Edward Lee Thorndike

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Síceolaí a rugadh i Williamsburg, Massachusetts ab ea Edward Lee Thorndike (1874-1949). Tar éis dó staidéar a dhéanamh ar intleacht ainmhithe, chuir sé i bhfocail dlí na dtorthaí, a dhearbhaíonn go bhfoghlaimíonn an t-ainmhí iompar ar bith trí thástáil is earráid, agus gur fearr an seans go dtarlóidh an fhoghlaim sin más sásúil na torthaí ar an iompar.