Galar Alzheimer

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarGalar Alzheimer
cuir in eagar
Cineáltauopathy (en) Aistrigh, galar a bhaineann le dul in aois agus galar (duine aonair) Cuir in eagar ar Wikidata
EapainmAlois Alzheimer Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighisnéareolaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Cóireáil chliniciúil
Comharthaímemory loss that disrupts daily life (en) Aistrigh, confusion with time and space (en) Aistrigh, challenges in planning or solving problems (en) Aistrigh, difficulty completing familiar tasks at home, at work or at leisure (en) Aistrigh, trouble understanding visual images and spatial relationships (en) Aistrigh, decreased or poor judgment (en) Aistrigh, withdrawal from work or social activities (en) Aistrigh, problems with words in speaking or writing (en) Aistrigh, changes in mood and personality (en) Aistrigh, misplacing things and losing the ability to retrace steps (en) Aistrigh agus néaltrú Cuir in eagar ar Wikidata
Scrúduitheteicnící diagnóis néareolaíocha, stair leighis, Íomháú athshondais mhaighnéadaigh agus psychological test (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cóireáilmemantine (en) Aistrigh, donepezil (en) Aistrigh, rivastigmine (en) Aistrigh, galantamine (en) Aistrigh agus physostigmine (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
 Cógais
quetiapine (en) Aistrigh, aripiprazole (en) Aistrigh, galantamine (en) Aistrigh, donepezil (en) Aistrigh, risperidone (en) Aistrigh, memantine (en) Aistrigh, rivastigmine (en) Aistrigh, rivastigmine (en) Aistrigh, memantine (en) Aistrigh agus pyritinol (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Pataigineas
Cúis ghéiniteachAPOE, NKAIN2, BMPER, SLC8A1-AS1, MS4A3, CR1, CD2AP, ABCA7, INPP5D, ZCWPW1, CELF1, FERMT2, CASS4, PTK2B, SORL1, SQSTM1, NDUFAF6, AP2A2, IGH, SPPL2A, TRIP4, CD33, GLIS3, PRRC2C, FMN2, CTNNA2, LIMS2, MOBP, STK32B, AFF1, ANKRD55, CAMK4, DMXL1, MEGF10, SAP30L, PLEKHG1, CYCS, ELMO1, HECW1, EXOC4, CSMD1, ST18, NCS1, PLPP4, ARHGAP20, SLC4A8, CRADD, ANO4, GPC6, MYO16, CLMN, GABRG3, VAT1L, CACNA1G, BCAS3, PPIAP59, TGM6, PARVB, APOC1, NECTIN2, TOMM40, TREM2, MPZL1, ATXN7L1, LUZP2, CDON, PCNX1, PICALM, PPP1R3B, SLC4A1AP, POLN, CNTNAP2, STK24, VSNL1, BIN1, MPP7, ZNF320, STK11, DIP2C, DCHS2, CLU, CCDC134, MTHFD1L, RELN, PCDH11X, GAB2, APP agus PLD3 Cuir in eagar ar Wikidata
De bharranaithnid Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
ICD-10G30.9 agus G30 Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-9331.0 agus 290.1 Cuir in eagar ar Wikidata
CIAPP70 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
Enciclopèdia Catalana0003254 Cuir in eagar ar Wikidata
OMIM104300 Cuir in eagar ar Wikidata
DiseasesDB490 Cuir in eagar ar Wikidata
MedlinePlus000760 Cuir in eagar ar Wikidata
eMedicine1134817 Cuir in eagar ar Wikidata
Patient UKalzheimers-disease Cuir in eagar ar Wikidata
MeSHD000544 Cuir in eagar ar Wikidata
GeneReviewsPanoramica Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC0002395 Cuir in eagar ar Wikidata
DOIDDOID:10652 Cuir in eagar ar Wikidata

Saghas néaltrú é Galar Alzheimer, nó Alzheimers mar a thugtar air go minic. Is galar é a tharlaíonn do sheandaoine den chuid is mó, ina meathann an inchinn chun cur isteach ar gach feidhm di.[1] Mura bhfuil togracht ghéiniteach ann (agus is annamh é), Is féidir an baol a throid le saol sláintiúil, tá a fhios againn inniu.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is dócha go bhfuil an galar seo ar an bhfód ó thús na staire daonna,. Ach ba é Alois Alzheimer a rinne an chéad chur síos air sa bhliain 1906, i mbean darbh ainm Auguste Deter. Ní raibh sí ach 55 bliain d'aois nuair a cailleadh í. Ar dtús níor ghnách an t-ainm "galar Alzheimer" a úsáid ach amháin nuair a bhíodh néaltrú ar dhuine idir 45 agus 65 bliain d'aois.

Eipidéimeolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Inchinn

Is ar sheandaoine is mó a thagann galar Alzheimer. Ach uaireanta tagann an galar ar dhaoine níos óige sna daicheadaí nó sna caogaidí, má tá togracht ghéiniteach ann go háirithe.

Cuireann néaltrú, Alzheimer san áireamh, isteach ar suas le 17% de dhaoine os cionn 85 bliain d'aois.[2] Is galair iad galar Alzheimer agus na cinn atá gaolta leis a chuireann as do suas nó anuas le 48,000 duine in Éirinn.[3]

Cúis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní fios cad é an rud is bun leis an aicíd, bíodh is gur léirigh eolaithe go bhfuil baint éigin ag próitéin ar leith inchinne leis an scéal.

Tá leideanna ann go mb'fhéidir gur ionfhabhtú mall víreasach, tocsainí comhshaoil (alúmanam, b'fhéidir), galar córasach meitibileachta, nó fachtóirí géiniteacha atá taobh thiar de.

scanadh PET

Cosc agus leigheas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faoi láthair, tugtar drugaí do dhaoine a bhfuil Alzheimer orthu chun a gcuid comharthaí a bhainistiú. Ach ní athraíonn aon cheann acu cúrsa an ghalair.[4]

Is féidir fáil réidh leis an mbaol ach saol sláintiúil a chaitheamhː spórt, bia folláin, alcól ar bith agus imeachtaí sóisialta.

Ceiliúrtar Lá Domhanda Feasachta ar Ghalar Alzheimer ar an 21 Meán Fómhair gach bliain.

Tá an-dóchas ann gur gearr go n-aithneofar an aicíd go luath amach anseo, agus go mbeidh cóir leighis chuí le fáil. I mí Mheán Fómhair 2022, d’eisigh EISAI (Comhlacht Cógaisíochta Seapánach) agus Biogen preasráiteas go raibh dea-thorthaí á bhfáil acu ar thrialacha ; chuir an antasubstaint Lecanemab moill mheasartha ar dhul chun cinn an ghalair Alzheimer. Díríonn an antasubstaint seo ar phróitéin dhíobhálach san inchinn, an bhéite-phróitéin ailileoiseach.[5]

Cosc - imeachtaí sóisialta, mar shampla ag imirt cártaí le daoine eile

Comharthai[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é rud a tharlaíonn de dheasca na haicíde seo: cliseadh cuimhne, mearbhall, éagobhsaíocht mothála, agus de réir a chéile cliseadh na hintleachta. De ghnáth is iad na comharthaí tosaigh ná fadhbanna le cuimhne, mar shampla dearmad a dhéanamh go minic ar eachtraí a tharla le déanaí, ainmneacha agus áiteanna. Seans go mbeidh deacracht ag an duine sna tascanna laethúla.

Bíonn athruithe san fhonn agus sa phearsantacht freisin. I gcéimeanna lair an ghalair, is féidir leis an duine dul ag fánadh, éirí corraaithe i dtimpeallachtaí aitheanta.

Sna céimeannna deiridh, ní bheidh an duine in ann nithe a dhéanmh go neamhspleách agus beidh cúram leanúnach de dhíth. Deirtear ansin an bealach is fearr le dul i ngleic leis ná cinntiú gur féidir le daoine fanacht ina dtithe féin.[3] Cinntíonn seo gur féidir leo saol níos iomláine a chaitheamh chomh maith le costas níos lú a bheith ar an Stát.

Alzheimer in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2022, measadh go raibh thart ar 64,000 duine in Éirinn a raibh an néaltrú orthu agus go méadóidh an líon sin go 150,000 duine faoin mbliain 2045.[5]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim). 
  2. "Prevalence by age in the UK" (en-GB). Dementia Statistics Hub. Dáta rochtana: 2020-09-21.
  3. 3.0 3.1 Caoimhghín Ó Caoláin, T.D. (14 Bealtaine 2015). "TUAIRISC OIFIGIÚIL - An Dáil (oireachtas.ie)". Dáta rochtana: 2020.
  4. Conradh na Gaeilge , Londain (3 Nollaig 2022). "Nuchat Mhall (An Dún)" (as ga-IE). 
  5. 5.0 5.1 "Fáilte curtha roimh thorthaí dearfacha i leith druga a d’fhéadfadh moill a chur leis an ngalar Alzheimer" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-11-30.