Richard Nixon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Richard Nixon
Richard M. Nixon, ca. 1935 - 1982 - NARA - 530679.jpg
Ionadaí na Stát Aontaithe

Eanáir 3, 1947 - Nollaig 1, 1950
Jerry Voorhis - Patrick J. Hillings
Dúiche: 12ú dáilcheantar comhdhála California
Seanadóir na Stát Aontaithe

Nollaig 1, 1950 - Eanáir 3, 1951
Sheridan Downey
Dúiche: California Class 3 senate seat (en) Aistrigh
Seanadóir na Stát Aontaithe

Eanáir 3, 1951 - Eanáir 1, 1953 - Thomas Kuchel
Dúiche: California Class 3 senate seat (en) Aistrigh
Toghchán: 1950 United States Senate election in California (en) Aistrigh
36. Leas-Uachtarán na Stát Aontaithe

Eanáir 20, 1953 - Eanáir 20, 1961
Alben W. Barkley - Lyndon B. Johnson
Toghchán: 1952 United States presidential election (en) Aistrigh, 1956 United States presidential election (en) Aistrigh
29. Uachtarán tofa na Stát Aontaithe

Samhain 5, 1968 - Eanáir 20, 1969
John F. Kennedy - Jimmy Carter
Toghchán: 1968 United States presidential election (en) Aistrigh
37. Uachtarán na Stát Aontaithe

Eanáir 20, 1969 - Lúnasa 9, 1974
Lyndon B. Johnson - Gerald R. Ford
Toghchán: 1968 United States presidential election (en) Aistrigh, 1972 United States presidential election (en) Aistrigh
Saol
Ainm iomlánRichard Milhous Nixon
Eolas breitheYorba Linda, 9 Eanáir 1913
NáisiúntachtStáit Aontaithe Mheiriceá
Teanga dhúchaisan Béarla
BásManhattan, 22 Aibreán 1994
Áit adhlacthaRichard Nixon Presidential Library and Museum (en) Aistrigh
Cúis bháisbás nádúrtha (stróc)
Muintir
AthairFrancis A. Nixon
MáthairHannah Milhous Nixon
Céile/CéilíPat Nixon  (Meitheamh 21, 1940 -  Meitheamh 22, 1993)
Páistí
Siblíní
liosta iomláin
Oideachas
Alma materWhittier College (en) Aistrigh 1934)
Whittier High School (en) Aistrigh
Duke University School of Law (en) Aistrigh 1937)
Ollscoil Duke
Fullerton Union High School (en) Aistrigh
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmpolaiteoir, oifigeach míleata, dlíodóir, dírbheathaisnéisí agus státaire
Áit oibreWashington, D.C., Whittier agus La Habra
Duaiseanna
Ainmníodh é/í le haghaidh
[[Grammy Award for Best Audio Book, Narration & Storytelling Recording (en) ]]
(Eanáir 8, 1979) : [[The Nixon Interviews With David Frost (en) ]]
BallraíochtLéigiún Mheiriceá
Veterans of Foreign Wars (en) Aistrigh
GluaiseachtOperation Condor (en) Aistrigh
Seirbhís mhíleata
Brainse míleataCabhlach na Stát Aontaithe
Céimlieutenant commander (en) Aistrigh
Throid sé/sí agAn Dara Cogadh Domhanda
Cleamhnú
ReiligiúinCumann na gCarad
Páirtithe polaitíochtaPáirtí Poblachtach
IMDbnm0633271
nixonlibrary.gov
Discogs ID767151
Richard Nixon Signature.svg
feachtas toghchánaíochta sa bhliain 1946

Ba é Richard Milhous Nixon (9 Eanáir 1913 - 22 Aibreán 1994) an 37ú hUachtarán na Stát Aontaithe, ó 1969 go dtí 1974. Ba é freisin an 36ú Leasuachtarán, i rith uachtaránacht Dwight D. Eisenhower.

feachtas toghchánaíochta sa bhliain 1968

Gairmréim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh i gCalifornia é agus, ar dtús, d'oibrigh sé mar dhlíodóir ann.

I 1946, toghadh é go dtí Teach na nIonadaithe in Washington, D.C. agus, mar sin, bhog seisean agus a bhean chéile, Pat, go Washington.

1973ː an cheist cháiliúil, Howard Baker (Rep) “What did the president know, and when did he know it?[1]

Toghadh Nixon ina uachtarán na Stát Aontaithe i Samhain 1968.

Scannal Watergate[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh scannal Watergate i Meiriceá ar an 17 Meitheamh 1972 nuair a gabhadh cúigear fear a raibh baint acu leis an Teach Bán agus iad i ndiaidh briseadh isteach in oifigí an Pháirtí Dhaonlathaigh. B’oifigigh shinsearacha i rialtas Nixon iad na fir a bhris isteach sa seomra san óstán[2].

Tharla sé go raibh an t-uafás eolais mar gheall ar an Pháirtí Daonlathach sa seomra ar briseadh isteach ann. Bhí na buirgléirí ag lorg eolais mar gheall ar Chathaoirleach an Pháirtí Dhaonlathaigh, Lawrence F. O’Brien, ar chúntóir de chuid John F. Kennedy, Lyndon Johnson agus an pháirtí náisiúnta Dhaonlathaigh é ar feadh na mblianta.

Chas feidhmeannach FBI, “Deep Throat” nó Mark Felt, a raibh blianta fada caite aige leis an FBI, le beirt iriseoirí ón Washington Post, Bob Woodward agus Carl Bernstein. Thug sé eolas dóibh.

1974

Ag an am céanna, bhí ar Spiro Agnew, an leasuachtarán i dtrioblóid. I 1973, aimsíodh eolas faoi himghabháil cánach, agus scoir sé.

I 1974, milleadh gairm Nixon nuair a bhí an scannal Watergate i mbéal an phobail. D'éirigh Nixon as oifig ar an 9 Lúnasa 1974.

Ba é Nixon an t-aon uachtarán amháin a d'éirigh as oifig.

Nixon ag labhairt: "Let's be perfectly cold-blooded about it...." & "decent interval...". Henry Kissinger ag labhairt ag 2m.

Vítneam[cuir in eagar | athraigh foinse]

1969ː Nixon i Vítneam

I rith a fheachtais toghchánaíochta, dúirt Nixon go gcríochnódh sé an cogadh i Vítneam, agus go bheireadh sé síocháin san Aigéan Ciúin. Ach níor tharla cúrsaí díreach mar a dúirt sé. Faoi bhrú, ní raibh Nixon in ann polasaí comhtháite a chur chun tosaigh, agus an pobal scoilte go dona faoin gceist.

Sa bhliain 1969, leathnaigh Nixon na cogaidh in Oirdheisceart na hÁise. Ag an am céanna, cuireadh dlús le próiseas na síochána. Tharraing Nixon an tír amach as Cogadh Vítneam sa bhliain 1973. Ach lean an Cogadh Vítneam ar aghaidh go dtí 1975, nuair a gabhadh Saigon/Ho Chi Minh.

Nixon le Edmund S. Valtman, 1970

Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceapadh Gerald Ford mar uachtarán sa bhliain 1974. B'é Ford an chéad uachtarán a fuair an post gan bhua i dtoghchán, nuair a d'éirigh Richard Nixon as oifig i ndiaidh an scannail Watergate.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Howard Baker: the real story of his famous Watergate question". Christian Science Monitor (2014-06-26). Dáta rochtana: 2021-04-22.
  2. Tom Deignan, Beo.ie, Iúil 2005