Alcólachas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarAlcólachas
cuir in eagar
Cineálmí-úsáid alcóil, dependence syndrome (en) Aistrigh agus substance use disorder (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighissíciatracht, medical toxicology (en) Aistrigh, síceolaíocht, vocational rehabilitation (en) Aistrigh agus narcology (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cóireáil chliniciúil
Cóireáilsíciteiripe agus cognitive behavioral therapy (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Pataigineas
Buaileann séduine fásta, leanbh agus déagóir Cuir in eagar ar Wikidata
Cúisalcohol consumption (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
ÉifeachtMarchiafava-Bignami disease (en) Aistrigh, ciorróis, alcohol amnestic disorder (en) Aistrigh agus cliseadh croí Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
ICD-10F10 Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-9303 Cuir in eagar ar Wikidata
CIAPP15 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
Enciclopèdia Catalana0076481 Cuir in eagar ar Wikidata
OMIM103780 Cuir in eagar ar Wikidata
DiseasesDBalcoholism Cuir in eagar ar Wikidata
MedlinePlus000944 Cuir in eagar ar Wikidata
MeSHD000437 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC0001956 agus C0001973 Cuir in eagar ar Wikidata
tionchar alcóil

Staid ina mbíonn duine spleách ar alcól, nó fadhbanna sláinte mar gheall ar alcól, is ea Alcólachas.[1] Tugann an téarma le tuiscint go bhfuil déscaradh idir staonadh is ól measartha ar thaobh amháin, agus daoine a ólann an iomarca ar an taobh eile, agus fadhbanna sláinte acu dá bharr.

Mí-úsáid alcóil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ffadhbanna a bhaineann le halcólː físeán

Tá go leor fadhbanna a bhaineann le halcól, mar shamplaː

  • Meabhairshláinte. Léiríonn taighde go mbíonn dlúthbhaint idir mí-úsáid an alcóil agus riosca méadaithe go bhforbróidh an té fadhbanna meabhairshláinte, lena n-áirítear fadhbanna mothúcháin agus iompraíochta.[2]
  • Is féidir le galar croí agus ailse a bheith mar thoradh ar mhí-úsáid alcóil.[3]
  • Delirium tremens. Rámhaille chreathánach a tharlaíonn d'alcólach nuair a choinnítear alcól siar uaidh.
  • Gaistríteas. Athlasadh i líneáil an ghoile de thoradh greannaitheoirí cosúil le halcól
  • Othras peipteach. Othrasú cuid de líneáil an ghoile nó an dúidéinim mar thoradh ar chaitheamh alcóil, srl.
  • Ciorróis. Is é an chúis is coitinne leis ól fada leanúnach iomarcach alcóil.

Tarlaíonn mí-úsáid alcóil i ngach aicme shóisialta ach, de réir dealraimh, bíonn daoine atá ag fulaingt imní nó dúlagair claonta leis an alcól thar aon dream eile.

Léiríonn na staitisticí go bhfuil méadú le blianta beaga ar chaitheamh alcóil, agus ar an líon mná tí, daoine óga is daoine as obair go háirithe a dtuairiscítear a bheith claonta le mí-úsáid alcóil.

eipidéimeolaíocht - caitheamh alcóil ar bhonn per capita sa bhliain 2016

In Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Éire ar cheann de na cúig thír is mó caitheamh san Aontas Eorpach ó thaobh caitheamh alcóil de i 2015, agus úsáid alcóil ar bhonn per capita is mó sa domhan beagnach.[4][5] De réir suirbhé ón OECD, tá Éire ar ceann de na tíortha is measa ó thaobh an ragús óil.[6]

Sa Bhille Sláinte Poiblí (Alcól), 2015, bhí sé mar aidhm aige meánchaitheamh alcóil sa bhliain in Éirinn a laghdú ó 11 lítear an duine go 9.1 lítear an duine faoin mbliain 2020. Ach tá caitheamh alcóil fós ag méadú ó shin.

Tá an t-eolas is fearr in Éirinn le fáil ar "Ask about Alcohol", ó HSE.ie.[1] Tá suíomh ann in Éirinn, drinkaware.ie, le go leor eolais, as Gaeilge chomh maith leis sin, Ach cuireann tionscal na dí airgid ar fáil dón suíomh.[7]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. "Ask about Alcohol" (en). www2.hse.ie. Dáta rochtana: 2020-10-02.
  2. Amanda Fitzgerald, Barbara A. Dooley (2013). "Alcohol and youth mental health- The evidence base" (as en). Psychiatry Professional 2 (1): 6–8.  Curtha i gcartlann 2021-04-26 ar an Wayback Machine
  3. "Alcól | COGG" (ga-GA). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-09-18. Dáta rochtana: 2020-10-02.
  4. An Roinn Sláinte (2015). "Faomhann an Rialtas reachtaíocht cheannródaíoch lena rachfar i ngleic le mí-úsáid alcóil – Varadkar". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-03-04. Dáta rochtana: 2020.
  5. "List of countries by alcohol consumption per capita" (as en) (2020-09-04). Wikipedia. 
  6. RnaG (Déardaoin 15 Bealtaine 2014). "Cormac ag a Cúig" (ga). Cormac ag a Cúig. Dáta rochtana: 2020-10-02.
  7. Hussey, Matt (2011). "Alcólachas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 31.