George Washington

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaGeneral (en) Aistrigh
George Washington

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith22 Feabhra 1732
Contae Westmoreland (Impireacht na Breataine)
Bás14 Nollaig 1799
67 bliana d'aois
Mount Vernon, Virginia Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Epiglottitis (en) Aistrigh)
Áit adhlacthaWashington's Tomb (en) Aistrigh, New Tomb (1831–) 38°42′24″N 77°05′19″W / 38.7068°N 77.0887°W / 38.7068; -77.0887
Mount Vernon, Old Tomb (1799–1831) 38°42′24″N 77°05′14″W / 38.7066°N 77.0872°W / 38.7066; -77.0872 Cuir in eagar ar Wikidata
Ceannasaí Ginearálta Arm na Stát Aontaithe
13 Iúil 1798 – 14 Nollaig 1799
← James WilkinsonAlexander Hamilton →
1 Uachtarán na Stát Aontaithe
30 Aibreán 1789 – 4 Márta 1797
← Office established (en) AistrighJohn Adams →
1 Uachtarán tofa na Stát Aontaithe
Eanáir 1789 – 30 Aibreán 1789
← luach ar iarraidh – John Adams →
Cathaoirleach Society of the Cincinnati (en) Aistrigh
19 Meitheamh 1783 – 14 Nollaig 1799 – Alexander Hamilton →
Ceannasaí Ginearálta Arm na Stát Aontaithe
15 Meitheamh 1775 – 23 Nollaig 1788
Comhalta de Theach na mbuirgéiseach de chuid Virginia
1758 – 1776 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Easpagóideach
Áit chónaithePhiladelphia
Contae Westmoreland
Nua-Eabhrac
Mount Vernon
Teanga dhúchaisBéarla
Airde74 in Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, státaire, réabhlóidí, scríbhneoir, innealtóir, cartagrafaí, geometer (en) Aistrigh, feirmeoir, oifigeach airm Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1752 –
Ball de pháirtí polaitíochtapolaiteoir neamhspleách Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataContinental Army (en) Aistrigh agus Arm na Stát Aontaithe
Céim mhíleatacoirnéal
Maorghinearál (1775–1798)
lieutenant general (en) Aistrigh (1798–1976)
General of the Armies of the United States (en) Aistrigh (1976–) Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtCogadh Réabhlóideach Mheiriceá, Philadelphia campaign (en) Aistrigh, French and Indian War (en) Aistrigh, Boston campaign (en) Aistrigh, Battle of Fort Necessity (en) Aistrigh, New York and New Jersey Campaign (en) Aistrigh, Northwest Indian War (en) Aistrigh, Braddock Expedition (en) Aistrigh, Battle of the Monongahela (en) Aistrigh, Battle of Jumonville Glen (en) Aistrigh agus Yorktown campaign (en) Aistrigh
Saothar
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
TeaghlachWashington family (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CéileMartha Washington (1759–1799), bás an duine Cuir in eagar ar Wikidata
AthairAugustine Washington  agus Mary Ball Washington
SiblínBetty Washington Lewis, Samuel Washington, John Augustine Washington, Charles Washington, Mildred Washington, Butler Washington, Lawrence Washington, Augustine Washington Jr. agus Jane Washington
Duine muintearthaMartha Parke Custis (leasiníon)
John Parke Custis (leasmhac)
George Washington Parke Custis (mac uchta) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú


Allocine: 37001 Allmovie: p369907
Musicbrainz: b0eb9de7-74d7-4177-9ac0-4f54cf462c76 Find a Grave: 6781 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba é George Washington (22 Feabhra [11 Feabhra sa tseanstíl][1] 173214 mí na Nollag 1799) chéad Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ba Washington príomhghinearál na dTrí Choilíneacht Déag le linn Chogadh Réabhlóideach Mheiriceá agus uachtarán an Choinbhinsiúin Bunreachta i bhPhiladelphia freisin. Bhí sé ina uachtarán ar an tír ar feadh dhá théarma, ón 30 Aibreán 1789 go dtí an 4 Márta 1797. An chéad seansailéir Meiriceánach ar Choláiste William agus Mary in Williamsburg, Virginia é chomh maith.

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Saolaíodh George Washington d'Augustine Washington (1694-1743) agus do Mary Ball Washington (1709?-1789) ar an 11ú lá Feabhra sa tseanstíl (an 22ú lá de réir an fhéilire nua). In Pope's Creek Plantation i gContae Westmoreland a rugadh é. Bhí George óg ar an gcéad duine clainne dár rugadh don bheirt. Rugadh cúigear eile dóibh ina dhiaidh agus bhí beirt mhac ag Augustine óna chéad bhean chéile. Fuair a athair bás nuair nach raibh ach 11 bhliain slánaithe ag George. Ba mhór an tionchar a d'imir Lawrence Washington, leathdheartháir leis, ar Sheoirse. Lawrence a spreag suim George i gcúrsaí míleata. Ní fada a mhair Lawrence ar an tsaol seo áfach, mar bhuail an eitinn é.

Ar lorg faoisimh do Lawrence, rinne an bheirt acu turas go Barbados sa bhliain 1751, an t-aon uair ina shaol a ndeachaigh George thar lear. Agus iad ag fanacht ansin, bhuail taom bolgaí George ach tháinig sé slán as go tapa gan ach rian éadrom bolgaí ar a aghaidh agus díonacht ar an gcalar as sin amach. Ba mhór an chabhair sin do George níos déanaí mar bhíodh an galar sin coitianta san arm le linn Chogadh an Neamhspleáchais. Fuair Lawrence bás ag an eitinn go gairid i ndiaidh teacht abhaile dó an bhliain ina dhiaidh.

Ní bhfuair Washington thar sheacht nó ocht mbliana scolaíochta. Bhí sé go maith ag an uimhríocht agus toisc gur chuir sé suim in imeallchríoch Mheiriceá, shocraigh sé ar an tsuirbhéireacht a fhoghlaim. De réir mar a bhí daoine ag brú isteach sa tír bhí suirbhéireacht de dhíth orthu. Thairis sin d'íoctaí as an tsuirbhéireacht le hairgead tirim, seachas an tobac ba ghnách i malartaithe trádála sna coilíneachtaí. Thosaigh sé ag obair mar shuirbhéir agus é ina dhéagóir.

Rinne sé a chéad sciuird siar go dtí an teorainn sa bhliain 1748 le suirbhéireacht a dhéanamh ann. An bhliain ina dhiaidh sin, fuair sé post mar shuirbhéir oifigiúil Chontae Culpeper, Virginia. Faoin bhliain 1752 bhí an oiread sin airgid tuillte aige go raibh sé ábalta 2,300 acra de thalamh maith a cheannach.[2]

Bhí Lawrence Washington ina ardaidiúnach ar mhíliste Virginia agus nuair a fuair sé bás shocraigh an Gobharnóir Dinwiddie ar cheithre aidiúnach a cheapadh ina áit. Fuair George ceann de na poist seo, rud a chuir tús lena shlí bheatha míleata. Maor an chéim a bhí aige. Chuaigh Washington sa Máisiúnaigh i Fredericksburg timpeall an ama céanna.[3]

An Cogadh Franc-Indiach (Cogadh na Seacht mBliana)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mount Vernon, Virginia. Ba le Lawrence Washington ar dtús é. Chuir George leis an teach i ndiaidh Martha Custis a phósadh.

Sa bhliain 1750 thosaigh na Francaigh ag síneadh amach a gcuid cumhachta míleata ó Cheanada isteach i gCríoch Ohio, áit ar a raibh éileamh freisin ag na coilíneachtaí Briotanacha úd Pennsylvania agus Virginia. Bhí Washington istigh i gceartlár na coimhlinte seo ón tús mar chuir an gobharnóir Dinwiddie an maor óg chuig na Francaigh le litir a chuirfeadh in iúl dóibh gur leis na Briotanaigh Críoch Ohio. Rinne Washington amhlaidh cé nach ndeachaigh eisean ná an litir i bhfeidhm mórán mór ar na Francaigh. Ar an turas céanna, ámh, chuir Washington aithne ar thaoiseach Indiach darbh ainm Tanacharison agus d’éirigh an dís seo mór lena chéile.

