Mothúchán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Staid shíceolaíoch ina bhflosctar mothuithe an duine, a fheictear mar mhalairt ar staideanna cognaíocha (mar a mbíonn na smaointe is na tuairimí réasúnach). I staidéir shíceolaíocha ar mhothúcháin déantar iarracht a gceangail le staideanna comhchéimneacha cognaíocha is físeolaíocha a thuiscint. I dteoiric shuntasach a thairg William James, bíonn mothúcháin duine inchurtha lena staideanna corpartha: mar shampla, spreagann broid imní mar go n-ardaíonn sé ráta an chroí.