Jump to content

Gaschill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is gaschill[1] ann ná cill bhunúsach as a dtagann gach cineál cille sa cholainn.

Sa suth a thosaíonn na cealla seo ag fás, agus é 5-7 lá d'aois. Tá míorúilt ar leith ag baint leo, iad go léir mar an gcéanna ach cumas acu teacht le bheith i gcineál ar bith den 200 cineál fíocháin sa cholainn.

Tarlaíonn gaschealla i mbroinn na máthar, ach in ubhán a thoirchítear i bpromhadán taobh amuigh den cholainn ar mhiasanna Petri freisin.[2]

Gaschealla cardashoithíocha

Acmhainn leighis

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Meastar go bhfuil acmhainn iontach leighis sna cealla seo agus gur féidir fíocháin ar leith a fhás leo ach na cothaithigh chuí a úsáid is cúinsí eile a chur i bhfeidhm. Mar shampla:

  • b'fhéidir iad a fhás mar chealla insíní sa phaincréas, rud a bheadh ina leigheas ar an diaibéiteas.
  • meastar go mb'fhéidir iad a fhás ina néarchealla sa cholainn chun leigheas a dhéanamh ar ghalar Alzheimergalar Parkinson, nó gortuithe do chorda an dromlaigh a dheisiú.
  • dá ndéanfaí iad a fhás ina gcealla matán, seans go mb'fhéidir croí gortaithe a dheisiú.

Tá gaschealla le fáil ó dhaoine fásta freisin, áfach, ó smior is fíochán inchinne, ach níl siad rófhlúirseach sna fíocháin seo, agus de réir dealraimh, ní fhásann siad go maith, ní bhíonn leath chomh hintiontaithe le gaschealla an tsutha, agus tá fianaise ann go gcailleann siad a n-acmhainní thar am. Tá cuid mhaith oibre ar siúl chun na fadhbanna seo a réiteach agus féidearthachtaí na ngascheall a chur i ngníomh.[2]

Má tá acmhainn iontach leighis sna cealla seo, ní haon ionadh go bhfuil an-spéis ag taighdeoirí bitheolaíochta, míochaine is eile iontu. Ach tá ceisteanna eitice, morálta is polaitiúla san áireamh maidir leis an obair seo ar shuthanna.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, stem cell
  2. 1 2 3 Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim).