An Ghabúin
![]() | |||||
---|---|---|---|---|---|
République gabonaise (fr) ![]() | |||||
|
|||||
![]() ![]() | |||||
| |||||
Aintiún |
La Concorde (en) ![]() ![]() | ||||
| |||||
Mana |
«Union, Travail, Justice» «Union, Work, Justice» «Единство, труд и справедливост» «Undeb, Gwaith, Cyfiawnder» ![]() | ||||
Ainmnithe in ómós |
pea coat (en) ![]() ![]() | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
| |||||
Príomhchathair |
Libreville ![]() | ||||
Daonra | |||||
Iomlán |
2,025,137 (2017) ![]() | ||||
Teanga, nó leagan teanga |
An Fhraincis ![]() | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de |
Middle Africa (en) ![]() ![]() | ||||
Achar dromchla |
267,667 km² ![]() | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce |
An tAigéan Atlantach ![]() | ||||
Pointe is airde |
Mont Bengoué (en) ![]() ![]() | ||||
Pointe is ísle |
An tAigéan Atlantach (0 m) ![]() | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí |
Q107783136 ![]() ![]() | ||||
Cruthú | 1960 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht reachtach |
Parliament of Gabon (en) ![]() ![]() | ||||
• President of Gabon (en) ![]() ![]() |
Ali Bongo Ondimba (Deireadh Fómhair 16, 2009) ![]() | ||||
• Prime Minister of Gabon (en) ![]() ![]() |
Rose Christiane Raponda (en) ![]() ![]() | ||||
Eacnamaíocht | |||||
Airgeadra |
franc CFA na hAfraice Láir ![]() | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama |
| ||||
Fearann Idirlín barrleibhéil |
.ga (en) ![]() ![]() | ||||
Glaochód |
+241 ![]() | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála |
1300 (en) ![]() ![]() ![]() ![]() | ||||
Eile | |||||
| |||||
Láithreán gréasáin |
gouvernement.ga ![]() |
Is tír san Afraic í an Ghabúin. Is í Libreville an phríomhchathair. Is iar-choilíneacht Fhrancach í. Tá sí ag críochantacht leis an nGuine Mheánchiorclach, le Camarún agus le Poblacht an Chongó ("Congó-Brazzaville"). Bhain an tír amach a neamhspleáchas ón bhFrainc ar an 17 Lúnasa 1960, ach ní raibh ach beirt Uachtarán ag rialú na tíre ó sin i leith.
Go luath sna 1990idí, tugadh isteach bunreacht nua, agus thosaigh an daonlathas á fhorbairt sa Ghabúin. Inniu, áirítear ar ceann de na tíortha is rathúla í ar fud na hAfraice, ós rud é go bhfuil daonra réasúnta beag ann, agus an tír saibhir in acmhainní nádúrtha.
Is í an Chríostaíocht - an Caitliceachas ach go háirithe - an reiligiún is tábhachtaí sa Ghabúin, ach tá cuid mhaith Muslamaigh ann freisin, agus cleachtann cuid mhór de na Gabúnaigh anamachas chomh maith - is é sin, tugann siad adhradh do spioraid an dúlra.
Is í an Fhraincis an teanga oifigiúil, agus is féidir glacadh leis go bhfuil ceathrar as gach cúigear de mhuintir na Gabúine in ann ciall a bhaint as an teanga. Timpeall ar Libreville, is iomaí duine a labhraíonn Fraincis fiú ó dhúchas. Na teangacha eile a labhraítear sa Ghabúin, is teangacha Bantúcha iad a bhformhór. Is í an teanga Fang an ceann is tábhachtaí acu, agus í gaolmhar leis na teangacha Bulu agus Ewondo a labhraítear i ndeisceart Chamarúin.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |