Cearta daonna
Tá a lán daoine ann a chreideann go bhfuil cearta ag daoine de thairbhe gur daoine iad; ní ainmhithe ná rudaí iad ach daoine ar féidir leo smaoineamh agus mothú[1].
Dínit agus cearta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Go bunúsach, is cóir caitheamh le gach duine ar domhan le dínit.[2] Tá dínit ag duine nuair a dhéantar freastal ar a riachtanais bhunúsacha. Is iad riachtanais bhunúsacha an duine ná uisce, bia, foscadh, sábháilteacht, cúram leighis agus oideachas. Mura ndéantar freastal ar riachtanais bhunúsacha seo an duine, saol crua atá i ndán dóibh.
Ar leibhéal eile, tá iarrachtaí déanta ag a lán sochaithe chun cearta a thabhairt do gach duine. Uaireanta tá na cearta seo a dhearbhú mar chairt (liosta scríofa). Mar gheall ar na rudaí uafásacha a tharla le linn an Dara Cogadh Domhanda, shocraigh a lán tíortha go mbeadh liosta nua de chearta an duine ann chun daoine a chosaint.
Mar shampla, i 1948 d’fhoilsigh na Náisiúin Aontaithe Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine. Shínigh a lán tíortha an dearbhú seo, a rá go ndéanfaidís a ndícheall chun na cearta seo a chosaint. Sa lá atá inniu ann tá an dearbhú sínithe ag an chuid is mó de thíortha an domhain.
Tugtar cearta an duine orthu seo. Mar shampla
- an ceart bheith saor (an ceart chun saoirse);
- an ceart le comhionannas, is cuma faoi chine, faoi ghnéas, faoi chreideamh ná faoi aois;
- an ceart le bheith beo (nach cead do dhuine nórialtas tú a mharú);
- an ceart le triail chothrom phoiblí (nach gcuirtear i bpríosún thú gan chúis mhaith)
- de cheart ag gach duine scíth agus caitheamh aimsire a fháil, pósadh, náisiúntacht a bheith acu. a bheith i dteideal maoin. a bheith páirteach sa rialtas, tearmann a fháil i dtír eile chun éalú ó ghéarleanúint, a dtuairim a nochtadh....
srl.
Ionstraimí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá clásal “neamh-leithcheala” ag príomh-ionstraimí idirnáisiúnta uile na gceart daonna[3] (amhail Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus Coinbhinisiún na hEorpa um Chearta Daonna - agus amhail an tAcht um Chearta Daonna). Tagraíonn na clásail seo do na grúpaí ar féidir leo úsáid a bhaint as na cearta mar atá siad in ionstraimí na gceart daonna gan leithcheal
Dearadh ionstraimí áirithe sa dóigh go gcosnóidh siad grúpaí mionlaigh nó grúpaí a bhfuil cosaint ar leith de dhíth orthu mar shampla
• Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Dhíothú Leithcheala ar Mhná (CEDAW)
• Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Dhíothú Leithcheala Chiníoch (CERD)
• Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Pháiste (UNCRC)
Aithnítear go hidirnáisiúnta, mar sin, go gcaithfear grúpaí áirithe a chosaint ar leithcheal agus go gcaithfear comhionannas deiseanna a chothú.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Amnesty International agus as Gaeilge anseo Curtha i gcartlann 2020-08-12 ar an Wayback Machine (COGG),
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is féidir a rá go dtéann coincheap na gceart daonna féin siar go laethanta Réabhlóid na Fraince, ar a laghad. Tar éis an méid daoine a fuair bás i rith an dara Cogadh Domhanda, bunaíodh Eagraíocht na Náisiún Aontaithe. Ba é an Dara Cogadh Domhanda a thug an spreagadh don Dearbhú nua, an Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine.
Stair ársa
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Measann go leor fealsúna agus staraithe nach féidir labhairt ar chearta an duine sna seanlaethanta san Iarthar. Sa stair ársa, níor fhág noirm an phobail, a cumadh i ndáil le hord an chosmais, níor fhág siad spás ar bith don duine mar indibhid uatha, measadh an dlí go príomha mar ord oibiachtúil na sochaí. Bhí an t-ordlathas sóisialta bunaithe ar an teaghlach, an uaisleacht nó na corparáidí gairmiúla nó saothair, a thugann le tuiscint nár cumadh aon chearta daonna mar sin, cumhachtaí chun rud a lorg no a éileamh. A mhalairt ar fad, an chumhacht go léir a thugtar don duine aonair a dhíorthaítear ó stádas dúbailte: stádas an duine laistigh den teaghlach agus stádas an teaghlaigh sin sa tsochaí. Lasmuigh den Stádas ní raibh aon chearta ann.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ cf. St Marys-Belfast.ac.uk
- ↑ "Dinit an duine/ Cearta | COGG" (ga-GA). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-08-13. Dáta rochtana: 2020-04-21.
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-01-01. Dáta rochtana: 2018-03-01.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |