Spiro Agnew
Spiro Agnew | |||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() | |||||||
1962 - 1966 - Dale Anderson →
Eanáir 25, 1967 - Eanáir 7, 1969 ← J. Millard Tawes - Marvin Mandel →
Eanáir 20, 1969 - Deireadh Fómhair 10, 1973 ← Hubert Humphrey - Gerald R. Ford → | |||||||
Saol | |||||||
Ainm iomlán | Spiro Theodore Agnew | ||||||
Eolas breithe | Baltimore, Maryland, 9 Samhain 1918 | ||||||
Náisiúntacht | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||||||
Teanga dhúchais | an Béarla | ||||||
Bás | Berlin (en) ![]() | ||||||
Áit adhlactha | Dulaney Valley Memorial Gardens (en) ![]() | ||||||
Cúis bháis | bás nádúrtha (leoicéime) | ||||||
Muintir | |||||||
Céile/Céilí | Judy Agnew (Bealtaine 27, 1942 - Meán Fómhair 17, 1996) | ||||||
Oideachas | |||||||
Alma mater | Ollscoil Johns Hopkins University of Baltimore School of Law (en) ![]() Forest Park High School (en) ![]() Ollscoil Baltimore | ||||||
Teangacha | an Béarla | ||||||
Gairm | |||||||
Gairm | polaiteoir agus dlíodóir | ||||||
Duaiseanna | |||||||
Seirbhís mhíleata | |||||||
Throid sé/sí ag | An Dara Cogadh Domhanda | ||||||
Cleamhnú | |||||||
Reiligiúin | Eaglais Easpagóideach | ||||||
Páirtithe polaitíochta | Páirtí Poblachtach | ||||||
Discogs ID | 589726 | ||||||
![]() |
Ba pholaiteoir é Spiro Theodore Agnew (/ˈspɪroʊ ˈæɡnjuː/; 9 Samhain 1918 – 17 Meán Fómhair 1996). a bhí ina Leas-Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá ó 1969 go 1973 (leasuachtarán de Richard Nixon). Rinne sé imghabháil cánach. Cuireadh faoi smál é agus d'éirigh sé as a phost sa bhliain 1973.[1]
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
I mBaltimore, Maryland a rugadh é. Briseadh a chuid staidéir ar an dlí i Scoil Dlí Ollscoil Bhaile an Tí Mhóir. Bhí sé ina shaighdiúir in Arm SAM sa Dara Cogadh Domhanda. Sa bhliain 1947 bronnadh céim air agus glaodh chun Bharra Maryland air.
Níor éirigh leis mar dhlíodóir ar dtús agus bhí sé ag obair mar imscrúdaitheoir árachais agus mar bhleachtaire siopa sular fhill sé ar an dlí sa bhliain 1952, ag díriú ar dhlí fostaíochta.
Chuaigh sé leis an bpolaitíocht trí mheán an Pháirtí Phoblachtaigh, den chuid is mó, de réir cosúlachta, toisc go raibh na deiseanna is fearr chun dul chun cinn ann.
Gobharnóir ar Maryland[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tar éis dó a bheith i sraith postanna polaitíochta áitiúla, toghadh ina Ghobharnóir ar Maryland gan choinne sa bhliain 1966 (ar an iomlán, de bharr scoilt sa Pháirtí Daonlathach). Mar sealbhóir oifige sna bruachbhailte agus mar Ghobharnóir, bhí snáithe trína ndearna sé sa pholaitíocht mar gheall ar an neamhréir idir an tacaíocht a thug sé do chearta sibhialta agus an samhnas a chuir modhanna na gluaiseachta cearta sibhialta air (ag teacht leis an tiomantas d'fhógair sé do riail agus reacht).
Roimh thart ar mhí Aibreáin 1968 measadh go coitianta gur Phoblachtach liobrálach a bhí ann, ach tharraing sé faomhadh na heite deise sa pháirtí de réir a chéile, mar gheall ar an gcáineadh géar a rinne sé ar ngluaiseacht cearta sibhialta agus ar lucht agóide i gcoinne Chogadh Vítneam agus an bhéim a chuir sé ar riail agus reacht.
Leas-Uachtarán[cuir in eagar | athraigh foinse]
I dtoghcháin 1968, 1970 agus 1972 agus sna idirthréimhsí, bhain An tUachtarán Nixon feidhm as Agnew den chuid is mó chun an eite dheas a mhealladh, go mór mór na toghthóirí bruachbhailteacha a bhí ag éirí ní ba choimeádaí, le teachtaireacht agus le roscaireacht ar ar fhan Nixon glan go hiondúil.
Thar aon ní eile, tharraing Agnew aird an phobail mar gheall ar an gcáineadh géar a rinne sé ar na meáin i SAM, a raibh claonadh liobrálach acu, dar leis, i gcoinne an riaracháin agus i gcoinne luachanna traidisiúnta Mheiriceá i gcoitinne.
Faoi smál[cuir in eagar | athraigh foinse]
Cuireadh deireadh le Agnew mar pholaiteoir mar gheall ar líomhaintí éillithe a bhaineann lena chuid ama mar Ghobharnóir. Ar an 10 Deireadh Fómhair 1973 ghlac sé gan chonspóid leis an gciontú as cúis feileonachta (imghabháil cánach) agus thairg sé éirí as oifig mar Leas-Uachtarán. Díbharraíodh é, i mí Bealtaine 1974 agus shaothraigh sé gníomhaíochtaí gnó éagsúla ina dhiaidh sin. Mhaígh sé go raibh sé neamhchiontach i ngach cúis ina choinne, ag rá go bhfuil an Teach Bán tar éis iallach a chur air ina phléadáil.
Tá raon tuairimí le cloisteáil maidir le Agnew, ón dearcadh go raibh sé ina cheannródaí de choimeádachais den chineál pobalach géar a shocraigh, ar an iomlán cad is polaitíocht Mheiriceánach ann sa leathchéad bliain ina dhiaidh go dtí an bharúil nárbh ach giolla bruachbhailteach de chuid an pháirtí é, a ardaíodh, go hamaideach, i bhfad níos faide ná leibhéal na hábaltachta polaitíochta a bhí aige.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Scoil Dlí, OOBÁC. "Spiro Agnew" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-12-16.