Cill (bitheolaíocht)

Is í an chill (ón Laidin "cella", rud a chiallaíonn "seomra beag") an t-aonad bunúsach struchtúrach, feidhmiúil, agus bitheolaíoch de gach orgánach beo, agus an t-aonad is lú gur féidir a mhacasamhlú go neamhspleách. Go minic, tugtar bloic thógála na beatha orthu. Glaoitear bitheolaíocht cheallach ar staidéar na gceall.
Tréithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]An t-aonad tógála a dtógtar gach foirm bheatha féinatáirgthe as, ó na baictéir shimplí aoncheallacha go dtí na míolta móra mara. Tá an chill micreascópach. Inti a tharlaíonn mórchuid de bhunfheidhmeanna an orgánaigh bheo: sintéis na bpróitéiní, úscadh na gcothaitheach fuinniúil, agus atáirgeadh.[2]
Is é a bunstruchtúr cillscannán fíorthanaí timpeall uirthi, an núicléas a choimeádann an t-ábhar géiniteach taobh istigh dá scannán núicléach féin i lár báire, agus an citeaplasma slaodach tréshoilseach ag líonadh an spáis idir núicléas is cillscannán.[2]
Bíonn cealla comhdhéanta de chíteaplasma a bhíonn scannánfholaithe, ina bhfuil go leor bithmhóilíní, mar shampla próitéiní agus aigéid núicléasacha. Is féidir orgánaigh a rangú mar aoncheallach (comhdhéanta de chill aonair; lena n-áirítear baictéir) nó ilcheallach (lena n-áirítear plandaí agus ainmhithe).
Cé nach ionann líon na gceall i bplandaí agus ainmhithe ó speiceas go speiceas, bíonn thart ar 100 trilliún (1014) cill san duine. Tá an chuid is mó de na cealla i bplandaí agus ainmhithe sofheicthe ach amháin faoin micreascóp, le toisí idir 1 agus 100 micriméadar.
Atáirgeadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá dhá mhodh ann chun í a atáirgeadh: an modh gnéasach, is an modh sómach.
- Sa mhodh gnéasach, tagann dhá chill ghnéasacha ar leith le chéile, ceann amháin ón máthair (an t-ubhán) is an ceann eile ón athair (an speirm). Chun ubhán a chruthú trí mhéóis, deighiltear na crómasóim, na móilíní déhéilicse DNA, ina dhá leath i gcealla ar leith ón máthair, ionas nach bhfuil fágtha i ngach ubhán ach leath de gach crómasóm is leath den ábhar géiniteach ón máthair. Is mar an gcéanna don speirm a chruthaítear trí mhéóis sa bhfireannach. Nuair a nascann ubhán is speirm le chéile chun ubh thoirchithe a tháirgeadh, bíonn an líon iomlán den ábhar géiniteach san ubh.
- Sa mhodh sómach atáirgthe (miotóis), deighleann na crómasóim ar dtús freisin, ach ansin atáirgtear DNA nua agus déantar macasamhail de na crómasóim uile taobh istigh den chill. Ina dhiaidh sin scarann an dá mhacasamhail den DNA don dá thaobh urchomhaireacha den chill, agus diaidh ar ndiaidh cruthaítear scannán núicléis timpeall an dá DNA seo, is deighiltear an chill go léir ina dhá leath. Briseann an cillscannán agus dúnann sé arís timpeall an dá mhac-chill. Is mar seo a tharlaíonn fás an orgánaigh is deisiú i bhfíocháin. Mar shampla, i gcolainn shláintiúil dhaonna tarlaíonn 10exp12 atáirgeadh sómach gach lá, chun athnuachaint a dhéanamh ar chealla na fola, chonair an díleá, an chraicinn, na gruaige is eile.[2]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba ea Robert Hooke a chéad d'aimsigh an chill, sa bhliain 1665. Nuair a chonaic Hooke planda i micreascóp bhí sé cosúil le mainistir. Chum Hooke téarma nua: “cill.”
Deir "Teoiric na gCeall", a tháinig chun cinn sa bhliain 1839 a bhuí le Matthias Jakob Schleiden agus Theodor Schwann, go mbíonn gach orgánach comhdhéanta de chill amháin nó níos mó, gurb iad na cealla aonad bunúsach an struchtúir agus na feidhme, i ngach orgánach beo, go dtagann gach cill ó chill eile a bhí ann roimhe, agus go bhfuil, ag gach cill, an fhaisnéis oidhreachtúil is gá chun feidhmeanna na cille a rialú agus faisnéise a tharchur don chéad ghlúin eile.
Tháinig cealla chun cinn ar an Domhan, ar a laghad 3.5 billiún bliain ó shin.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Micrographia" (as en) (2025-07-05). Wikipedia.
- 1 2 3 Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim).