William James
William James | |
![]() | |
James sna 1890í | |
Dáta breithe | 11 Eanáir, 1842 |
Cathair Nua Eabhrach, Nua Eabhrach | |
Dáta báis | 26 Lúnasa, 1910 |
Tamworth, New Hampshire | |
Náisiúntacht | Meiriceánach |
Réimsí | Pragmatachas,síceolaíocht, fealsúnacht an reiligiúin,eipistéimeolaíocht , Brí |
Iomráiteach do | 'The Will to Believe', 'Teoiric pragmatach na Fírinne' , 'Eimpíreachas radacach' , 'Teoiric James - Langean Mhothúcháin','Teoiric bhréige an tSíceolaí'. |
Síceolaí is fealsamh a rugadh i Nua-Eabhrac ab ea William James (1842-1910). Deartháir leis an úrscéalaí cáiliúil Henry James. Shaothraigh sé teoiric eolais ar thug sé pragmatachas uirthi. I measc a leabhar tá The Principles of Psychology (Prionsabail na Síceolaíochta, 1890), The Varieties of Religious Experience (1902, Cineálacha Éagsúla na Taithí Reiligiúnda), agus Pragmatism (Pragmatachas, 1907). Ba é an chéad oideachasóir a chur chúrsa síceolaíochta ar fáil ar sna Stáit Aontaithe. Bhí James ar cheann de na príomhsmaointeoirí agdeireadh am naoú haois déag agus creidtear go raibh sé ar cheann de na fealsúna is mó tionchar a raibh riabh sna Stát Aontaithe, agus thug daoine eile an lipéada "Athair na síceolaíochta Meiriceánach" air. Chomh maith le Charles Sanders Peirce agus John Dewey, meastar é a bheith ar cheann de na figiúirí is mó a bhain leis an scoil fealsúnachta a dtugtar pragmatachas uirthi, agus luadh é freisin mar cheann de bhunaitheoirí na síceolaíochta feidhme. D'fhorbair sé freisin an dearcadh fealsúnachta ar a dtugtar an t-eimpíreachas radacach. Chuaigh a chuid oibre i bhfeidhm ar ar intleachtóirí eile ar nós Émile Durkheim, W.E.B. Du Bois, Edmund Husserl, Bertrand Russell, Ludwig Wittgenstein, Hilary Putnam, agus Richard Rorty, agus bhí tionchar aige ar fiú Uachtaráin, ar nós Jimmy Carter.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |