São Tomé agus Príncipe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Infotaula de geografia políticaSão Tomé agus Príncipe
República Democrática de São Tomé e Príncipe (pt) Edit the value on Wikidata
Flag of São Tomé and Príncipe (en) Coat of arms of São Tomé and Príncipe (en)
Flag of São Tomé and Príncipe (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata Coat of arms of São Tomé and Príncipe (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Cathair

Aintiún Independência total (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata

Mana «Unidade, Disciplina, Trabalho»
«Unity, Discipline, Labour»
«Единство, дисциплина, труд» Edit the value on Wikidata
Suíomh
Sao Tome and Principe on the globe (Africa centered).svg Edit the value on Wikidata
 0°19′00″N 6°36′00″E / 0.31667°N 6.6°E / 0.31667; 6.6

Príomhchathair São Tomé Edit the value on Wikidata
Daonra
Iomlán 204,327 (2017) Edit the value on Wikidata
Teanga, nó leagan teanga An Phortaingéilis Edit the value on Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid de Middle Africa (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Achar dromchla 1,001 km² Edit the value on Wikidata
Pointe is airde Pico de São Tomé (en) Aistrigh (2,024 m) Edit the value on Wikidata
Pointe is ísle An tAigéan Atlantach (0 m) Edit the value on Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/sí Portuguese São Tomé and Príncipe (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Cruthú Iúil 12, 1975
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht feidhmiúcháin government of São Tomé and Príncipe (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Comhlacht reachtach Asamblea Nacional de Santo Tomé y Príncipe (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
• President of São Tomé and Príncipe (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata Evaristo Carvalho (en) Aistrigh (Meán Fómhair 3, 2016) Edit the value on Wikidata
• Prime Minister of São Tomé and Príncipe (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata Jorge Bom Jesus (en) Aistrigh (Nollaig 3, 2018) Edit the value on Wikidata
Eacnamaíocht
Nominal GDP (en) Aistrigh

390,871,568.63008 $ (2017) Edit the value on Wikidata

)
Nominal GDP per capita (en) Aistrigh 1,921 $ (2017) Edit the value on Wikidata
Cúlchiste iomlán 58,950,229 $ (2017) Edit the value on Wikidata
Airgeadra São Tomé and Príncipe dobra (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil .st (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Telephone numbering plan (en) Aistrigh +239 Edit the value on Wikidata
Emergency phone number (en) Aistrigh 112 Edit the value on Wikidata
Eile

Láithreán Gréasáin saotome.st Edit the value on Wikidata

Tír oileánda i Murascaill na Guine is ea São Tomé agus Príncipe agus í suite amach ó chósta na hAfraice Meánchiorclaí. Tá dhá oileándra timpeall Oileán São Tomé agus Oileán Príncipe agus iad tuairim is 140 ciliméadar ó chéile.

Ní raibh daoine ina gcónaí ar na hoileáin nuair a tháinig na Portaingéalaigh trasna orthu. Bhí na Portaingéalaigh ag lonnú orthu ar feadh an 16ú haois agus bhí tábhacht leis na hoileáin i dtaca le trádáil sclábhaithe an Aigéin Atlantaigh. Bhí geilleagar na n-oileán ag brath go mór ar na sclábhaithe sin, mar b’fhurasta siúcra, agus barraí margaidh ar nós caife agus pónairí cócó ina dhiaidh sin, a shaothrú ann de bharr na hithreach méithe bolcánaí agus na haeráide trópaicí.

Bhí achrann agus corraíl ann sa 19ú agus sa 20ú haois agus geilleagar míshocair. Baineadh neamhspleáchas amach go síochánta in 1975, agus tá an tír ar na tíortha is socra agus is daonlathaí san Afraic fós.

Tá daonra de 199,910 (2016) ag São Tomé agus Príncipe agus dá bhrí sin tá sí ar an dara tír Afracach is lú i ndiaidh na Séiséal agus ar an tír Phortaingéilise is lú. De shliocht Afracach agus measctha an chuid is mó den phobal, agus tá a bhformhór ina gCaitlicigh.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Léarscáil de São Tomé le Johannes Vingboons (1665).

Bhí São Tomé agus Príncipe gan daoine nuair a bhain na Portaingéalaigh amach iad timpeall 1470. João de Santarém agus Pêro Escobar a tháinig trasna orthu. Síleadh go mbeadh na hoileáin go maith chun trádáil leis an míntir. Ba dheacair lonnaitheoirí a mhealladh, agus ba dhaoine nach raibh meas orthu sa Phortaingéil, go háirithe Giúdaigh, is mó a tháinig ar dtús.[1]

Faoi 1515 b’iostaí sclábhaithe iad São Tomé agus Príncipe agus iad ag freastal ar thrádáil sclábhaithe an chósta timpeall Elmina.[2]

Iarsmalann São Sebastião in São Tomé

Bhí dianghá le hoibrithe chun siúcra a shaothrú agus thug na Portaingéalaigh an táinte sclábhaithe isteach ón míntír. Faoi lár an 16ú haois ní raibh bualadh na n-oileán le fáil san Afraic i ngeall ar an méid siúcra a bhí á easportáil ag na Portaingéalaigh. Ghlac Ríocht na Portaingéile seilbh ar São Tomé agus Príncipe in 1522 agus in 1573 faoi seach.

Ach tháinig laghdú ar an mbrabach de bharr a raibh de shiúcra á shaothrú sa leathsféar thiar, agus ba dheacair smacht a choinneáil ar an daonra mór sclábhaithe toisc nach raibh sé d’acmhainní ag an bPortaingéil chuige. Chuaigh saothrú an tsiúcra i laghad ar feadh céad bliain. Faoi lár an 17ú haois bhí athrú tagtha ar gheilleagar São Tomé agus é mar chaladh idirthurais ag longa a bhí ag tabhairt sclábhaithe ó mhíntír na hAfraice go dtí an tIarthar.

Sa 19ú haois tugadh dhá bharr margaidh nua isteach, caife agus pónairí cócó, barraí a d’oir don ithir bholcánach. Ba ghearr go raibh plandálacha móra (nó "roças") le fáil ar an gcuid is mó den talamh maith agus iad i seilbh comhlachtaí Portaingéalacha nó tiarnaí talún thar lear. Faoi 1908 ba é São Tomé an áit is mó a raibh cócó á shaothrú ann agus is é an barr is tábhachtaí fós ann é.

Thug córas seo na bplandálacha údarás mór do na bainisteoirí plandála agus tugadh drochíde do na hoibrithe dá bharr. Chuir an Phortaingéil deireadh leis an sclábhaíocht in 1876 ach ní raibh deireadh leis an obair éigeantais. I dtús an 20ú haois tharla conspóid idirnáisiúnta toisc go ndúradh go raibh drochúsáid á tabhairt d’oibrithe conartha ó Angóla. Lean achrann lucht oibre i bhfad ina dhiaidh sin. In 1953 bhí ciréibí ann, agus mharaigh na húdaráis cúpla céad oibrí Afracach. Tá cuimhne fós ar “shléacht Baterá” agus déanann an rialtas ceiliúradh air.

Neamhspleáchas (1975)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ardeaglais São Tomé

Sa chuid dhéanach de na 1950í, nuair a bhí náisiúin nua eile san Afraic ag éileamh neamhspleáchais, bhunaigh baicle de mhuintir São Tomé “Movimento de Libertação de São Tomé e Príncipe” (“An Ghluaiseacht um Shaoradh São Tomé agus Príncipe”) (MLSTP) agus chuir lárionad ar bun sa Ghabún, tír a bhí láimh leo. Treascraíodh deachtóireacht Marcelo Caetano sa Phortaingéil i Mí Aibreáin 1974 agus shocraigh an rialtas nua ar scaradh le coilíneachtaí na Portaingéile. Tar éis rialtais idithréimhsigh bhain São Tomé agus Príncipe neamhspleáchas amach ar an 12 Iúil 1975 agus toghadh Manuel Pinto da Costa, iar-Ard-Rúnaí MLSTP, mar an gcéad Uachtarán.

In 1990 bhí São Tomé ar na chéad tíortha Afracacha a ndearnadh leasú daonlathach orthu. Cheadaigh an dlí páirtithe freasúra agus as sin amach bhí toghcháin shaora ann.

Ghabh an t-arm cumhacht ar feadh seachtaine i Mí Iúil 2003 agus iad ag gearán faoi bhreabaireacht agus nach roinnfí teacht isteach ón ola go cothrom. Rinneadh socrú a lig don Uachtarán Fradique de Menezes (a toghadh in 2001) dul i gcumhacht arís. In 2009 rinneadh iarracht ar an Uachtarán a threascairt, ach thug sé pardún do na cealgairí tar éis gur cuireadh i mbraighdeanas iad.[3]

Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Pálás Uachtaránach São Tomé agus Príncipe

Toghtar Uachtarán na poblachta le haghaidh téarma cúig bliana le vótáil na ndaoine uile agus ballóid rúnda, agus caithfidh sé tromlach glan na vótaí a fháil. Tá cead ag an Uachtarán fanacht i gcumhacht dhá théarma i ndiaidh a chéile. Is é an tUachtarán a roghnaíonn an príomh-aire agus roghnaíonn an príomh-aire na ceithre bhall déag den chomh-aireacht.

Tá cúig bhall is caoga ag Tionól Náisiúnta São Tomé agus Príncipe. Toghtar iad le haghaidh téarma ceithre bliana agus cruinníonn siad le chéile dhá uair in aghaidh na bliana.

Is í an Chúirt Uachtarach an t-údarás is airde i gcúrsaí dlí. Tá na breithiúna neamhspleách de réir ab bhunreachta.

Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Pico Cão Grande

Tá São Tomé agus Príncipe suite san Atlantach meánchiorclach agus Murascaill na Guine, timpeall 300 agus 250 faoi seach amach ó chósta thiar thuaidh an Ghabúin. Baineann siad le líne bholcánach Chamarún, líne a bhfuil baint aici freisin le hoileáin Annobón san iardheisceart agus le Bioko san oirthuaisceart (ar cuid den Ghuine Mheánchiorclach iad), agus le Sliabh Chamarún ar chósta Murascaill na Guine.

Tá São Tomé 50 ciliméadar ar fad agus 30 ciliméadar ar leithead agus é ar an gceann is sléibhtiúla den dá oileán. Tá Príncipe timpeall 30 ciliméadar ar fad agus sé chiliméadar ar leithead. Tagann srutháin aníos learga na sléibhte ar an dá oileán agus iad ag rith chun na farraige tríd an bhforaois agus trí pháirceanna. Tá an Meánchiorcal le fáil díreach laisteas d’Oileán São Tomé.

Aeráid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Aeráid thrópaiceach atá ann ag leibhéal na farraige: é te agus marbhánta le meánteocht 27° C nach athraíonn mórán. Níos faide suas tá meánteocht bhliantúil 20° C ann agus bíonn na hoícheanta fionnuar. Ní hionann an bháisteach bhliantúil i ngach áit, 5,000 mm ar na learga thiar theas agus 1,000 mm sna hísleáin thuaidh. Idir Mí Dheireadh Fómhair agus Mí an Mheithimh a thiteann an bháisteach.

Fiadhúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níl mórán mamach le fáil in São Tomé agus Príncipe, cé go bhfuil dallóg fraoigh ann agus roinnt speicis de sciatháin leathair. Is mó ná sin an méid éan agus plandaí atá ann. Orthu sin tá an íbis is lú ar domhan, an t-éan gréine is mó ar domhan, scréachán neamhchoitianta São Tomé agus roinnt speicis mhóra de bheagóinia.

Tá tábhacht leis an tír mar áit neadaireachta turtar. Orthu tá an turtar frithghobach (Eretmochelys imbricata).

Caidreamh Coigríche[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá ambasáidí ag São Tomé agus Príncipe in Angóla, sa Bheilg, sa Ghabún, sa Phortaingéil agus sna Stáit Aontaithe. Thug sé aitheantas do Dhaon-Phoblacht na Síne in 2016. Tá misean buan chun na Náisiún Aontaithe aige i Nua-Eabhrac agus tá Oifig Comhfhreagraí Thaidhleoireachta Idirnáisiúnta aige.

Tá São Tomé agus Príncipe ar na stáit a bhunaigh Comhphobal Thíortha na Portaingéilise.

Cúrsaí míleata[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is beag iad fórsaí míleata São Tomé agus Príncipe. Tá ceithre chraobh ann: an tArm, an Garda Cósta, Garda an Uachtaráin agus an Garda Náisúnta.

Geilleagar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cócó in São Tomé
Aframomum melegueta (Ossame): Piobar in São Tomé agus Príncipe

Tá geilleagar São Tomé agus Príncipe ag brath ar churaíocht phlandála ón 19ú haois i leith. Nuair a d’éirigh an tír neamhspleách bhí plandálacha le fáil ar 90% den talamh curaíochta, plandálacha ar le Portaingéalaigh iad. Ghlac gnólachta stáit seilbh ar na plandálacha sin. Is é an cócó an barr is mó saothrú agus tá 95% d’easportálacha talmhaíocha ag brath air. Easportáiltear copra, eithní pailme agus caife chomh maith.

Iomportálann an tír tromlach a cuid bia mar nach saothraítear a oiread barraí bia sa bhaile is a chothódh pobal na tíre.[4] In 1997 measadh gur iomportáladh 90% de bhia na tíre.[4] Le beagán blianta anuas tá an rialtas ag iarraidh saothrú barraí bia a mhéadú. Cuireadh a lán tionscadal ar bun chuige agus cuid mhór den mhaoiniú faighte ó dheontóirí ón iasacht.

Mercado Côco-côco, margadh i gcathair São Tomé
Lár chathair São Tomé
Aerphort Idirnáisiúnta São Tomé

Cé is moite den churaíocht, is iad na gnóthaí is tábhachtaí an iascaireacht agus beagán tionscal a phróiseálann táirgí talmhaíocha áitiúla agus a dhéanann roinnt bunearraí. D’fhéadfadh an turasóireacht a chur chun cinn agus tá an rialtas ag iarraidh feabhas a chur ar infrastruchtúr an tionscail sin. Tá iarracht éigin á déanamh ar ghnólachtaí príobháideacha a ghríosú sa tionscal turasóireachta.[5] Tá timpeall 11% d’oibrithe ar fostú ag an rialtas.

Tar éis go bhfuarthas neamhspleáchas bhí an chuid ba mhó de na modhanna táirgeachta faoi smacht an stáit. Sna 1980í agus na 1990í tháinig laghdú mór ar shaothrú cócó agus mheath an geilleagar dá réir. In 1987 chuir an rialtas clár athchóirithe de chuid an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) i bhfeidhm agus thosaigh sé ag ligean gnólachtaí príobháideacha isteach. In 2000 laghdaíodh cuid mhór d’fhiacha na tíre mar gheall ar thionscnamh de chuid CAI agus an Bhainc Dhomhanda ach tá an laghdú seo á mheasúnú i gcónaí. Tá súil ag an rialtas go bhfaighidh an tír teacht isteach mór de thoradh shaothrú na hola.

Déantar trádáil mhór leis an bPortaingéil, go háirithe agus earraí á n-iomportáil. Is ón Aontas Eorpach is mó a iomportáiltear bia, déantúsáin, innealra, agus gléasra iompair.

Daonra[cuir in eagar | athraigh foinse]

In 2010 measadh go raibh 163,784 duine ina gcónaí ann.[6] Tá timpeall 157,000 duine ina gcónaí ar São Tomé agus 6,000 duine ar Príncipe.

Shíolraigh a bhformhór mór ó dhaoine as tíortha éagsúla a thug na Portaingéalaigh chun na n-oileán ón mbliain 1470 amach. Sna 1970í ghluais slua isteach agus amach: d’imigh formhór na bPortaingéalach agus tháinig na céadta daoine de chuid São Tomé abhaile ina ndídeanaithe ó Angóla.

Grúpaí eitneacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá na grúpaí eitneacha a leanas le fáil in São Tomé agus Príncipe:

  • Mestiços nó daoine de shíol measctha a shíolraíonn ó choilínigh Phortaingéalacha agus ó sclábhaithe Afracacha a tháinig fadó ó Bheinin, ón nGabún, ó chríoch an Chongó agus ó Angóla. Tugtar filhos da terra nó "clann na tíre" ar na daoine seo freisin.
  • Angolares, daoine a bhfuil de chlú orthu go síolraíonn siad ó sclábhaithe ó Angóla a tháinig slán ó bhriseadh loinge in 1540 agus a shaothraíonn a gcuid le hiascaireacht.
  • Forros, daoine a shíolraíonn ónar saoradh nuair a cuireadh an sclabhaíocht ar ceal.
  • Serviçais, oibrithe conartha ó Angóla, ó Mhósaimbíc agus ó Cabo Verde atá in gcónaí go sealadach sna hoileáin.
  • Tongas, clann oibrithe conartha ach a rugadh sna hoileáin.
  • Eorpaigh.
  • Áisigh ar Sínigh a bhformhór agus daoine ina measc ar de shíol Portaingéalach agus Síneach iad as Macau.

Teangacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í an Phortaingéilis an teanga náisiúnta agus í á labhairt ag timpeall 98% den daonra. Tá crióil á labhairt ann freisin: Forro (36%), Criól Cabo Verde (8%), Angolar (6%) agus Príncipense (1%). Múintear Fraincis (6%) agus Béarla (4%) ar scoil.

Reiligiún[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bianeann an chuid is mó de na daoine leis an Eaglais Chaitliceach. Tá a lán daoine ann a bhaineann le hEaglais Ateachtach an tSeachtú Lá agus le heaglaisí Soiscéalacha eile. Tá pobal beag Ioslamach ann atá ag dul i méid. [

Casa da Cultura, São Tomé agus Príncipe

Oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní mór do dhaltaí fanacht ar scoil ar feadh ceithre bliana. Ach tá seomraí ranga, téacsleabhair agus ábhar foghlama gann, agus tá na múinteoirí oilte agus íoctha go dona. Ní reáchtáiltear na scoileanna go héifeachtúil agus is beag lámh atá ag an bpobal i riar na scoileanna. Is beag airgead atá le fáil sa tír féin chun na scoileanna a choinneáil ar siúl agus tagann tromlach an mhaoinithe ón iasacht.[7]

Tá dhá institiúd tríú leibhéal ann: an Licéam Náisiúnta agus Ollscoil São Tomé agus Príncipe.


Cultúr[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’fhág an Afraic agus an Phortaingéil a rian ar chultúr na tíre.

Rugadh a lán scríbhneoirí in São Tomé agus Príncipe, cé gur minic a chuaigh siad chun cónaithe i dtíortha eile.

  • Olinda Beja (1946–), úrscéalaí[8]
  • Sara Pinto Coelho (1913–1990), drámadóir agus scríbhneoir ficsin
  • Caetano da Costa Alegre (1864–1890), file
  • Mário Domingues (1899–1977), úrscéalaí[9]
  • Conceição Lima (1962–), file
  • M. Manuela Margarido (1925–2007), file[10]
  • Alda do Espírito Santo (1926–2010), file
  • José Francisco Tenreiro (1921–1963), criticeoir agus file[11]

Ceol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Baineann na rithimí ússua agus socopé le São Tomé agus baineann dêxa le Príncipe. Tá damhsaí ag roinnt leo, agus maítear go bhfuil lorg na Portaingéile ar an gceol agus ar na damhsaí.

Bhí tábhacht leis an mbanna Leoninos, a bunaíodh in 1959 agus a díscaoileadh in 1965. Ansin bunaíodh Os Úntués, banna a raibh lorg Mheiriceá, na hAirgintíne, an Chongó agus Chúba ar a gcuid ceoil agus a thug an giotár leictreach isteach. Bunaíodh bannaí eile, leithéidí Mindelo, grúpa a nasc rithimí de chuid São Tomé le rebita, rithim Angólach, chun puxa a chruthú.

Sa dara cuid den 20ú haois tháinig scríbhneoirí amhrán agus ceoltóirí nua ar an bhfód, agus fuair ceol São Tomé áit lonnaithe i Liospóin féin.

Cócaireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Iasc, arbhar, pónairí agus bananaí bruite an príomhbhia.[12][13] Tá éileamh mór ar bhananaí, anainn agus abhcáid, agus úsáidtear spíosraí teo go forleathan.[12] Úsáidtear caife mar spíosra nó mar bhlastanas.[12] Is minic a réitítear bricfeasta as fuílleach an tsuipéir agus tá tóir ar uibheagáin.[13]

Spórt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an sacar an spórt is mó a bhfuil tóir air. Tá sé faoi cheannas Chónaidhm Shacair São Tomé, dream a bhaineann le Cónaidhm an tSacair Afracaigh.[14]

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "The Expulsion 1492 Chronicles, mír XI: "The Vale of Tears", ag lua Joseph Hacohen (1496–1577); agus mír XVII, ag lua Samuel Usque, údar ón 16ú haois".
  2. Ivor Wilks and Akan Wangara (January 1997). "Mines of Silver and Gold in the Americas". Aldershot: Variorum. 
  3. Sao Tome president pardons coup plotter. Orange Botswana Portal. January 7, 2010.
  4. 4.0 4.1 "Agricultural Marketing Directory for U.S. & Africa Trade" (1 July 1997). DIANE Publishing. 
  5. Brígida Rocha Brito and others, Turismo em Meio Insular Africano: Potencialidades, constrangimentos e impactos, Lisbon: Gerpress, 2010
  6. População: Observada, Estimada e Projectada (1991/2001). Ine.st. Aimsithe ar 2013-08-09.
  7. >http://www.dol.gov/ilab/media/reports/iclp/tda2001/sao-tome-principe.htm "São Tomé and Príncipe"]. 2001 Findings on the Worst Forms of Child Labor. Bureau of International Labor Affairs, U.S. Department of Labor (2002).
  8. "Palimage: Olinda Beja". Archived from the original on 2011-07-25.
  9. "Torre da História Ibérica: Admirável Mário Domingues".
  10. Morreu a poetisa são-tomense Manuela Margarido, Publico, 11 March 2007.
  11. Hans M. Zell, Carol Bundy, Virginia Coulon, A New Reader's Guide to African Literature, 1983, lch 498.
  12. 12.0 12.1 12.2 "The Recipes of Africa" : 174–176. Dyfed Lloyd Evans. 
  13. 13.0 13.1 Kathleen Becker (23 July 2008). "Sao Tome and Principe": 74–79. Bradt Travel Guides. 
  14. "BBC Sport – Sao Tome e Principe rocket up Fifa rankings".

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]