An Astráil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Infotaula de geografia políticaAn Astráil
Australia (en) Edit the value on Wikidata
Flag of Australia (en) Coat of arms of Australia (en)
Flag of Australia (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata Coat of arms of Australia (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Australia satellite plane.jpg
Edit the value on Wikidata

Aintiún Advance Australia Fair (Aibreán 19, 1984) Edit the value on Wikidata

Mana «no value» Edit the value on Wikidata
Siombail oifigiúil Acacia pycnantha, Ópal agus Glas Edit the value on Wikidata
Ainmnithe in ómós Terra Australis Incognita Edit the value on Wikidata
Suíomh
AUS orthographic.svg Edit the value on Wikidata
 28°S 137°E / 28°S 137°E / -28; 137

Príomhchathair Canberra Edit the value on Wikidata
Daonra
Iomlán 24,511,800 (2017) Edit the value on Wikidata
Teanga, nó leagan teanga An Béarla
no value Edit the value on Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid de MIKTA (en) Aistrigh agus Australia and New Zealand (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Achar dromchla 7,692,024 km² Edit the value on Wikidata
Tomhas 4,000 km Edit the value on Wikidata (Amplada) × 3,860 km Edit the value on Wikidata  (Llargada) default
Suite i nó in aice le limistéar uisce An tAigéan Indiach, South Pacific Ocean (en) Aistrigh, Great Australian Bight (en) Aistrigh, Caolas Bass, Tasman Sea (en) Aistrigh, Coral Sea (en) Aistrigh, Arafura Sea (en) Aistrigh agus Timor Sea (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Pointe is airde Mawson Peak (en) Aistrigh (2,745 m) Edit the value on Wikidata
Pointe is ísle Loch Eyre (−15 m) Edit the value on Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/sí Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann Edit the value on Wikidata
Cruthú Eanáir 1, 1901
Saoire phoiblí
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtais monarcacht pharlaiminteach, monarcacht bhunreachtúil agus stát cónaidhme Edit the value on Wikidata
Comhlacht feidhmiúcháin Australian Government (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Comhlacht reachtach Parliament of Australia (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
• Monarc na hAstráile Edit the value on Wikidata Eilís II (Feabhra 6, 1952) Edit the value on Wikidata
• Príomh-Aire na hAstráile Edit the value on Wikidata Scott Morrison (Lúnasa 24, 2018) Edit the value on Wikidata
Údarás breithiúnach is airde High Court of Australia (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Eacnamaíocht
Airgeadra Dollar na hAstráile Edit the value on Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil .au (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Glaochód +61 Edit the value on Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála 000 (en) Aistrigh, 112 agus 106 (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Eile

Láithreán gréasáin australia.gov.au Edit the value on Wikidata

Is tír í an Astráil atá le fáil idir an tAigéan Ciúin agus an tAigéan Indiach, agus í ar an oileán is mó ar domhan. Is é Scott Morrison an Príomh-Aire faoi láthair.

Tháinig daoine chun cónaithe sa tír timpeall 40,000 bliain ó shin ar a laghad, sinsir na mBundúchasach atá anois ann. Chruthaigh siad a lán cultúr casta, agus tá a gcuid teangacha ar na cinn is ársa ar domhan. De réir a chéile rinneadh fásach de chuid mhaith den tír, cé go raibh an t-oirthear torthúil go maith i gcónaí.

Ar éigean a bhí eolas ag Eorpaigh ar an Astráil go dtí an seachtú haois déag. Ghlac an Captaen James Cook seilbh ar an tír in ainm na Breataine sa bhliain 1778, agus tugadh New South Wales ar an limistéar thoir mar a raibh an chéad choilíneacht. De réir a chéile bunaíodh coilíneachtaí eile timpeall na tíre, agus rinneadh aon tír amháin díobh, Comhlathas na hAstráile, sa bhliain 1901.

De bhunadh Shasanach agus Éireannach cuid mhór den daonra, ach pobal an-mheasctha atá ann anois, go háirithe sna cathracha, agus neart teangacha le cloisteáil, cé gurb é an Béarla an príomhtheanga[1]. Ba mhór an babhta ar na Bundúchasaigh teacht na nEorpach, agus fuair mórán acu bás de ghalracha agus den lámh láidir, ach tugtar aitheantas anois dá ndúchas.

Córas cónaidhme atá ann, sé stát agus dhá chríoch, agus cúpla oileán ina gcríocha spleácha. Tá timpeall os cionn 20 milliún duine sa tír, agus os cionn 70% de na daoine ina gcónaí i ndeich cinn de na cathracha. Is í an Bhanríon Eilís II ceann an Stáit go fóill, cé nach bhfuil sa Choróin ach comhartha stairiúil anois, agus súil ag mórán daoine go ndéanfar poblacht den Astráil feasta.

Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá beagnach leath na hAstráile ina fásach agus tá cuid mhaith den fhuílleach neamhthorthúil. Tír ársa shíonchaite atá i gceist, agus ní maith an fód atá ar an gcuid is mó di. Ní raibh ach 15% den talamh oiriúnach don fheirmeoireacht nuair a tháinig na hEorpaigh i ndeireadh an 18ú haois, agus ní bheadh ach 10% insaothraithe anois. San Oirthear atá an talamh is méithe agus an méid uisce is mó, ach rinne na chéad fheirmeoirí díobháil mhór don timpeallacht. Anois, áfach, tá feirmeoirí na hAstráile an-oilte ar thairbhe a bhaint as a gcuid talaimh.

Bhíodh coillte móra in oirdheisceart na tíre, ach leagadh an chuid ba mhó díobh sa 19ú haois. Crainn eoclaipe (a dtugtar crainn ghuma orthu) an cineál is coitianta, agus iad ag cur go maith le tír thirim agus le tinte coille. In oirthuaisceart na tíre tá iarsmaí na gcoillte fearthainne. Meastar gur fhág modhanna cliste dóiteáin na mBundúchasach rian buan ar leagan amach agus ar nádúr na gcoillte.

Tá aird ag an bpobal agus ag na polaiteoirí araon ar chúrsaí comhshaoil anois, ach is cosúil go mbeidh an tír thíos go mór leis an téamh domhanda, agus a laghad sin uisce ann.

Na Stáit[cuir in eagar | athraigh foinse]

Stáit agus críocha na hAstráile
  1. Flag of New South Wales.svg New South Wales, príomhchathair: Sydney
  2. Flag of Queensland.svg Queensland, príomhchathair: Brisbane
  3. Flag of South Australia.svg Deisceart na hAstráile, príomhchathair: Adelaide
  4. Flag of Tasmania.svg An Tasmáin, príomhchathair: Hobart
  5. Flag of Victoria (Australia).svg Victoria, príomhchathair: Melbourne
  6. Flag of Western Australia.svg An Astráil Iartharach, príomhchathair: Perth

Na Críocha Intíre[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Flag of the Northern Territory.svg Críocha an Tuaiscirt, príomhchathair: Darwin
  2. Flag of the Australian Capital Territory.svg Críoch Phríomhchathair na hAstráile, príomhchathair: Canberra


Daonáirimh na hAstráile
[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an chathair is mó san Astráil, Sydney, daonra de 4,667,283.
Melbourne, le daonra de 4,246,345 é, dara chathair is mó san Astráil.

De réir na mblianta a leanas:

Bliain Daonra
Flag of United Kingdom.svg An Coilíneachtaí Breataine na hAstráile
1828 36,598 (20,870 lonnaitheoir saor agus 15,728 daoránach)
1881 2,250,194
Flag of Australia.svg Comhlathas na hAstráile
1901 3,773,801
1911 4,455,005
1921 5,435,700
1971 12,755,638
1976 13,548,450
1996 17,892,423
2001 18,972,350
2006 19,855,288
2014 23,703,848
  • Beirtear duine amháin gach dhá nóiméad:
  • Faigheann duine amháin bás gach trí nóiméad agus dó is tríocha soicind;
  • Tagann inimirceach nua gach dhá nóiméad agus cúig soicind;
  • Mar gheall air seo tá an daonra ag fás san Astráil de réir aon duine amháin gach dhá nóiméad is dhá shoicind déag. [2]

Flóra na hAstráile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an caolach órga (Acacia pycnantha, "Golden Wattle" i mBéarla) bláth náisiúnta na hAstráile.

Leabhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Denoon, Donald, et al. (2000). A History of Australia, New Zealand, and the Pacific. Oxford: Blackwell. ISBN 0-631-17962-3.
  • Hughes, Robert (1986). The Fatal Shore: The Epic of Australia's Founding. Knopf. ISBN 0-394-50668-5.
  • Macintyre, Stuart (2000). A Concise History of Australia. Cambridge, U.K.: Cambridge University Press. ISBN 0-521-62359-6.
  • Powell JM (1988). An Historical Geography of Modern Australia: The Restive Fringe. Cambridge, U.K.: Cambridge University Press. ISBN 0-521-25619-4.
  • Robinson GM, Loughran RJ, and Tranter PJ (2000) Australia and New Zealand: economy, society and environment. London: Arnold; NY: OUP; 0-340-72033-6 páipéar 0-340-72032-8 crua).

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Níl Béarla bhfuil stádas dlíthiúil mar theanga oifigiúil sa Bunreacht.
  2. Australian Bureau of Statistics Population Clock 08.01.15


Comhlathas na Náisiún
Flag of Antigua and Barbuda.svg Antigua agus BarbúdaFlag of Australia.svg An Astráil

Flag of Bahamas.svg Na BahámaíFlag of Bangladesh.svg An BhanglaidéisFlag of Barbados.svg BarbadósFlag of Belize.svg An BheilísFlag of Botswana.svg An BhotsuáinFlag of Brunei.svg BrúinéFlag of Cameroon.svg CamarúnFlag of Canada.svg CeanadaFlag of Cyprus.svg An ChipirFlag of Dominica.svg DoiminiceFlag of Fiji.svg FidsíFlag of Eswatini.svg EsuaitíníFlag of Ghana.svg GánaFlag of Grenada.svg GrenadaFlag of Guyana.svg an GhuáinFlag of India.svg IndiaFlag of Jamaica.svg IamáiceFlag of Kenya.svg An ChéiniaFlag of Kiribati.svg CireabaitíFlag of Lesotho.svg LeosótaFlag of Malawi.svg An MhaláivFlag of Malaysia.svg An MhalaeisiaFlag of Maldives.svg Oileáin MhaildíveFlag of Malta.svg MáltaFlag of Mauritius.svg Oileán MhuirísFlag of Mozambique.svg MósaimbícFlag of Namibia.svg An NamaibFlag of Nauru.svg NárúFlag of New Zealand.svg Nua-ShéalainnFlag of Nigeria.svg An NigéirFlag of Pakistan.svg An PhacastáinFlag of Papua New Guinea.svg Nua-Ghuine PhapuaFlag of Rwanda.svg RuandaFlag of Saint Kitts and Nevis.svg San Críostóir-NimheasFlag of Saint Lucia.svg San LuciaFlag of Saint Vincent and the Grenadines.svg San Uinseann agus na GreanáidíníFlag of Samoa.svg SamóFlag of Seychelles.svg Na SéiséilFlag of Sierra Leone.svg Siarra LeonFlag of Singapore.svg SingeapórFlag of Solomon Islands.svg Oileáin SholamónFlag of South Africa.svg An Afraic TheasFlag of Sri Lanka.svg Srí LancaFlag of Tanzania.svg An TansáinFlag of Tonga.svg TongaFlag of Trinidad and Tobago.svg Oileán na Tríonóide agus TobágaFlag of Tuvalu.svg TuvaluFlag of Uganda.svg UgandaFlag of Vanuatu.svg VanuatúFlag of Zambia.svg An tSaimbia