Eleanor Roosevelt

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Eleanor Roosevelt
Eleanor Roosevelt with Fala 2.jpg
Eleanor Roosevelt agus Fala, an Chéad-Mhadra
Dáta breithe 11 Meán Fómhair 1884
  Cathair Nua-Eabhrac, SAM
Dáta báis 7 Samhain 1960
  Cathair Nua-Eabhrac, SAM
Náisiúntacht Meiriceánach
Gairm Polaiteoir, Céad-Bhean na Stát Aontaithe, Gníomhaí ar son Chearta Sibhialta
Duaiseanna Duais ar son Cearta Daonna (NA, 1968),
Céile Franklin D. Roosevelt (1905—1945, a bhás)
Síniú
Eleanor Roosevelt Signature-.svg

Polaiteoir, taidhleoir agus gníomhaí sóisialta Meiriceánach ab ea Anna Eleanor Roosevelt (11 Deireadh Fómhair 18847 Samhain 1962). Céad-Bhean na Stát Aontaithe a bhí inti ó Márta 1933 go hAibreán 1945, níos faide ná aon Chéad-Bhean eile i stair Mheiriceá. "Céad-Bhean an Domhain" a bhaist an t-uachtarán Harry S. Truman uirthi as ucht a saothar ar son cearta daonna. Rugadh agus cailleadh í i gCathair Nua-Eabhrac.

Ba de mhuintir Roosevelt agus Livingston í. Sa bhliain 1905 phós sí Franklin Delano Roosevelt, duine a raibh gaol i bhfad amach aici leis. Rugadh seisear páistí dóibh. Neacht le Theodore Roosevelt, 26ú huachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, ab ea Eleanor freisin.

I ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda agus Truman ina uachtarán ar na Stáit Aontaithe, bhí páirt shuntasach aici i gcruthú na Náisiún Aontaithe (NA). Bhí sí sa chathaoir ar an gcoimisiún a dhreacht an Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine.

A luashaol[athraigh | athraigh vicithéacs]

Rugadh Anna Eleanor Roosevelt i Manhattan do lánúin den uasaicme, Elliott Roosevelt (1860–1894) agus Anna Hall (1863–1892). Bhí beirt dheartháireacha aici, Elliott, Jr. agus Hall. chomh maith le leasdeartháir, Elliott Roosevelt Mann, arbh í Katy Mann, duine de shearbhóntaí an teaghlaigh, a mháthair. B’fhearr leis an iníon óg an dara hainm aici, Eleanor. “Granny” a thug a máthair mar leasainm uirthi as í a bheith chomh seanaimseartha agus a bhí sí. Níor thug a máthair an oiread sin ceana di ach oiread, agus mar gheall air sin shíl Eleanor go raibh sí féin gránna.

Bhí sócúl an tsaoil ag Eleanor, mar sin féin, agus í ag fás aníos. Cailleadh a máthair leis an diftéire nuair a bhí Eleanor 8 mbliana d’aois (cailleadh Elliott, Jr. den ghalar sin freisin an bhliain ina dhiaidh). Fuair a hathair bás dhá bhliain ina dhiaidh sin. Bhí seisean seo ag streachailt le fadhbanna óil le fada an lá agus bhí delirium tremens chomh dona sin air lá amháin gur léim sé trí fhuinneog san ospidéal ina raibh sé ag fanacht. D’éag sé go gairid ina dhiaidh sin. Cuireadh Eleanor agus Hall ansin chuig a seanmháthair, Marie Ludlow Hall (1843-1919), i Tivoli, Nua-Eabhrac. Sa bhliain 1898 chuaigh Eleanor a chónaí in Allenswood, scoil cailíní in aice le Londain. Chuaigh Marie Souvestre, stiúrthóir na scoile, go mór i bhfeidhm ar Eleanor idir fhorbairt éirime, chearta ban, theangacha (d’éirigh sí ardlíofa i Fhraincis agus mhúscailt a suime sa taisteal. Sa bhliain 1902, agus í ar ais i Nua-Eabhrac, rinne sí a céad iarrachtaí poiblí i measc uaisle na cathrach úd.

