Arthur Calwell

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaArthur Calwell
Order of St. Gregory the Great (en) Aistrigh

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith28 Lúnasa 1896
West Melbourne, Victoria Cuir in eagar ar Wikidata
Bás8 Iúil 1973
76 bliana d'aois
Melbourne Thoir, Victoria Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaMelbourne General Cemetery (en) Aistrigh 37°47′22″S 144°57′47″E / 37.789356°S 144.963058°E / -37.789356; 144.963058 Cuir in eagar ar Wikidata
Ceannaire an Fhreasúra den Astráil
7 Márta 1960 – 8 Feabhra 1967
← H. V. EvattGough Whitlam →
Ball de Theach Ionadaithe na hAstráile
21 Meán Fómhair 1940 – 2 Samhain 1972
← William MaloneyTed Innes →
Toghcheantar: Melbourne
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síSt Mary's Primary School, West Melbourne (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Canberra Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaLucht Oibre na hAstráile Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla, an Ghaeilge agus Béarla
Teaghlach
CéileSibéal Ní Mhearáin Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Find a Grave: 66878743 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí Arthur Augustus Calwell (28 Lúnasa 18968 Iúil 1973) ina pholaiteoir Astrálach agus ina Ghaeilgeoir. Ba bhall de Theach na bhFeisirí san Astráil é ón mbliain 1947 go dtí an bhliain 1972, ba é an tAire Inimirce i rialtas Ben Chifley é ón mbliain 1945 go dtí 1949, agus ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre san Astráil ón mbliain 1960 go dtí an bhliain 1967. Rinne sé iarracht chun an Astráil a athchumadh go buan agus go deo trí inimircigh a thabhairt isteach ó thíortha éagsúla na hEorpa tar éis an Dara Cogadh Domhanda.

An chéad chuid dá shaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba de shliocht Éireannach é Calwell, agus rugadh i Melbourne é. Ba de shliocht Gael-Mheiriceánach í a mháthair. Bhí a athair ina phóilín, agus bhí Calwell agus a athair ina mbaill aitheanta den phobal Éireannach i Melbourne. Bhain siad araon leis an gClub Ceilteach. B

a Chaitliceach diaga é Calwell agus scoláire éirimiúil, agus chuaigh sé isteach i bPáirtí an Lucht Oibre ina óige dó. (Bhí mórán Caitliceach sa pháirtí ag an am.) Ní raibh d'acmhainn aige dul ar an ollscoil, agus chuaigh sé isteach mar chléireach i Státseirbhis Victoria, agus é ag obair sa Roinn Talmhaíochta agus sa Chiste. Ba é Uachtarán an Australian Public Sector Association (ceardchumann na státseirbhíseach) é idir na blianta 1927 agus 1931.

Cúrsaí polaitíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Toghadh Calwell mar Uachtarán Pháirtí an Lucht Oibre Victoria sa bhliain 1931 agus mar bhall de Theach Feidearálach na bhFeisirí do Rannóg Melbourne sa bhliain 1940. Ba é an tAire Eolais i rialtas John Curtin é ar feadh an chogaidh, agus chuir sé an chinsireacht i bhfeidhm chomh dian sin gur chuir sé colg ar a lán iriseoirí.

An tsean-Pharlaimint Fheidearálach mar a bhí sí le linn Calwell

Sa bhliain 1945 rinneadh Aire Saorántachta agus Inimirce de i rialtas Ben Chifley, rud a chuir ar a chumas na sluaite inimirceach a thabhairt isteach. Ba mhór an cúnamh dó chuige an bhaint a bhí aige leis na ceardchumainn. Bhain sé leas as an abairt "Breis daoine nó bás" (Populate or perish), rud a chuir i gcuimhne d'Astrálaigh go raibh siad tar éis cogadh dian a chur díobh agus gurbh éigean acmhainní na tíre a mhéadú. I Mí Iúil 1947 chuir sé a lámh le comhaontú le hEagraíocht Teifeach na Náisiún Aontaithe (United Nations Refugee Organisation) chun daoine easáitithe a ghlacadh ón Eoraip.

1933

Cé go raibh fáilte ag Calwell roimh Eorpaigh, bhí doicheall air roimh inimircigh ón Áise, doicheall a bhí forleathan ag an am agus a cuireadh in iúl tríd an "White Australia Policy". Rinne sé mórán teifeach ón tSín, ón Ind-Sín agus ón Malae a dhíbirt, go fiú daoine a phós Astrálaigh agus a bhí ag tógáil clainne. Dealraíonn sé nach le drochrún a rinne sé é seo ach mar bheartas poiblí,[1] agus nach raibh drogall air caidreamh a chur ar dhaoine ón Áise i gcúrsaí sóisialta.

1940

Freasúra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh Calwell as oifig nuair a tháinig an Páirtí Liobrálach i réim sa bhliain 1949 faoi cheannas Robert Menzies, polaiteoir séimh oilte. Ba ghearr gur thosaigh achrann. Sna daichidí bhí an Eaglais Chaitliceach ag spreagadh ceardchumannaigh Chaitliceacha chun dul i ngleic le Cumannaigh sna ceardchumainn. Thugtaí “Grúpaí Tionsclaíocha” (Industrial Groups) ar na heagraíochtaí a bhí i mbun an chomhraic. Thacaigh Calwell leis na “Groupers” ach tháinig athrú ar dhearcadh an pháirtí nuair a rinneadh ceannaire den Dr H.V. Evatt, fear meabhrach taghdach. Shíl Evatt go raibh na Grúpaí ag neartú baicle Chaitliceach sa pháirtí, agus bhí Calwell mór le mórán ceannairí de chuid na nGrúpaí, rud a d’fhág Evatt san amhras an raibh Calwell, a thánaiste, dílis dó. Caidreamh corrrach a bhí eatarthu as sin amach, agus bheartaigh Evatt clár oibre an pháirtí roimh thoghchán feidearálach na bliana 1954 gan dul i gcomhairle le Calwell. Bhuaigh na Liobrálaigh ar Pháirtí an Lucht Oibre le breis shuarach, rud nár mhaolaigh an faltanas.

D’fheann Evatt na Grúpaí go poiblí agus d’éiligh go ndíbreofaí iad, rud a tharla ag comhdháil speisialta sa bhliain 1955. Fágadh Calwell i gcruachás, ach faoi dheireadh chuaigh sé leis an bpáirtí. Chaill sé a lán cairde dá bharr agus Daniel Mannix, Ardeaspag Melbourne, san áireamh, agus diúltaíodh Caomaoineach dó ina shéipéal paróiste ar feadh tamaill. Dá dhílse a bhí sé don pháirtí ní raibh sé ar aon intinn leis an eite chlé, agus b’fhada é in achrann leis an bpáirtí i Stát Victoria.

Ceannaire an pháirtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir Calwell fáile roimh Isobel Saxelby sa bhliain 1949, an 100,000 inimirceach as R-A

Nuair a d’éirigh Evatt as oifig sa bhliain 1960 tháinig Calwell ina ionad agus Gough Whitlam mar thánaiste aige. Ní raibh ann ach nár bhuaigh Calwell ar Menzies i dtoghchán feidearálach na bliana 1961, ach bhí Menzies in ann tairbhe a bhaint as easaontas i bPáirtí an Lucht Oibre i dtaobh gnóthaí eachtracha agus cúnamh stáit do scoileanna Caitliceacha. Bhí Calwell i gcoinne na cabhrach sin agus i gcoinne saighdiúirí Astrálacha a bheith ag troid i gCónascadh na Malae, áit a raibh ceannairc Chumannach. Chuir sé in aghaidh bunáiteanna Meiriceánacha san Astráil freisin. Rug Menzies an chraobh leis arís sa bhliain 1963, ach dhiúltaigh Calwell éirí as.

Chuir Calwell go tréan in aghaidh saighdiúirí a chur chun Cogadh Vítneam agus an choinscríofa, ach ar an drochuair bhí cuid mhaith den phobal i bhfabhar an chogaidh. Chuaigh Menzies ar scor sa bhliain 1966, ach buadh ar Pháirtí an Lucht Oibre go dona an bhliain chéanna i dtoghchán ar thug Harold Holt, oidhre Menzies, Vítneam i gceist.

D’éirigh Calwell as sa bhliain 1967, agus ní roimh am é, dar lena lán. Bhí sé garbh agus seanfhaiseanta le hais Whitlam, céimí síodúil ollscoile a raibh máistreacht aige ar na meáin. Is minic a lochtaigh Calwell an fear eile, go háirithe toisc go raibh a fhios aige go raibh Whitlam chun Beartas na hAstráile Báine a chaitheamh i dtraipisí.

Ar scor[cuir in eagar | athraigh foinse]

1966

D’éirigh Calwell as an bpolaitíocht sa bhliain 1972 tar éis a bheith sa Pharlaimint le dhá bhliain is tríocha. Bhí spéis aige riamh sa pheil dhúchasach (rud ar mór an tábhacht a bhí leis san Astráil), agus é dílis ó chroí d’fhoireann Melbourne Thuaidh - bhí sé ar an gcéad duine a raibh ballraíocht saoil aige. Rinneadh ridire Pápach de freisin de bharr a ndearna sé ar son na hEaglaise.

Fear ilchultúrtha[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’ainneoin na dúthrachta a chaith Calwell le Beartas na hAstráile Báine, bhí sé mór lena lán daoine de chuid an phobail Shínigh i Melbourne, pobal seanbhunaithe. Is amhlaidh gur chuir sé de dhua air féin Sínis a fhoghlaim chun go mbeadh sé in ann comhrá a dhéanamh sa teanga.

Rud eile de, bhí Gaeilge aige féin agus ag Sibéal Ní Mhearáin, a bhean chéile agus iriseoir oilte.[2] D’fhoghlaim sé an teanga in Melbourne i ranganna Chonradh na Gaeilge sna fichidí.

Bhí fonn air freisin cothrom na Féinne a dhéanamh leis na Bundúchasaigh. Scríobh sé fúthu go raibh sé de dhualgas ar Astrálaigh bhána cúiteamh a dhéanamh leo.[3]

Leabhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Arthur Calwell, Labor's Role In Modern Society (1963)
  • Arthur Calwell, Be Just And Fear Not (1972)
  • Colm Kiernan, Calwell (1978)
  • Arthur Calwell, I Stand by a White Australia (1949)
  • Val Noone, Hidden Ireland in Victoria, Ballarat Heritage Services 2012

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. ‘I reject, in conscience, the idea that Australia should or ever can become a multi-racial society and survive.’ Calwell, Be Just and Fear Not, lch 117
  2. Noone 2012, lch 116
  3. ’If any people are homeless in Australia today, it is the Aboriginals, They are the only non-European descended people to whom we owe any debt. Some day, I hope, we will do justice to them.’ Calwell, Be Just and Fear Not, lch 116

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]