Teach Ionadaithe na Stát Aontaithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Infotaula d'organitzacióTeach Ionadaithe na Stát Aontaithe
(en) The United States House of Representatives Edit the value on Wikidata
Seal of the United States House of Representatives.svg Flag of the United States House of Representatives.svg
United States House of Representatives chamber.jpg
Teach Ionadaithe na Stát Aontaithe (2017) Edit the value on Wikidata
Sonraí bunúsacha
Cineál house of representatives (en) Aistrigh Comhdháil na Stát Aontaithe
elected legislative house (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh 1ú Aibreán 1789
Eagraíocht agus rialtas
Uachtaránacht Nancy Pelosi (2019–) Edit the value on Wikidata
Spéicéir Theach Ionadaithe na Stát Aontaithe Edit the value on Wikidata Nancy Pelosi Edit the value on Wikidata
Le cuid
Cuid de Comhdháil na Stát Aontaithe Edit the value on Wikidata

Suíomh gréasáin house.gov Edit the value on Wikidata
Musicbrainz: fd840654-9320-4f0f-8739-78ca726cfeaa

Is é Teach Ionadaithe na Stát Aontaithe teach íochtarach Chomhdháil na Stát Aontaithe. An Seanad a thugtar ar an teach uachtarach. Tá ionadaíocht chionmhar ag muintir gach Stát de réir a dhaonra, agus duine amháin, ar a laghad, ó gach Stát ina shuí ar an Teach. Faoi láthair, tá ceithre chéad tríocha cúigear ionadaí ar an Teach, líon a socraíodh in Acht an Ath-Chionroinnte, nó an Reapportionment Act, sa bhliain 1929, ach más gá, tá na cumhachtaí ag an gComhdháil an líon seo a athrú. Caitheann gach ionadaí téarma dhá bhliain ar an Teach, agus is féidir é a atoghadh arís agus arís eile, gan teorannú ar bith. Is iad baill an Tí a thoghann Ceann Comhairle an Tí, nó an Speaker, mar a thugtar air as Béarla.

Nuair a socraíodh córas bunreachtúil na Stát Aontaithe, theastaigh ó ailtirí an chórais - Aithreacha Bunaithe na Stát Aontaithe, mar a thugann na Meiriceánaigh orthu - dhá sheomra parlaiminte a chur ar bun. Is é an ról a cheap siad do Theach na nIonadaithe ná toil na sluaite a chur in iúl. San am céanna, bhí siad den tuairim go mbeadh gá leis an Seanad le maolú ar na hathruithe a thiocfadh ar intinn na sluaite agus na n-ionadaithe.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]