Richard Nixon
Ba é Richard Milhous Nixon (9 Eanáir 1913 - 22 Aibreán 1994) an 37ú hUachtarán na Stát Aontaithe, ó 1969 go dtí 1974. Ba é freisin an 36ú Leasuachtarán, i rith uachtaránacht Dwight D. Eisenhower.
Gairmréim
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh i gCalifornia é agus, ar dtús, d'oibrigh sé mar dhlíodóir ann.
I 1946, toghadh é go dtí Teach na nIonadaithe in Washington, D.C. agus, mar sin, bhog seisean agus a bhean chéile, Pat, go Washington.
Toghadh Nixon ina uachtarán na Stát Aontaithe i Samhain 1968.
Scannal Watergate
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thosaigh scannal Watergate i Meiriceá ar an 17 Meitheamh 1972 nuair a gabhadh cúigear fear a raibh baint acu leis an Teach Bán agus iad i ndiaidh briseadh isteach in oifigí an Pháirtí Dhaonlathaigh. B’oifigigh shinsearacha i rialtas Nixon iad na fir a bhris isteach sa seomra san óstán[2].
Tharla sé go raibh an t-uafás eolais mar gheall ar an Pháirtí Daonlathach sa seomra ar briseadh isteach ann. Bhí na buirgléirí ag lorg eolais mar gheall ar Chathaoirleach an Pháirtí Dhaonlathaigh, Lawrence F. O’Brien, ar chúntóir de chuid John F. Kennedy, Lyndon Johnson agus an pháirtí náisiúnta Dhaonlathaigh é ar feadh na mblianta.
Chas feidhmeannach FBI, “Deep Throat” nó Mark Felt, a raibh blianta fada caite aige leis an FBI, le beirt iriseoirí ón Washington Post, Bob Woodward agus Carl Bernstein. Thug sé eolas dóibh.
Ag an am céanna, bhí ar Spiro Agnew, an leasuachtarán i dtrioblóid. I 1973, aimsíodh eolas faoi himghabháil cánach, agus scoir sé.
I 1974, milleadh gairm Nixon nuair a bhí an scannal Watergate i mbéal an phobail. D'éirigh Nixon as oifig ar an 9 Lúnasa 1974.
Ba é Nixon an t-aon uachtarán amháin a d'éirigh as oifig.
Vítneam
[cuir in eagar | athraigh foinse]I rith a fheachtais toghchánaíochta, dúirt Nixon go gcríochnódh sé an cogadh i Vítneam, agus go dtabharfadh sé síocháin san Aigéan Ciúin. Ach níor tharla cúrsaí díreach mar a dúirt sé. Faoi bhrú, ní raibh Nixon in ann polasaí comhtháite a chur chun tosaigh, agus an pobal scoilte go dona faoin gceist.
Sa bhliain 1969, leathnaigh Nixon na cogaidh in Oirdheisceart na hÁise. Ag an am céanna, cuireadh dlús le próiseas na síochána. Tharraing Nixon an tír amach as Cogadh Vítneam sa bhliain 1973. Ach lean an Cogadh Vítneam ar aghaidh go dtí 1975, nuair a gabhadh Saigon/Ho Chi Minh.
Oidhreacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ceapadh Gerald Ford mar uachtarán sa bhliain 1974. B'é Ford an chéad uachtarán a fuair an post gan bhua i dtoghchán, nuair a d'éirigh Richard Nixon as oifig i ndiaidh an scannail Watergate.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Scannal Watergate.
- Cogadh Vítneam
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Howard Baker: the real story of his famous Watergate question". Christian Science Monitor (2014-06-26). Dáta rochtana: 2021-04-22.
- ↑ Tom Deignan, Beo.ie, Iúil 2005
- Básanna i 1994
- Daoine a rugadh i 1913
- An Dara Cogadh Domhanda
- Baill de Chumann na gCarad
- Ceannairí an Chogaidh Fhuair
- Daoine Meiriceánacha de bhunadh na hEorpa
- Fir
- Leasuachtaráin na Stát Aontaithe
- Poblachtánaigh na Stát Aontaithe
- Scríbhneoirí as California
- Seanadóirí na Stát Aontaithe
- Uachtaráin na Stát Aontaithe