Nancy Reagan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Nancy Reagan
Nancy Reagan.jpg
First Lady or Partner of California (en) Aistrigh

Eanáir 2, 1967 - Eanáir 6, 1975
Bernice Layne Brown - Gloria Saatjian
Great Seal of the United States (obverse).svg
Céadbhean na Stát Aontaithe

Eanáir 20, 1981 - Eanáir 20, 1989
Rosalynn Carter - Barbara Bush
Saol
Ainm iomlán Anne Frances Robbins
Eolas breithe Manhattan, 6 Iúil 1921
Náisiúntacht Stáit Aontaithe Mheiriceá
Teanga dhúchais An Béarla
Bás Bel Air, 6 Márta 2016
Áit adhlactha Ronald Reagan Presidential Library (en) Aistrigh
Cúis bháis bás nádúrtha (cliseadh croí)
Muintir
Athair Kenneth Seymour Robbins
Máthair Edith Luckett Davis
Céile/Céilí Ronald W. Reagan  (Márta 4, 1952 -  Meitheamh 5, 2004)
Páistí
Teaghlach
Oideachas
Alma mater Smith College (en) Aistrigh
Feinberg School of Medicine (en) Aistrigh
Latin School of Chicago (en) Aistrigh
Sidwell Friends School (en) Aistrigh
Teangacha An Béarla
Gairm
Gairm aisteoir teilifíse, aisteoir scannáin, dírbheathaisnéisí, polaiteoir, aisteoir stáitse, dlíodóir agus duine den lucht gnó
Duaiseanna
Cleamhnú
Reiligiúin Preispitéireachas
Páirtithe polaitíochta Páirtí Poblachtach
IMDb nm0004864
Discogs ID 1824498
NanReaganSignature.png

Baintreach Ronald W. Reagan, 40ú uachtarán na Stát Aontaithe ab ea Nancy Reagan, a rugadh mar Anne Frances Robbins ar an 7 Iúil 1921 i gCathair Nua-Eabhrac. Fuair Nancy bás ar an 6 Márta, 2016.

Chaith Nancy Reagan a céad dhá bhliain in Queens, Nua-Eabhrac, ach d'fhás sí aníos i Maryland sa chuid ba mhó faoi chúram aint agus uncail léi. B'shin na blianta a raibh a máthair ag taisteal agus í ar lorg oibre mar aisteoir. Ansin phós a máthair néaramháinlia coimeádach darbh ainm Loyal Davis. Rinne Nancy staidéar ag Girls' Latin School of Chicago. Bhain sí céim amach in Smith College mar a ndearna sí staidéar ar Bhéarla agus ar dhrámaíocht.

Chuaigh Nancy leis an aisteoireacht díreach cosúil lena máthair agus fuair sí páirteanna i roinnt scannán. Ghlac sí an t-ainm Nancy Reagan ag an am sin. Phós sí aisteoir eile, Ronald W. Reagan, a bhí ina uachtarán ar an Screen Actors Guild ag an am.

Céad-Bhean Stát Chalifornia a bhí inti i ndiaidh gur toghadh Ronald Reagan mar ghobharnóir an stáit úd. Céad-Bhean na Stát Aontaithe a bhí inti sna blianta 1981–1989. Ina dhiaidh sin, chuir siad fúthu in Bel Air, in Los Angeles, California. Chaith Nancy na blianta a tabhairt aire do Ronald, a raibh an galar Alzheimer ag teacht air, go dtí a bhás sa bhliain 2004. Bhí Nancy gníomhach i gcúrsaí polaitíochta, go mór mhór ag cothú tacaíochta do thaighde ar ghaschealla suthacha.

Bhí beirt chlainne orthu: Ron Reagan agus Patti Davis.