do mhúinteoirí bunscoile na hÉireann a bhí freagrach as múinteoirí nua a oiliúint sa Ghaeilge agus sna hábhair bhunscoile eile.
Tháinig deireadh le tréimhse mac Cosgair mar thaoiseach agus mar cheannaire ar Fhine Gael i 1977, tar éis do Fhianna Fáil go leor suíochán a bhuachan, go mór mór i mBaile Átha Cliath. Garret Fitzgerald a tháinig i gcomharbacht air mar cheannaire ar Fhine Gael.
Choinnigh Mac Cosgair a shuíochán sa Dáil ar feadh beagnach dhá scór bliain, go dtí gur éirigh sé as an bpolaitíocht i 1981. Fear ionraic i measc polaiteoirí a bhí i Liam Cosgrave[4].
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.