Henry Kissinger
Taidhleoir agus eolaí polaitíochta Meiriceánach a rugadh ar 27 Bealtaine 1923 in Fürth na Gearmáine ab ea Henry Alfred Kissinger nó Heinz Alfred Kissinger. Faoin uachtarán Richard M. Nixon, bhí Kissinger ina Chomhairleoir um Shlándála Náisiúnta (1969–1975)) agus ina Rúnaí Stáit (1973–1977). Bronnadh Duais Nobel na Síochána air sa bhliain 1973 in éineacht le Le Duc Tho.
A óige[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ba mhúinteoir scoile a athair agus bean tí a mháthair. Ba de shliocht Giúdach iad. Sa bhliain 1938, d'imigh muintir Kissinger ón nGearmáin de bharr an ghéarleanúint a bhíothas a chur i bhfeidhm i leith na nGiúdach faoi na Naitsithe sa tír úd. In Washington Heights, i dtuaisceart Manhattan, i gCathair Nua-Eabhrac a chuir theaghlach Kissinger fúthu.
Bhí ar Henry óg dul ar fiannas in Airm na Stát Aontaithe sa bhliain 1943 agus bhain sé amach saoránacht Mheiriceánach agus eisean ag buntraenáil sa bhliain chéanna. Aithníodh a chliste agus a bhí sé agus nuair a cuireadh chuig an Ghearmáin é moladh a chuid scileanna teanga. Cuireadh ag obair é i rannóg bailithe faisnéise míleata agus bhí sé páirteach in obair fhrithfhaisnéise freisin. Uaireanta, mar shampla, le linn Chath an Bulge, bhí an obair contúirteach.
Ar ais sna Stáit Aontaithe dó d'fhreastail Kissinger ar Ollscoil Harvard. Bhain sé amach céim bhaitsiléara (1950), máistreás (1952) agus dochtúireacht (1954).
Leabhair faoi Henry Kissinger[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Dallek, R. Nixon and Kissinger: Partners in Power (Londain, Penguin, 2008)
- Hitchens, C. The Trial of Henry Kissinger (Londain, Verso, 2001)
- Horne, A. 1973: Kissinger's Year (Londain, Weidenfeld & Nicolson, 2009)
- Isaacson, W. Kissinger: A Biography (Nua-Eabhrac, Touchstone, 1992)
- Landau, D. Kissinger: The Uses of Power (Londain, Robson, 1974)
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() | Is síol faoi Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |