Síciatracht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Síciatraí)
Siomból

Is é atá sa síciatracht ná an chraobh den leigheas a bhaineann leis an meabhar agus le galar meabhargalar intinne.

Tugtar síciatraí ar dhochtúir leighis a chleachtann síciatracht.

Tugtar síceolaí ar dhuine a traenáladh i ngnáth-shíceolaíocht agus i síceolaíocht galra meabhar, de ghnáth gan traenáil sa leigheas. Tugtar néareolaí ar dhochtúr leighis a chleachtann le hothair a bhfuil galra néaracha orthu nach gnáthach galra intinne a thabhairt orthu, m.sh. titeamas, galar Pharkinsonstróc.

Seachas galar meabhar ar nós schizophrenia nó mire thaghdach, bíonn freastal ag síciatrithe orthu siúd a mbíonn trioblóid míshuaimhneachas, trioblóid clainne, pósta nó cúpla orthu, chomh maith leo siúd a mbíonn dementia (gealtachas le cailliúnt scileanna agus cuimhne) nó mallintinneacht orthu.

Déanann síciatrigh áirithe speisialtiacht le hobair le gasúir agus leanaí, le sean-aoisigh, leo siúd atá trioblóid acu a bhaineann le drogaí nó le biotáille, nó leo siúd atá i dtrioblóid leis an dlí. Déanann cuid eile speisialacht ag obair le daoine a bhfuil tinnis coirp orthu, nó leo siúd atá i ndiaidh bheith i dtionóisc nó a raibh meall san inchinn acu a rinne dochar don inchinn.

Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Cuireadh tús leis an gcóras rangú atá inniu againn ag deireadh an 19ú haois, nuair a rinne Kraepelin na Gearmáine idirdhealú idir mire thaghdach agus dementia praecox. Is éard atá i gceist le dementia praecox ná meabharghalar a thosaíonn go luath agus lena dtéann an duine i léig de réir a chéile, go minic le mealladh (delusion an Bhéarla) nó bréagchéadfaí (hallucinations an Bhéarla). Cuireadh leis an obair seo nuair a scríobh faoin hebephrenia agus Kahlbaum faoin katatonia. Freisin, rinne Schneider cur síos an-úsaideach ar siomptaim an dementia praecox, cur síos a húsáidtear go dtí an lá atá inniu ann. scitsifréine (Schizophrenia) an t-ainm a thugtar inniu ar an gcuid is mó díobh siúd a mbíodh dementia praecox orthu.

Ba á Sigmund Freud a chuir an sícanailís ar bun i Vín na hOstaire ag tús an 20ú Aois, córas teiripe a bhí an-tábhachtach i bhforbairt na síciatrachta, agus a bhaintear feidhm fós as, go háirithe ag teiripithe agus ag dochtúirí príobháideacha.

Ar feadh i bhfad ina dhiaidh sin, ní raibh morán leigheas cheart ar mheabhar ghalar, ach an duine a bhí tinn a chur in oispidéal nó in institiúd eile. Ach 'sna 1950aí, thángathas ar chlorpromazine , nó Largactil, sa bhFrainc, an chéad cheann des na drogaí frith-mhire, agus chuir sé sin athrú mór ar chleachtadh an síciatracht.

In Éirinn[athraigh | athraigh vicithéacs]

In Éirinn, i ndiaidh traenála ghinearálta san ollscoil i ndámh an leighis, is gá traenál ar feadh 4-6 bhliana sa bhreis agus scrúdaithe Choláiste Ríoga na Síciatraithe a phasáil chun cleachtadh mar chomhairlitheoir síciatrach.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]


Neamhoird mheabhracha