Polaimiailíteas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Pólaimiailiteas, Nollaig na bliana 2002 (Foinse: EDS)

██ Pólaimiailiteas díothaithe

██ Criosanna le ardriosca traiseolta

██ Cás d'allmhairithe

██ Criosanna le lagriosca traiseolta

██ Tíopa fiáin an víris a bheith as láthair

Galar víreasach a ionsaíonn damhna liath chorda an dromlaigh go tobann is ea Polaimiailíteas (nó póilió). Tá an téarma díorthaithe ón nGréigis πολίός "liath", , µυελός "corda an dromlaigh", agus -iteas, a sainchiallíonn "athlasadh". Tolgtar an víreas ó bhia nó uisce truaillithe, agus cuireann sé isteach ar pháiste go príomha. Ionsaíonn sé na cealla i líneáil na stéige ar dtús, agus faigheann an páiste buinneach. Ansin, i dtimpeall 1% de na cásanna, gluaiseann sé isteach i gcealla néarón luadrach i gcorda an dromlaigh, na néaróga a sholáthraíonn na matáin ar fud na colainne. Má mhilltear na cealla sin, cuirfidh sin tús le pairilis a fhéadfaidh cur isteach ar ghéag. Más néaróin a sholáthraíonn na scamhóga a mhilltear, is féidir go mbeidh sé sin marfach. Mharaigh is mhíchumasaigh an galar an-chuid páistí is daoine fásta sa chéad leath den 20ú céad, nuair a thugtaí an naíonphairilis air agus nach raibh aon leigheas air. D'fhionn Jonas Salk an chéad vacsaín i gcoinne polaimiailítis i 1953, agus le vacsaíní is feabhsuithe i sláinteachas, is ar éigin nach bhfuil deireadh curtha leis faoi seo.

Toradh an ionfhabhtaithe, páiste le chos seargtha.