Chuir Dinwiddie Washington ar ais chuig an chuid sin tíre sa bhliain 1754 in éineacht le fórsa de chuid míliste Viginia chun dúnfort a chosaint san áit a bhfuil Pittsburgh inniu, dúnfort a bhí á thógáil ag an gComhlacht Ohio. Chuir na Francaigh ruaig ar lucht an Chomlachta, áfach, tamall sula raibh seans ag Washington an áit a bhaint amach. Joseph Coulon de Jumonville an t-oifigeach a bhí i gceannas ar na Francaigh. Thosaigh siad seo ag tógáil daingin dá gcuid féin san áit—Fort Duquesne a thug siad air.

Ní raibh an scéal ró-olc go dtí go ndearna Washington, Tanacharison agus a gcuid fear luíochán ar fhórsa de chuid na bhFrancach agus gur ionsaigh siad iad. Níl a fhios ar mharaigh Tanacharison Jumonville go fuarchúiseach le tua nó ar lámhachadh an t-oifigeach Francach agus é gortaíthe agus ina shuí taobh le Washington. D’ionsaigh na Francaigh na coilínigh Bhriotanacha agus ghabh siad Washington ag Fort Necessity i mí Iúil. Lig siad dó dul ar ais go Virginia. Dúnmharú a bhí ann dar leis na Francaigh. Chuir an Bhreatain Mhór agus an Fhrainc saighdiúirí go Meiriceá Thuaidh sa bhliain 1755, agus fógraíodh cogadh a bheith ar siúl an bhliain ina dhiaidh sin.

Washington mar choirnéal i Reisimint Virginia sa Chogadh Franc-Indiach. Seo an íomhá is luaithe de Washington cé go ndearnadh é roinnt blianta i ndiaidh an chogaidh úd.

Sa bhliain 1755, chuir na Briotanaigh sluaíocht mhór chuig na coilíneachtaí faoi cheannas an Ghinearáil Edward Braddock. Díbirt na bhFrancach as Críoch Ohio an cuspóir a bhí acu, ach rinne na Francaigh agus a gcuid guaillithe Indiacha sléacht ar na fórsaí Briotanacha i gCath na Monongahela agus gortaíodh Braddock go marfach. Ba é Washington a d’athchruinnigh na Briotanaigh agus coilínigh a bhí fágtha agus bhíodar ábalta, mar sin, tarraingt siar ón gcath in ord agus in eagar. Mar aitheantas ar an éacht seo, bhronn Dinwiddie coimisiún ar Washington mar "C[h]oirnéal Reisimint Virginia agus Ardcheannfort ar na fórsaí uilig atá tógtha anois le coilíneacht A Mhórgachta a chosaint".[4] An chéad aonad míleata Meiriceánach lánaimseartha a bhí sa reisimint chéanna. Bhí 1,000 saighdiúir faoi stiúradh Washington agus an-bhfeidhm aige ar an oiliúint agus ar an traenáil. Flexner, James Thomas (1965). George Washington: the Forge of Experience, 1732–1775. Boston: Little, Brown Chuir Dinwiddie Washington chuig an teorainn agus saoirse aige seo a roghanna féin a dhéanamh leis an teorainn a chosaint. Chaith a reisimint 20 cath taobh istigh de dheich mí. Cailleadh an tríú cuid den reisimint ach níor fhulaing pobal imeallchríoch Virginia an oiread sin agus a fulaingeadh sna coilíneachtaí eile ó na hionsaithe Indiacha. D'éirigh Washington as a choimisiún sa bhliain 1758 agus níor iompaigh sé ar ais chuig an saol míleata go dtí gur briseadh an Réabhlóid Mheiriceánach amach sa bhliain 1755.

