Edith Wilson
Dara bean chéile Woodrow Wilson, uachtarán na Stát Aontaithe, ab ea Edith Bolling Galt Wilson (10 Deireadh Fómhair 1872 – 28 Nollaig 1961). Bhí sí ina Céad-bhean ar an tír ó 1915 go 1921. Chuir sise agus Woodrow Wilson aithne ar a chéile i mí Márta na bliana 1915 agus phós siad naoi mí ní ba dhéanaí. I ndiaidh an stróc mór a bhuail Woodrow i mí Dheireadh Fómhair sa bhliain 1919, scrúdaigh sí gach cáipéis dár cuireadh chuig an uachtarán agus roghnaigh sí cé acu díobh le cur faoina bhráid ina móimintí meabhracha. Dhéanadh sí é seo agus rudaí eile in éineacht le príomhchúntóir an uachtaráin agus i ngan fhios don saol mhór. Ise an t-aon bhean i stair Mheiriceá a chuaigh i gceannas ar bhrainse feidhmiúcháin rialtas na tíre, fiú murar thuig ach dornán daoine cad a bhí ar siúl aici.
Rugadh Edith isteach i dteaghlach de scothaicme Virginia. Ba de shliocht Pocahontas agus John Rolfe í. Deirfiúr le Thomas Jefferson ab ea sin-seanmháthair léi. Bhí Martha Washington agus Robert E. Lee ar a sinsir freisin.