Jimmy Carter
Ba é James Earl "Jimmy" Carter, Jr. (1 Deireadh Fómhair 1924 - 29 Nollaig 2024) an 39ú Uachtarán na Stát Aontaithe agus an 83ú Ghobharnóir Georgia. Bhí sé ina Uachtarán ar Mheiriceá ar feadh téarma amháin idir 1977 agus 1981. Bhain sé cáil amach i gcaitheamh na mblianta sin, agus ina ndiaidh go háirithe, as na hiarrachtaí a rinne sé síocháin a chur chun cinn i dtíortha ina raibh coimhlint fhadbhunaithe. Bronnadh Duais Nobel na Síochána air in 2002 as a dhúthracht sa mhéid sin.[1]
Tús a shaoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]'Sé Carter an chéad Uachtarán Meiriceánach é a rugadh in ospidéal, ar an 1 Deireadh Fómhair 1924.
Feirmeoir ab ea Jimmy Carter sula ndeachaigh sé leis an bpolaitíocht agus bhí rath ar an bhfeirm mhór pis thalún a bhí aige in Plains, Georgia.
Daonlathaí ab ea é agus toghadh ina Sheanadóir Georgia é den chéad uair in 1963 agus bhí sé ina ghobharnóir ar Georgia idir 1971-1975.
Uachtarán
[cuir in eagar | athraigh foinse]In 1976, iarrthóir gan iomrá ab ea Carter sular bhuaigh sé an cácas in Iowa. Feirmeoir ba ea Carter agus tá an talmhaíocht tábhachtach in Iowa. Ba é Carter an t-iarrthóir ba mhó a fuair vótaí sa chácas Daonlathach in Iowa, agus d’úsáid sé a cháil nua chun é féin a chur chun cinn mar mhóriarrthóir sa chéad vóta eile, a bhí ar siúl in Nua Hampshire. Leis an móiminteam a fuair sé ón mbua sin, chuaigh sé ar aghaidh chun ainmniúchán náisiúnta a pháirtí a fháil, agus bhuaigh sé an toghchán an bhliain sin, ag sárú uachtarán Poblachtach reatha Gerald Ford .[2]
Ceithre bliana achrannacha a chaith Carter sa Teach Bán agus geilleagar na Stát Aontaithe ag cúlú go tréan ag an am. Ar an dea-uair, bhí tuiscint agus ceangal níos cairdiúla idir na Daonlathaigh agus na Poblachtánaigh i Meiriceá sa 20ú haois. Agus é ag labhairt in 2021, dúirt an t-iarUachtarán Carter gur chuidigh an comhoibriú a fuair sé ó Phoblachtánaigh leis go mór ina thréimhse sa Teach Bán.
Sa bhliain 1977, mheall John Hume an tUachtarán agus rinne sé cion fathaigh ina dhiaidh sin chun Meiriceá a earcú mar áisitheoir sa tóir ar shíocháin i dTuaisceart Éireann.[3]
Bhí máistreacht áirithe ag Carter ar ghnóthaí idirnáisiúnta agus thug sé ceannairí Iosrael agus na hÉigipte le chéile in eastát Camp David in aice le Washington DC, áit ar tháinig siad ar chomhaontú síochána. Síníodh na Comhaontuithe Camp David ar an 17 Meán Fómhair 1978. Measadh an comhaontú sin ina éacht agus cuireadh an-dóchas ann ag an am.[1] Síníodh conradh síochána stairiúil eile ar an 26 Márta 1979, an Conradh Síocháin Éigipt-Iosrael.
Shínigh Carter an Comhaontú SALT II[4] ar an 18 Meitheamh 1979 le Leonid Brezhnev.[5]
In 1980, sheas Ted Kennedy in aghaidh Jimmy Carter d’ainmniúchán an Pháirtí Dhaonlathaigh; thug Ted Kennedy dúshlán láidir dó ach theip air.
Ní raibh an t-ádh le Carter ar chúpla cúis nuair a throid sé an dara toghchán i mí na Samhna 1980. Bhí 52 giall Meiriceánach fós ar a gcoinneáil in Tehrān agus cantal ar phobal Mheiriceá faoin gcaoi a rabhadar sáinnithe.[6][7][8] Sa mhullach air sin, bhí iarrthóir ag na Poblachtánaigh, Ronald Reagan, beagnach dosháraithe san am sin.[9][10]
Níos déanaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Teist ar an ómós a bhí ag Jimmy Carter don Uachtaránacht agus do ghairm na polaitíochta gur thug sé cuireadh go Atlanta, Georgia, don Uachtarán Ronald Reagan i 1984 leis an gcéad chloch a leagan ar shuíomh na leabharlainne a bhí le tógáil mar shéadchomhartha ar obair an Uachtaráin Carter. Ag labhairt dó ag an ócáid sin thug Reagan suntas agus aitheantas do chumas Jimmy Carter agus thagair sé don intleacht iontach a bhí aige. Fear ciúin – i dtéarmaí polaitíochta – a raibh sé tugtha suas dó as a chuid intleachta.[11]
Fuair na hiarrachtaí a rinne Carter le ceart agus síocháin a bhuanú i Meiriceá agus ar fud an domhain ag fáil moladh níos láidre sa 21ú haois. Fuair Carter agus a bhean chéile an bonn 'Presidential Medal of Freedom' i 1999. Bhuaigh Carter Duais Nobel na Síochána i 2002.
Thug stiúrthóir an Anti-Defamation League, Abraham Foxman, “frith-Sheimiteach” ar Carter nuair a foilsíodh a leabhar, Palestine: Peace Not Apartheid, i 2006, cé go ndearna Carter go leor le síocháin a thabhairt d’Iosrael agus é sa Teach Bán.[12]
Pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dúirt Carter go mba é an lá ar phós sé Rosalynn, ar an 7 Iúil 1946, an lá ba thábhachtaí ina shaol, idir a shaol pearsanta agus saol na polaitíochta.
Bhí Jimmy Carter tinn le fada agus bhí sé faoi chúram altranais ina bhaile dúcháis – Plains, Georgia – ó mhí Feabhra 2024. Fuair Carter bás ar an 29 Nollaig 2024 [13]. Bhí ómós léirithe go forleathan dó. Dúirt Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins go mbeadh cuimhne ar Jimmy Carter mar fhear uasal, ionraic agus prionsabálta a chaith cuid mhór dá shaol le cúis na síochána domhanda.[1]
Is é an tUachtarán is faide é a fuair saol; is aige féin agus Rosalynn atá an pósadh is faide a sheas riamh i saol na nUachtarán.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 Nuacht RTÉ (2024-12-30). "Jimmy Carter: 'fear ionraic a d'oibrigh ar son na síochána'" (as ga-IE).
- ↑ Brian Ó Broin (Eanáir 2008). "Tréimhse chinniúnach sa bhfeachtas uachtaránachta" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2024-12-30.
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (17 Márta 2024). "An mó éifeacht a bheidh ag Kneecap ná Sinn Féin?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-12-30.
- ↑ Béarla: Strategic Arms Limitation Talks
- ↑ "Strategic Arms Limitation Talks (SALT II)". U.S. Department of State. Dáta rochtana: 2024-12-30.
- ↑ "Iran hostage crisis" (as en) (2024-12-29). Wikipedia.
- ↑ Is i 1980 a tosaíodh ag caint ar an rud a dtugann siad ‘The October Surprise’ air i bpolaitíocht na Stát Aontaithe. An mhí sin 1980 a thit an socrú a ceapadh a bheith déanta faoi ghialla Meiriceánacha san Iaráin as a chéile. Ar deireadh d’fhógair an Iaráin agus an tUachtarán Jimmy Carter i mí Deireadh Fómhair 1980 nach mbeadh aon duine dá ligean amach go mbeadh an toghchán thart. I mí Eanáir 1981 a scaoileadh amach na gialla.
- ↑ Máirín Ní Ghadhra (4 Deireadh Fómhair 2024). "Beidh trácht ar ‘iontas Dheireadh Fómhair’ nó go mbeidh an mhí caite" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-12-30.
- ↑ "1980 United States presidential election" (as en) (2024-12-26). Wikipedia.
- ↑ Shíl a lán saineolaithe go ndearna an Páirtí Daonlathach go leor dochair dó féin ag an am mar gheall ar a leithéid de neamhchinnteacht a bheith léirithe acu chomh cóngarach sin don toghchán, agus glactar leis go ndearnadh damáiste do Carter agus é ag seasamh i gcoinne Reagan. Ó shin i leith, cinntíonn ceannairí na bpáirtithe nach mbíonn le feiceáil ag na coinbhinsiúin ach daoine dearfacha atá ag tacú go hiomlán le hiarrthóir amháin.
- ↑ Máirtín Ó Catháin (15 Iúil 2021). "Kennedy agus Reagan i measc na laochra go fóill ach Carter ag ardú sna cairteacha" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-12-29.
- ↑ Maidhc Ó Cathail (Aib. 2009). "An Stát Coiriúil" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2024-12-30.
- ↑ "Jimmy Carter: 'fear ionraic a d'oibrigh ar son na síochána'" (as ga) (2024-12-30).