Pósadh[athraigh | athraigh vicithéacs]

Chuir Eleanor aithne ar Franklin D. Roosevelt, duine a raibh sinsear Ollannach aige i gcoiteann léi (mar atá Nicholas Roosevelt, 1658–1742), ar thraein i Nua-Eabhrac sa bhliain 1902. Thosaigh Franklin ag déanamh cúirtéireachta léi agus bhí an lá leis. D’ainneoin máthair Franklin a bheith ina choinne, thug siad lámh is focal lena chéile i mí na Samhna, 1904. Phós siad ar Lá le Pádraig, 1905, ócáid mhór sna nuachtáin toisc uachtarán na tíre, Theodore Roosevelt, a bheith i láthair. Chuir an lánúin faoi i gCathair Nua-Eabhrac. Thug Máthair Franklin, Sara, teach sa chathair dóibh. Ar dtús chuireadh máthair a céile a ladar isteach i ngach socrú sa teach, rud ab éasca agus teach Sara béal dorais leo agus, go deimhin, gan eatarthu ach comhlaí sleamhnáin. Ghlac Eleanor leis sin (ainneoin na bprionsabal a d’fhoghlaim sí ó Marie Souvestre), ach de réir a chéile d’éirigh léi a húdaras féin a bhaint amach sa teach. Nuair a toghadh Franklin mar sheanadóir stáit chuir siad fúthu in Albany, príomhchathair stát Nua-Eabhrac. Faoiseamh d’Eleanor ab é seo mar bhí sí ábalta éalu ó chur isteach Sara ina saol.

Nuair a ceapadh a fear céile mar leas-rúnaí an Chabhlaigh, lean sí é go Washington, D.C., ise i gcónaí ag déanamh de réir na ndualgas traidisiúnta a bhíodh ag bean a bhí pósta le duine poiblí. Sa bhliain 1919, fuair sí cual litreacha cumainn ón rúnaí aigesean, Lucy Rutherford, nuair a bhí sí ag baint a chuid éadaigh as mála taistil. D’éiligh sí colscaradh uaidh ach dhiúltaigh Franklin a leithéid a dhéanamh, agus eisean ag iarraidh a shaol polaitiúil a choimeád slán sábháilte. Mar sin féin, d’éirigh an comhréitiú eatarthu ina mhargadh polaitiúil in áit an ghnáthchaidrimh phósta. [1]

Eleanor Roosevelt, 1932

Ina dhiaidh sin, chuaigh Eleanor agus Franklin a mbealach féin. D'éirigh sise mór le gárda cosanta a tugadh di sa bhliain 1929, fear darbh ainm Earl Miller a mhúin di conas roinnt spórt a imirt. Rinne sí caidreamh dlúth le roinnt ban chomh maith. Lorena Hickok, iriseoir, an duine ba shuntasaí díobh. Bhí a fhios ag cuid de chomhghleacaithe proifisiúnta Hickok gur leispiach í. Tar éis tamaill, d'éirigh "Hick" (mar a thug Eleanor uirthi) as a post agus thosaigh sí ag obair d'Eleanor. Chaith siad a lán ama i gcuideachta lena chéile agus scríobh siad roinnt míle litreacha chun a chéile sna blianta 1933 go 1962.[2] Dhóigh Hickok cuid díobh le príobháideachas Eleanor a chosaint. Scríobh Hickok roinnt alt faoi óige agus saol laethúil Eleanor, rud a chuidigh go mór lena híomhá a chruthú. Hickok a spreag Eleanor chun aistí rialta a scríobh sna páipéir nuachta. Ní féidir a bheith lánchinnte a raibh caidreamh collaí ag Eleanor le haon duine díobh ar éirigh sí mór leo, fiú i gcás Lorena Hickok.

Saolaíodh seisear páistí don lánúin. Fuair duine díobh bás agus é ina leanbh:

  • Anna Eleanor, Jr. (3 Bealtaine 1906 - 1 Nollaig 1975): iriseoir, caidreamh poiblí
  • James (23 Nollaig 1907 - 13 Lúnasa 1991): fear gnó, ball de Chomhdháil na Stát Aontaithe
  • Franklin Delano, Jr. (18 Márta 1909 - 1 Samhain 1909)
  • Elliott (23 Meán Fómhair 1910 - 27 Deireadh Fómhair 1990): fear gnó, méara
  • Franklin Delano, Jr. (17 Lúnasa 1914 - 17 Lúnasa 1988): fear gnó, ball den Chomhdháil, feirmeoir
  • John Aspinwall (13 Márta 1916 - 27 Aibreán 1981): fear gnó

A saol poiblí[athraigh | athraigh vicithéacs]

Nuair a bhuail an polaimiailíteas Franklin i mí Lúnasa 1921, thug sí aire an linbh dó agus rinne sí gach aon rud ar a shon. In ainneoin a chúthail agus a bhí sí, agus í ag leanúint chomhairle Louis McHenry Howe, labhair sí os comhair daoine/ar an ardán ina áit chun uaillmhianta polaitiúila Franklin a chur chun cinn, é seo in aghaidh thoil Sara, arbh fhearr go mór léi dá dtabharfadh a mac tinn faoi saol ciúin compórdach ar eastát de chuid an teaghlaigh ag mairieachtáil ar a oidhreacht. Mar ionadaí a fir chéile i bhfeachtais pholatiúla chuidigh sí leis an post mar ghobharnóir Nua-Eabhrac a bhaint amach sa bhliain 1928, agus ansin uachtaránacht na Stát Aontaithe sa bhliain 1933. Céad-Bhean na Stát Aontaithe a bhí inti ón 4ú lá mí na Márta, 1933, go dtí an 12ú lá mí Aibreáin, 1945. Bhí tionchar mór aici ar bheartas intíre a fir chéile agus é in oifig, mar atá cláracha sósialta an Bhirt Nua (New Deal), feabhsú ar stádas na mban, cearta sibhialta an phobail ghoirm, srl. Chuige sin uile rinne sí preasagallaimh, scríobh sí colúin do na nuachtáin faoin teideal My Day (1935–1962), agus labhair sí ar an raidió. A bhuíochas leis an mbua a bhí ag Eleanor agus í ag baint feidhme as an meáin nua, mhéadaigh gnaoi na ndaoine ar an lánúin.

Bhí sé mar nós aici a comhairle féin a thabhairt faoi gach aon cheist, cosúil le haire gan chúram roinne i rialtas a fir chéile, rud a spreag míshuaimhneas ar a méid cumhachta, agus i ndiaidh 1940 go háirithe, tharraing sí aird an phreasa agus na scríbhneoirí grinn.

Ar cheisteanna idirnáisiúnta, bhí Eleanor ar son caidreamh taidhleoireachta a chur ar bun leis an Aontas Sóivéadach. Tháinig amhras uirthi i dtaobh na Sóivéadach, áfach, de bharr a chóngaraí agus a d'éirigh siad le Gearmáin na Naitsíoch sna 1930idí déanacha. Bhí Eleanor i bhfabhar na Stáit Aontaithe a bheith páirteach sa Dara Cogadh Domhanda. Ní raibh aon drogall uirthi cuairt a thabhairt ar na saighdiúirí ar bhéal an chatha. Sheas sí ar son cruthú scuadrún eitleoirí ar fhir ghorma iad, na Tuskegee Airmen, a ghlac páirt sa chogaíocht san Eoraip, agus rinne sí amhlaidh freisin i gcás cór píolótaí mná, rud a chuir roinnt mhaith ban in inmhe éirí ina bpíolótaí.

I Nua-Eabhrac, i ndiaidh an chogaidh, tháinig sí salach ar Tammanay Hall, an drong a raibh smacht orthu ar chuid mhaith den Pháirtí Daonlathach agus den rialtas i Nua-Eabhrac, idir chathair agus stát. Cuireadh frith-Chaitliceachas ina leith. Ba de chúlra eitneach Caitliceach an drong úd, Éireannaigh cuid mhór díobh cé gurbh fhear den ainm Carmine De Sapio an duine i gceannas orthu go dtí deireadh a réime sa bhliain 1961, an bhliain a briseadh De Sapio as a phost sa ghrúpa de bharr feachtais fhada a chothaigh grúpa leasaithe, Eleanor ina measc. Roimhe sin, i mí Iúil na bliana 1949, chothaigh colún léi i gcoinne maoiniú Fheidearálaigh do na scoileanna Caitliceacha coimhlint idir í féin agus an Cairdinéal Francis Spellman, ardeaspaig Chathair Nua-Eabhrac. D'éirigh seisean agus a lucht tacaíochta searbhasach; "frith-Chaitliceach" a thug seisean uirthi freisin. Níor thaitin a fear céile leo lena bheo ach oiread, agus nuair a sheas mac léi, Franklin Delano Roosevelt Jr., mar aturnae ginearálta an stáit sa bhliain 1954, throid lucht Tammanay Hall go tréan ina choinne.[3]

Eleanor Roosevelt agus an leagan Spáinnise de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine á choinneáil suas aici

