Franklin D. Roosevelt

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Franklin D. Roosevelt
Franklin D. Roosevelt

32ú Uachtarán
Leasuachtarán: John N. Garner
Henry A. Wallace
Harry S Truman
I bhfeidhmeannas: 4 Márta, 193312 Aibreán, 1945
Réamhtheachtaí: Herbert C. Hoover
Comharba: Harry S Truman

Dáta breithe: 30 Eanáir, 1882
Áit bhreithe: Hyde Park, Nua Eabhrac
Dáta báis: 12 Aibreán, 1945
Áit bháis: Warm Springs, Georgia
Céile: Eleanor Roosevelt
Páirtí polaitíochta: Daonlathach
Síniú
Franklin Roosevelt Signature.svg

B'é Franklin Delano Roosevelt (30 Eanáir, 188212 Aibreán, 1945) an 32ú hUachtarán ar na Stáit Aontaithe ó 1933 go dtí a bhás i 1945. Bhí sé ina bhall den pháirtí Daonlathach. Bhí ceithre théarma Uachtaránachta ag Roosevelt i ndiaidh a chéile, níos mó ná ag aon uachtarán eile.

Dúirt Roosevelt - agus é ag seasamh don Uachtaránacht sa bhliain 1932 - go dtairgfeadh sé 'New Dea!' do mhuintir Mheiriceá. Dá dtoghfaí é, chuirfeadh an Rialtas scéimeanna ar bun (tógáil bóithre agus dambaí, mar shampla) chun obair a chur ar fáil, a gheall sé ag an am. Thug móramh na Meiriceánach a vóta dó i ngeall ar a pholasaithei Samhain 1932. Cheap a lán de lucht an rachmais i Meiriceá gur bheag ná gur Chumannachas a bhí i gceist agus chuir siad ina choinne[1]

Sa bhliain 1933, ní go furasta a d'áitigh Roosevelt ar an gComhdháil tacaíocht a thabhairt dó, ach mheall a chéad óráid ina láthair a lán díobh ar a thaobh ar an 4 Márta 1933. Is éard a dúirt sé leo, go bunúsach, ná go n-éireodh go breá le Meiriceá arís dá mbeadh daoine ciallmhar agus glacadh leis an saol mar a bhí i ndáiríre. Dúirt Roosevelt

“Is é an t-aon rud ar chóir dúinn eagla a bheith orainn roimhe ná an eagla féin ... Tá na mílte dár saoránaigh dífhostaithe agus fadhb mhór rompu amach .. , gan aon toradh ar a gcuid iarrachtaí ... Ach ní easpa acmhainní is cúis lenár n-ainnise. Tá flúirse i mbéal an dorais againn ach tá ag teip orainn leas a bhaint aisti ...”.

Ceann de scéimeanna Roosevelt ná damba millteanach mór a thógáil ar abhainn na Tennessee chun leictreachas a sholáthar. Tugadh an Tennessee Valley Authority (T.V.A.) ar an dream ar cuireadh cúram a thógála agus a reáchtála orthu.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. Cowman, Des (1991). Fianaise na Staire Iml. 3 : Gnéithe de Stair an 20ú hAois, Ar dTuiscint ar an Domhan Nua-Aoiseach, leathanach 67 (An Gúm).