An Nigéir
|
|||||
| Mana: Unity and Faith, Peace and Progress | |||||
| Amhrán náisiúnta: Arise O Compatriots, Nigeria's Call Obey | |||||
| Príomhchathair | Abuja 9°10′ Thuaidh 7°10′ Thoir |
||||
| An chathair is mó | Lagos | ||||
| Teangacha oifigiúla | Béarla | ||||
| Rialtas | Poblacht feidearálach Muhammadu Buhari Namadi Sambo |
||||
| Neamhspleáchas |
|||||
| Achar • San iomlán • Uisce (%) |
923,768 km² (31ú) 1.4 |
||||
| Daonra • Meas. ó 2010 • Daonáireamh 2006 • Dlús |
158,423,000 (9ú) 140,003,542 167/km² (71ú) |
||||
| OTI (PCC) • San iomlán • An duine |
Meas. ó 2006 $188.5 billiún (47ú) $1,188 (165ú) |
||||
| Airgeadra | Naira (NGN) |
||||
| Crios ama • Samhradh (CSL) |
(UTC+1) (UTC+1) |
||||
| Fearann Idirlín | .ng | ||||
| Glaochód | +234 |
||||
Is tír san Afraic í an Nigéir. Is í Abuja an phríomhchathair agus Lagos an chathair is mó. Iar-choilíneacht Bhriotanach í atá suite in Iarthar na hAfraice agus 923,768 ciliméadar cearnach ann. Tá sí ag críochantacht leis an Nígir, Camarún, Sead, agus Beinin. Táirgeoir mór ola í ach tá formhór na ndaoine an-bhocht. Tá siad roinnte ina dtreibheanna, agus is minic aighneas idir Críostaithe agus Muslamaigh.
Labhraítear trí príomhtheangacha dúchasacha, Yoruba, Hausa agus Igbo mar aon le chuid mhaith miontheangacha eile san tír. Úsáidtear an Béarla go forleathan ann freisin.
Bhain an Nigéir neamhspleáchas amach sa bhliain 1960, agus rialtais mhíleata is mó a bhí i réim ó shin. Bhí cogadh cathartha sa tír sna seascaidí agus fuair na milliúin bás den ocras.
Aeráid theochreasach atá le fáil sa deisceart, ach tá an talamh ina fhásach beagnach sa tuaisceart mar a bhfuil cathair Jos. In ainneoin an tsaibhris uile a rinneadh as an ola tá fadhbanna móra sláinte sa tír i gcónaí.
Tá daonra 158,423,000 ann agus é ag fás go mear.
Leabhair[athraigh | edit source]
- Ó Máille, Pádraig (1972). Dúdhúchas. BÁC: Sáirséal agus Dill.
Tagairtí[athraigh | edit source]
|
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
| Comhlathas na Náisiún | ||
|---|---|---|
• |
||