Alcóil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
WD Bosca Sonraí Comhdhúil CheimiceachAlcóil
Lukastest etoh tbutoh.JPG
Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceach structural class of chemical compounds (en) Aistrigh
Struchtúr ceimiceach
Carbinol allgemein.svg

Comhdhúile orgánacha ina bhfuil feidhmghrúpa hiodrocsaile (-OH) nasctha le carbón nach bhfuil nasctha ach le carbón eile nó le hidrigin. Nuair nach carbón aon cheann de na hadaimh seo, is alcól príomhúil é. Nuair a bhíonn dhá nó 3 mhalartaí carbóin ann, is alcól tánaisteach nó alcól treasach é faoi seach. Is feanóil iad na comhdhúile ina mbíonn an grúpa hiodrocsaile nasctha go díreach le fáinne aramatach, agus ní rangaítear mar alcóil iad. Is iad imoibrithe sainiúla alcól go ndíhiodráitíonn siad ina n-éitir, agus go n-oibríonn siad le haigéid chun eistir a tháirgeadh. Sa ghnáthshaol ciallaíonn an focal eatanól nó alcól eitile, CH3CH2OH.