Na hAlcólaigh gan Ainm

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaNa hAlcólaigh gan Ainm
(en) Alcoholics Anonymous
(ja) アルコホーリクス・アノニマス Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósalcólachas agus neamhainmníocht Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineáleagraíocht neamhbhrabúis
grúpa tacaíochta
grúpa féinchabhrach ar son meabhairshláinte Cuir in eagar ar Wikidata
Réimse oibreTwelve-step program (en) Aistrigh agus lánstaonadh Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1935
Bunaitheoir(í)Bob Smith agus Bill W. Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Faoi thionchar

Suíomh gréasáinaa.org Cuir in eagar ar Wikidata

Is éard atá i gceist leis na hAlcólaigh gan AinmAlcoholics Anonymous ná gluaiseacht idirnáisiúnta féinchabhrach dóibh siúd atá tugtha don alcól atá dírithe ar an lánstaonadh ón mbiotáille mar aidhm, is é sin, an duine a théann ar lorg cabhrach ón eagraíocht caithfidh sé éirí as ar dtús, agus na baill atá ag staonadh, is é cuspóir na gluaiseachta nach mblaisfidh siad den alcól a thuilleadh.

Céimeanna agus traidisiúin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad an Dá Thraidisiún Déag na moltaí atá ag na hAlcólaigh gan Ainm dá gcuid grúpaí féinchabhrach, moltaí a chuireann béim ar leith air nár chóir aon duine a lua ina ainm (ar eagla go dtarraingeofaí náire phoiblí air) agus nár chóir aon duine i gcruachás a chur ó dhoras.

Cuid de na traidisiúin é freisin go seachnaíonn na hAlcólaigh gan Ainm gach dlúthbhaint le dogma, le polaitíocht agus le modh céimiúil eagraíochta.

Is é dearcadh na gluaiseachta ná nach bhfuil sí ag iarraidh aon tuiscint ar leith ar an andúil alcóil a chur chun cinn thar theoiricí eile: is é tasc na ndochtúirí agus na síciatraithe é, agus níl sé faoi eagraíocht gluaiseachta féinchabhrach cosúil leis na hAA. Mar sin féin, glactar leis gurbh iad na hAlcólaigh gan Ainm a theagasc don tsaol mhór gur galar é an t-alcólachas - cé go raibh Bill W. fein (an bunaitheoir) in aghaidh na tuisceana seo.

Is é dearcadh Cumann Síciatraithe na Stát Aontaithe, mar shampla, gur chóir don druncaeir dul faoi chóir leighis san am chéanna agus atá sé ag freastal ar ghrúpa féinchabhrach de chuid na nAlcólach gan Ainm, go háirithe más alcólachas ainsealach faidréiseach atá i gceist.

Admhaíonn na hAlcólaigh gan Ainm féin go n-éiríonn 64 % de bhaill na ngrúpaí féinchabhrach as i rith an chéad bhliain, ach mar sin féin, glactar leis go bhfuil a lán daoine in ann staonadh ón alcól agus iad i dtuilleamaí chlár oibre na nAlcólach gan Ainm.

Dhá Chéim Déag na nAlcólach gan Ainm[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Caithfidh tú a admháil nach bhfuil tú in ann srianta a choinneáil leat agus go bhfuil an saol ag dul ó smacht ort, toisc go bhfuil tú ag ól barraíocht biotáille.
  • Caithfidh tú glacadh leis go bhfuil cumhacht is mó ná tú féin de dhíth le do shlánchiall a thabhairt ar ais duit.
  • Caithfidh tú tú féin a ghéilleadh don chumhacht seo, nó do Dhia, mar a thuigeann tú féin coincheap Dé.
  • Caithfidh tú tú féin a mheá ó thaobh na moráltachta is an mhisnigh de.
  • Caithfidh tú a admháil - leat féin, le Dia agus le duine eile - an dóigh a ndearna tú praiseach de do shaol agus de shaol daoine eile.
  • Caithfidh tú a cheadú do Dhia do lochtanna morálta a leigheas.
  • Caithfidh tú ainmneacha na ndaoine a bhreacadh síos a ndearna tú praiseach dá saol, agus a bheith sásta an éagóir sin a chúiteamh leo.
  • Caithfidh tú an cúiteamh sin a dhéanamh leo, más gá, agus mura ndéanfaidh sin tuilleadh dochair dóibh nó do dhaoine eile.
  • Caithfidh tú cuntas morálta a dhéanamh ar do shaol feasta, agus má tá tú sa mhícheart, caithfidh tú é sin a admháil go réidh.
  • Caithfidh tú marana nó urnaí a dhéanamh le dul i dteagmháil níos dlúithe le Dia mar a thuigeann tú féin É. Is é an t-aon rud a iarrfaidh tú Air ná go dtaispeánfaidh Sé duit céard atá ceaptha Aige duit agus cad é is féidir leatsa a dhéanamh lenA thoil a chomhlíonadh.
  • Má éiríonn leat múscailt spioradálta a fháil ar an dóigh seo, caithfidh tú an teachtaireacht a scaipeadh i measc na n-alcolach agus na prionsabail seo a chleachtadh ina bhfuil idir lámhaibh agat.

Dhá Thraidisiún Déag na nAlcólach gan Ainm[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Tá leas na nAlcólach gan Ainm níos tábhachtaí ná a dhath eile, nó ní féidir le haon duine aonair é féin a tharrtháil má tá an eagraíocht á réabadh as a chéile.
  • A fhad agus atá an grúpa i gceist, níl d'údarás ach Dia. Rí an Ghrá. Is féidir Leis É féin a chur in iúl trí chomhchoinsias an ghrúpa. Níl inár gcuid ceannairí féin ach searbhóntaí iontaofa - ní stiúrthóirí iad.
  • Le bheith i do bhall de na hAlcólaigh gan Ainm, caithfidh tú a bheith dírithe ar éirí as an druncaeireacht - ní éileofar a dhath ar bith eile ort.
  • Caithfidh gach grúpa a bheith neamhspleách i gcúrsaí nach mbaineann do ghrúpaí eile nó do na hAlcólaigh gan Ainm ina n-iomláine.
  • Níl ag aon ghrúpa ach aon chuspóir amháin - teachtaireacht na gluaiseachta a thabhairt a fhad leis na halcólaigh nach bhfuair biseach go fóill.
  • Níor chóir d'aon ghrúpa ainm na nAlcólach gan Ainm a thabhairt ar cíos ná ar iasacht d'aon ghnó ná d'aon chúis taobh amuigh de na hAA, ar eagla go gcuirfeadh fadhbanna airgid, maoine saolta nó clú isteach ar phríomhchuspóir na heagraíochta.
  • Ba chóir do gach grúpa de chuid na nAlcólach gan Ainm a bheith in ann riar ar a chuid riachtanas féin, agus níor chóir don ghrúpa glacadh le síntiúis ón taobh amuigh.
  • Caithfidh an grúpa féin bheith neamhphroifisiúnta. Is féidir leis an ngrúpa speisialtóirí a fhostú.
  • Níor chóir don ghrúpa cuma na heagraíochta a chur air féin, ach is féidir coistí agus boird ar leith a chur ar bun a ghlacann freagracht dhíreach astu siúd a bhfreastalaíonn siad orthu.
  • Níl tuairim ná dearcadh ar leith ag na hAlcólaigh gan Ainm mar ghluaiseacht ar chúrsaí nach mbaineann le cuspóir na gluaiseachta féin, agus níor chóir an ghluaiseacht a tharraingt isteach in aon chonspóid phoiblí.
  • An polasaí atá againn i leith an chaidrimh phoiblí, tá sé bunaithe ar an tarraingteacht, seachas ar an bhfógraíocht. Caithfidh muid ainmneacha ár gcuid ball a choinneáil ceilte ó na nuachtáin, ó na craoltóirí agus ó lucht déanta na scannán.
    Teach Dr Bob (Robert Smith)
  • Is í an díth ainm dúshraith spioradálta ár gcuid traidisiún, an dóigh a bhfuil na prionsabail chun tosaigh ar na pearsantachtaí.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá fréamhacha na gluaiseachta i n"Grúpa Oxford"[1] sna S.A., gluaiseacht Chríostaí a bhí gníomhach sna fichidí agus sna tríochaidí, agus a bhí ag iarraidh scoiltí agus siosmaí an tsaoil Chríostaí a tharchéimniu trí aithris a dhéanamh ar shaol na gCríostaithe sa tréimhse go gairid i ndiaidh bhás Íosa.

Bill Wilson, a rugadh i East Dorset, Vermont

Níorbh é an t-ólstaonadh príomhaidhm Ghrúpa Oxford, ach fuair cara le Bill W., Edwin Throckmorton Thacher ("Ebby"), amach go raibh riailbhéas an Ghrúpa ag cuidiú leis fanacht glan ón ólachán. D'áitigh sé ar Bill go mbeadh sé in ann éirí as an ól le cuidiú Dé, dá ndéanfadh sé neamhshuim de na hachrainn diagachta agus dá ndíreodh sé ar Dhia mar a shamhlaítear dó féin É.