Idir an Dá Chogadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 6 Eanáir 1759, phós Washington Martha Dandridge Custis, baintreach rachmasach. Léiríonn roinnt litreacha de chuid Washington dá maireann go raibh sé i ngrá ag an am céanna le Sally Fairfax, a bhí pósta ar chara le George.[5] Mhair an nasc idir an bheirt seo ar feadh shaol Washington, ach mar sin féin d'éirigh go maith le pósadh George agus Martha, os duine cliste, grástúil, seiftiúil a bheith i Martha. Thóg George agus Martha an bheirt pháistí a bhí aici óna céad phósadh, mar atá John "Jackie" Parke Custis agus Martha "Patsy" Parke Custis. Ní ba dhéanaí, thóg siad beirt den chlann chlainne freisin, Eleanor Parke Custis agus George Washington Parke Custis. Níor saolaíodh aon pháistí riamh do George agus Martha, áfach; b'fhéidir gur fágadh George seasc ag an mbolgach a bhí air sa bhliain 1751.[6] Bhog an lánúin nuaphósta go Mount Vernon, in aice le Alexandria, mar a raibh saol aige mar phlandálaí agus mar fhear polaitíochta.

An Réabhlóid Mheiriceánach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Washington ina ardcheannasaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cosúil lena lán daoine eile sna coilíneachtaí bhí Washington i gcoinne polasaithe na Breataine ina leith ag tosnú le hAchta na Stampaí sa bhliain 1765. I mí Bealtaine, 1769, rinne sé moladh i nDáil Reachtais Virginia baghcat ar earraí Sasanacha a dhéanamh go dtí go mbeadh na hAchtaí Townsend (achtaithe sa bhliain 1767) curtha ar ceal. Rinne Parlaimint amhlaidh (1770), ach thosaigh an t-achrann as an nua sa bhliain 1774 nuair a cuireadh na “hAchtaí Dofhulaingthe” i bhfeidhm. I mí Iúil na bliana céanna, bhí Washington i gceannas ar chruinniú ag ar glacadh na “Fairfax Resolves”, a d’éiligh “Comhdháil Ilchríochach” sna gCoilíneachtaí a thionóladh. I mí Lúnasa toghadh Washington mar dhuine de thoscairí Virginia chuig an Chéad Chomhdháil Ilchríochach.

I ndiaidh na gcatha ag Lexington agus Concord i Massachusetts in Aibreán na bliana 1775, bhí sé ina chogadh ceart idir na trí choilíneacht déag agus an Bhreatain Mhór. Chuaigh Washington go dtí an Dara Comhdháil Ilchríochach i bhPhiladelphia agus é faoi éide mhíleata. Réidh le dul chun cogaidh a bhí sé. Bhí tréithe an cheannaire i Washington agus thuig lucht Nua-Shasana go raibh tacaíocht ón Deisceart ag teastáil uathu. Chuir an Chomhdháil an t-Arm Ilchríochach ar bun ar 14 Meitheamh 1775. I ndiaidh é a bheith ainmnithe ag John Adams, toscaire ó Massachusetts, ceapadh Washington mar mhaorghinearál agus ardcheannasaí an airm nua.

Bostún agus Nua-Eabhrac[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ghabh Washington ceannas ar an Arm Ilchríochach ar an machaire catha i Cambridge agus léigear Bhostún faoi lánseol cheana. Fuair sé an bua ar na Sasanaigh i ndiaidh gunnaí móra na Meiriceánach a chur ar Airde Dorchester os cionn Bhostún. Ní raibh an dara rogha ag na Sasanaigh ach tarraingt siar ón gcathair, rud a rinne siad i mí Márta 1776. Ansin thug Washington agus na fórsaí Meiriceánacha aghaidh ar Chathair Nua-Eabhrac.

I mí Lúnasa na bliana céanna, scaoil an Ginearál Briotanach William Howe feachtas mór cabhlaigh agus talaimh chun Cathair Nua-Eabhrac a ghabháil. Faoi stiúradh Washington, chuaigh an tArm Ilchríochach i ngleic leis an namhaid den chéad uair mar arm na tíre neamhspleáiche ar ar tugadh na Stáit Aontaithe. Cath an Oileáin Fhada, nó Cath Bhrooklyn, a thugtar ar an gcomhrac seo. Bhí fórsaí an Rí i bhfad ní ba líonmhaire agus ní b'oilte ar a gceird ná na Meiriceánaigh, thréig cuid díobh seo, agus briseadh ar fhórsaí Washington. Ní raibh an dara rogha aige ach a arm a tharraingt siar trasna na hAbhann Thoir go Manhattan, rud a rinne sé faoi scáth an dorchadais agus an cheo, beagnach gan chailliúint fear, fearais ná arm.

Chúlaigh na fórsaí Meiriceánacha ó thuaidh leis na Briotanaigh a sheachaint, ag tabhairt deise don Ghinearál Howe dul ar an ionsaí. Ghabh Howe Fort Washington, i dtuaisceart Manhattan, ar an 16 Samhain. D'fhulaing na Meiriceánaigh ardchomhaireamh taismeach ann. Tharraing Washington ní b'fhaide ó thuaidh go fóill ag cur stad leis na Briotanaigh sa deireadh i dtuaisceart Chontae Westchester. Ansin thug Washington formhór a chuid saighdiúirí trasna an Hudson, ansin ó dheas agus siar trasna New Jersey go Pennsylvania.

Mar ba mhinic an cás, bhí brú ar Washington úsáid a bhaint as a chuid saighdiúirí sula dtiocfadh a gcuid téarmaí liostálaithe chun críche. Ní raibh ach 5,000 saighdiúir aige agus téarmaí an chuid ba mhó acu le críochnú ag deireadh na bliana úd. Bhí air na fórsaí Briotanacha a ionsaí faoin am sin agus ar an 26ú lá, mí na Nollaig, 1776, rinne sé amhlaidh ag tabhairt na dtrúpaí Meiriceánacha trasna an Delaware. Ghlac siad seo seilbh ar an ngarastún Heisianach agus ghabh siad beagnach 1,000 díobh mar phríosúnaigh.[7] Go luath i mí Eanáir d'ionsaigh Washington na Briotanaigh ag Princeton chomh maith mar a raibh an bua ag na Meiriceánaigh arís. Chúlaigh na Sasanaigh soir ansin go Cathair Nua-Eabhrac agus na ceantracha máguaird.

An troid sa choilíneachtaí láir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Go déanach i samhradh na bliana 1777, chuir na Sasanaigh arm mór ó dheas ó Quebec faoi stiúradh John Burgoyne. Bhí Sasana Nua faoi smacht na reibiliúnach agus bhí na Briotanaigh ag iarraidh an réigiún sin a scaradh ó na coilíneachtaí eile. Rinne siad botún bunúsach straitéise, áfach: in áit a dhul suas abhantrach an Hudson chun bualadh le fórsa Burgoyne ag Albany, shocraigh an Ginearál Howe i gCathair Nua-Eabhrac ar dhul siar ina áit sin agus seilbh a ghlacadh ar Philadelphia, príomhchathair na Meiriceánach. Rinne Washington iarracht freisin na Briotanaigh a ionsaí i bPennsylvania, ach theip ar a chuid saighdiúirí nach raibh oilte go leor ar a gceird. Ach bhí na fórsaí Meiriceánacha sa tuaisceart ábalta na Briotanaigh ansin a chur i sáinn. Ní raibh an dara rogha ag Burgoyne ach a arm sin ar fad a thabhairt suas do na Meiriceánaigh. Bua mór míleata agus taidhleoireachta Meiriceánach a bhí ann—mar gheall air, bheartaigh na Francaigh ar a gcuid tacaíochta a thabhairt do na Meiriceánaigh. Mar sin féin, bhí baill den Chomhdháil ann a bhí ag iarraidh Washington a bhriseadh as a phost. Theip orthu nuair a sheas drong mhór eile an fód ar a shon.

George Washington i gceannas ar na trúpaí Meiriceánacha agus iad ag déanamh a mbealaigh ar Valley Forge.