I mí na Nollag, 1945, cheap an tUachtarán Harry S. Truman Eleanor ina toscaire chuig Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe. I mí Aibreáin, 1946, d’éirigh sí ina cathaoirleach ar Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine agus an coimisiún sin á fhorbairt go fóill. D’fhan sí sa phost úd go dtí mí Eanáir na bliana 1947. Bhí ról tábhachtach aici (in éineacht le René Cassin, John Peters Humphrey agus daoine eile) i ndréachtú an Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine. Labhair Eleanor ina fhabhar in óráid a thug sí ar an 28ú lá Meán Fómhair, 1948. Dúirt sí gur “Magna Carta idirnáisiúnta do dhaoine i ngach uile áit” a bhí ann. Ghlac an Comhthionól Ginearálta leis an nDearbhú d’aon ghuth ar an 10ú lá de mhí na Nollag, 1948, ach le ocht vóta staonta: sé náisiún an Bhloic Shóivéadaigh, an Araib Shádach, agus an Afraic Theas.

Bás[athraigh | athraigh vicithéacs]

Dealbh i gcuimhne Eleanor Roosevelt in Riverside Park, Manhattan

I mí Aibreáin na bliana 1960, d'aithin na dochtúirí anaemacht aplaisteach in Eleanor. Sa bhliain 1962 tugadh stéaróidigh di, rud a athmhúscail an eitinn a bhí ina smior cnáimhe. Theip ar a croí mar thoradh air sin ina hárasán ag 55 Sráid 74 Thoir i Manhattan ar an 7ú lá mí na Samhna 1962 in aois a 78 bliana.[4] [5][6]

I measc an tslua a bhí i láthair ag sochraid Roosevelt i Hyde Park, bhí an tUachtarán John F. Kennedy, chomh maith le hiar-uachtaráin Harry S. Truman agus Dwight D. Eisenhower. Ag labhairt ar a sochraid dó, d'fhiafraigh Adlai Stevenson, "What other single human being has touched and transformed the existence of so many?" "She would rather light a candle than curse the darkness, and her glow has warmed the world," a dúirt sé lena chois sin.[7] Cuireadh taobh le Franklin í ar eastát an teaghlaigh in Hyde Park, Nua-Eabhrac ar an 10ú lá de mhí na Samhna, 1962.[8] I ndiaidh a báis, thug muintir Roosevelt an teach samhraidh a bhí acu ar Oileán Campobello do rialtais na Stát Aontaithe agus Cheanada, agus sa bhliain 1964 chuir siad seo Páirc Idirnáisiúnta Campobello Roosevelt ar bun san áit, 2,800 acra san iomlán.[9]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. Claude-Catherine Kiejman, Eléonore Roosevelt - First Lady et rebelle, Tallandier,‎ 2012, lch. 249
  2. Tina Gianoulis, Eleanor Roosevelt [archive], glbtq.com : An Encyclopaedia of Gay, Lesbian, Bisexual, Transgender and Queer Culture, 2004
  3. Beasley, Eleanor Roosevelt Encyclopedia, lch. 276.
  4. James Malanowski (17 Iúil, 1959). "Citation is missing a title. Either specify one, or click here and a bot will try to complete the citation details for you. {{{title}}}". Spy. Retrieved on April 10, 2013. 
  5. "U.S. Flags Flying at Half-Staff As a Tribute to Mrs. Roosevelt" (PDF). The New York Times.
  6. "Health" in Beasley, Maurine Hoffman; Holly Cowan Shulman; Henry R. Beasley (2001). The Eleanor Roosevelt Encyclopedia. Greenwood Publishing Group. lgh. 230–32. ISBN 978-0-313-30181-0.
  7. "50 Years After Her Death, Eleanor Roosevelt's Admirers Will Celebrate Her Life". The New York Times. Archived from the original on 28 Samhain 2012.
  8. "Eleanor Roosevelt: Presidential First Lady" Find a Grave. Greyfield, Donald, 1 Eanáir 2001. Dáta rochtana 26 Aib. 2015
  9. Stephen O. Muskie, Campobello: Roosevelt's Beloved Island (1982)

Leabharliosta[athraigh | athraigh vicithéacs]

  • Lash, Joseph. Eleanor and Franklin. Nua-Eabhrac: W.W. Norton (1971).
  • Lash, Joseph. Eleanor: The Years Alone (1972)

Naisc sheachtracha[athraigh | athraigh vicithéacs]