Ba iad William Griffith Wilson (ar a dtugtar "Bill W." i litríocht na gluaiseachta) agus an dochtúir Robert Holbrook Smith ("Dr. Bob") a bhunaigh an ghluaiseacht in Akron, Ohio, sa bhliain 1935. In éineacht le luathbhaill eile na gluaiseachta, d'fhorbair Bill agus Bob clár oibre na nAlcólach gan Ainm agus é dírithe ar fhorbairt spioradálta agus intleachtach an charachtair, an Dá Chéim Déag.

Bunaíodh gluaiseachtaí eile in aithris ar na hAlcólaigh gan Ainm le cineálacha eile andúile a throid, go háirithe na hAndúiligh Drugaí gan Ainm, nó Narcotics Anonymous.[2] Ghlac na gluaiseachtaí seo le prionsabail na nAlcólach gan Ainm ina gcuid oibre féin.

Ar dtús, ní raibh ach Protastúnaigh páirteach sa ghluaiseacht, nó ní dheachaigh an chéad Chaitliceach san AA roimh an mbliain 1939.[3] Ina dhiaidh sin, áfach, chuaigh na hAA ar fud an domhain, agus glacadh leis an mbunsmaoineamh ina lán tíortha agus cultúr eile, fiú go tíortha ina bhfuil na húdaráis drochamhrasach i leith eagraíochtaí a bhunaíonn na saoránaigh as a stuaim féin.

In Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

In Éirinn, bhí na dochtúirí drochamhrasach i leith mhodh oibre na nAlcólach gan Ainm chomh déanach leis na caogaidí. Is é an dearcadh a bhí acu gur chóir an t-othar a choinneáil i dteach téarnaimh ar feadh tréimhse réasúnta fada, leathbhliain cuir i gcás, agus bheith ag súil leis go mbeadh sé tar éis a bhlas ar an mbiotáille a chailleadh idir an dá linn.

Sa bhliain 1943, chuaigh Éireannach darbh ainm Conor F. sna hAlcólaigh gan Ainm in Philadelphia, agus níos déanaí, bhunaigh sé an chéad ghrúpa féinchabhrach de chuid na gluaiseachta i mBaile Átha Cliath.

Duine eile a chabhraigh leis an ngluaiseacht a leathadh go hÉirinn ab ea an Bráthair Tomás Ó Duinnshléibhe, eaglaiseach Éireannach i Sydney. Bunaíodh an chéad ghrúpa san Astráil sa bhliain 1943, agus tharraing sé súil an Bhráthar ar cheist na druncaeireachta agus ar a bhféadfadh na halcólaigh féin a dhéanamh le teacht slán as a gcruachás.

Chuaigh borradh na gluaiseachta agus rath a hoibre go mór mór i bhfeidhm ar an mBráthair. Bhí an Bráthair féin sáite in obair scoile ceartúcháin do bhuachaillí óga, agus suim aige i bhfadhbanna sóisialta ginearálta dá réir sin, cosúil le ceist an alcólachais. Nuair a thug sé cuairt ar Éirinn sa bhliain 1946, chuir an Evening Mail agallamh air faoin obair shóisialta a bhí idir lámhaibh aige i Sydney, agus san agallamh seo, thug sé cur síos ar ghluaiseacht na nAlcólach gan Ainm de réir a thuisceana féin.

San am chéanna, bhí Conor F. ar saoire in Éirinn, agus é buíoch beannachtach gur chabhraigh an ghluaiseacht leis trí bliana a chaitheamh gan braon a bhlaiseadh. Chinn sé ar ghrúpa de chuid na nAlcólach gan Ainm a bhunú i mBaile Átha Cliath sula bhfillfeadh sé go Meiriceá. Mar seo a chuir sé bun leis an ngluaiseacht in Éirinn.[4]

Féach Freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. https://stepstudy.org/1920s-oxford-group-established/
  2. "Twelve-Step and Mutual-Help Programs for Addictive Disorders" (1999). Psychiatric Clinics of North America 22 (2). doi:10.1016/S0193-953X(05)70085-X. PMID 10385942. 
  3. Kurtz, Ernest (1991). "Not God: A History of Alcoholics Anonymous, Trade paperback". Hazelden Publishing & Educational Services ISBN 0-89486-065-8. 
  4. "Alcoholicsanonymous.ie - About". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-11-18. Dáta rochtana: 2010-08-22.