I mí na Nollaig, 1777, chuir arm Washington faoi le haighaidh an gheimhridh i Valley Forge, i bPennsylvania, taobh thuaidh de Philadelphia. Bhí 11,000 fear faoina cheannas faoin am sin. Bhí drochbhail ar fad orthu ag Valley Forge, áfach, agus fuair idir 2,000 agus 3,000 saighdiúir bás ag an ocras agus an fuacht, agus go mór mór ag galair. Thapaigh Washington an deis, mar sin féin, le réim fhairsing oiliúna a chur i bhfeidhm faoi stiúradh an Ghinearál von Steuben, agus le teacht an earraigh, bhí an t-arm Meiriceánach in ordú maith. Thréig na Briotanaigh Philadelphia sa bhliain 1778 agus Washington ar a sála orthu. D’ionsaigh sé iad ag Monmouth, New Jersey, ceann de na cathanna ba mhó sa chogadh. Lean na fórsaí Briotanacha leo go Cathair Nua-Eabhrac, agus d’aistrigh Washington ceanncheathrú a airm go himeall réigiún na cathrach céanna le súil agus brú a choimeád orthu.

Teacht na bhFrancach agus an bua Meiriceánach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tharla cuid mhaith de na hIndiaigh a bheith guaillithe leis na Sasanaigh agus bhí gnáth-Mheiriceánaigh ar imeall na gcoilíneachtaí ag fulaingt ag a n-ionsaithe. I samhradh na bliana 1779, chuir Washington an nGinearál John Sullivan chuig lár agus iarthar Nua-Eabhrac mar a raibh ceithre threibh de chuid chonaidhm na nIroquois ag troid ar son na Sasanach. Scriosadh dhá scór baile de chuid na nIndiach ansin. Sa bhliain 1780, tháinig an Ginearál Comte Donatien de Rochambeau ón Fhrainc in éineacht le 5,000 saighdiúir oilte agus chuir siad fúthu i Newport, Rhode Island. Bhí siad ag iarraidh deireadh a chur leis an úsáid a bhí na Briotanaigh ag baint as Bá Narraganset mar bhunáit chabhlaigh.

Chomh maith leis sin, fuair an t-Arm Ilchríochach $20,000 in ór Francach. Bhris an cabhlach Francach ar na Briotanaigh i gCath na Chesapeake sa bhliain 1781, agus ina dhiaidh sin bhí na fórsaí Meiriceánacha agus Francacha in ann arm Briotanach a chur i sáinn ag Yorktown, ar leithinis i Virginia. Ar dtús, bhí na Briotanaigh ag iarraidh géilleadh do na Francaigh, ach níor glacadh leis an réitiú sin. Níor raibh an dara rogha acu ach géilleadh do na Meiriceánaigh, rud a rinne an Ginearál Cornwallis ar an 17ú Deireadh Fómhair. B’shin deireadh le bunús na cogaíochta.

Níor léir do Washington an méid sin, áfach, ag an am. Bhí na Francaigh imithe leo abhaile agus bhí cabhlach mór ag na Briotanaigh i Meiriceá i gcónaí, in éineacht le 26,000 trúpa i Nua-Eabhrac, Charleston agus Savannah. Ba ar éigean a raibh aon airgead fágtha i gciste na Meiriceánach agus bhí a gcuid saighdiúirí ag éirí míshuaimhneach, beagnach docheansaithe ar uaireaibh. Ní ba dhéanaí, i mí Mhárta na bliana 1783, bhí na hoifigigh ar tí éirí amach: “Comhcheilg Newburgh” a tugadh air seo as an mbaile beag i Nua-Eabhrac ina raibh an t-aighneas seo suite. Bhain Washington lán-úsáid as a phearsantacht láidir agus as a dheisbhéalaíocht chun stad a chur leis. Chuidigh an Chomhdháil Mheiriceánach le cúrsaí a réitiú nuair a shocraigh siad ar bhónas 5 bliana a ghealladh do na hoifigigh.


I Meán Fómhair, 1783, síníodh Conradh Pháras, inar thug an Bhreatain Mhór aitheantas do neamhspleáchas na Stát Aontaithe. Scaoil Washington a bheannacht lena chuid saighdiúirí ar an 2ú Samhain. Óráid deaslabhartha a bhí ann. D'imigh na Briotanaigh ó Chathair Nua-Eabhrac i mí na Samhna agus ar an 25ú lá ghlac Washington agus gobharnóir Nua-Eabhrac seilbh ar an gcathair. Ar an 4ú lá de mhí na Nollag, d'fhág Washington slán lena chuid oifigeach ag Fraunces Tavern i gCathair Nua-Eabhrac, óráid eile a léitear go dtí an lá inniu. Ar an 23ú lá den mhí chéanna d’éirigh sé as a choimisiún mar ardcheannasaí, rud a chuir iontas ar uaisleacht na hEorpa ("fear mór na linne" a thug an Rí Seoirse III air[8]).

Chuaigh Washington ar ais go Mount Vernon ar feadh tamaill. Rinne sé turas go himeallchríoch na tíre sa bhliain 1784 ach níor shocraigh sé ar thionscadal faoi leith. Tharla Coinbhinsiún Bunreachta i bhPhiladelphia i samhradh na bliana 1787 le rud ní ba láidre ná Airteagail na Cónaidhme a chur le chéile don tír nua. Bhí Washington i láthair, agus toghadh d'aon ghuth é mar uachtarán an Choinbhinsiúin. Níor ghlac sé páirt mhór sa díospóireacht cé gur chaith sé a vóta ar son nó i gcoinne na n-airteagal bunreachta. Choimeád ardcháil Washington agus an meas a bhí ag daoine air an cruinniú ag obair go sibhialta feidhmiúil, rud nach raibh ró-éasca faoi bhrothall an tsamhraidh i seomra a raibh na fuinneoga dúnta le hábhar na díospóireachta a choinneáil faoi rún. Ar shampla Washington féin a bhunaigh na dealgáidí uachtaránacht na tíre. Nuair a bhí an Coinbhinsiún thart chuir Washington ina luí ar neart daoine vótáil ar son an bhunreachta. Se deireadh, ghlac na 13 stát uile an bunreacht.

An Uachtaránacht (1789–1797)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Washington ar stampa poist 10 bpingine, an chéad stampa poist dár eisíodh sna Stáit Aontaithe (1847)

Sa bhliain 1789, thogh an Coláiste Toghchánach Washington d'aon ghuth mar an chéad uachtarán. Ní bhfuair aon uachtarán eile ó shin 100% de vótaí an Choláiste. Toghadh John Adams mar leasuachtarán. Ghlac Washington mionn oifig an uachtaráin ar 30 Aibreán 1789 ar bhalcóin Federal Hall i gCathair Nua-Eabhrac. Toghadh Washington (agus Adams) arís i dtoghchán na bliana 1792. Dhiúltaigh sé tríú téarma a ghlacadh sa bhliain 1796 agus chuaigh John Adams i gcomharbas air.

Leabhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Brookhiser, Richard (1996). Founding Father: Rediscovering George Washington. Nua-Eabhrac: Free Press. ISBN 0-684-82291-1.
  • Chernow, Ron (2010). Washington: A Life. Nua-Eabhrac: Penguin Press. ISBN 978-1-59420-266-7. Duais Pulitzer.
  • Ellis, Joseph J. (2004). His Excellency: George Washington. Nua-Eabhrac: Alfred A. Knopf. ISBN 1-4000-4031-0.
  • Ferling, John E. (2000). Setting the World Ablaze: Washington, Adams, Jefferson, and the American Revolution. Nua-Eabhrac: Oxford University Press. ISBN 0-19-513409-5.
  • O'Brien, Conor Cruise (2009). First in Peace: How George Washington Set the Course for America. Réamhfhocal le Christopher Hitchens. Cambridge: Da Capo Press. ISBN 978-0-306-81619-2.
  • Randall, Willard Sterne (1997). George Washington: A Life. Nua-Eabhrac: Henry Holt & Co. ISBN 0-8050-2779-3.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Engber, Daniel (2006). What's Benjamin Franklin's Birthday? (Dáta bhreith George Washington pléite san alt céanna)
  2. "George Washington", The World Book Encyclopedia, iml. 21, lch. 93
  3. Randall, lch. 67
  4. Flexner, James Thomas 1965, lch. 138. George Washington: the Forge of Experience, 1732–1775. Bostún: Little, Brown.
  5. Ferling, John E., 2000, lch. 34;Ellis, J., His Excellency, lgh. 36–37.
  6. Chernow, lch. 103
  7. "George Washington", World Book, lch. 99
  8. Brookhiser, lch. 103

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]