Angóla

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de geografia políticaAngóla
República de Angola (pt)
Angola (pt) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Angóla Emblem of Angola (en)
Bratach Angóla Cuir in eagar ar Wikidata Emblem of Angola (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Aintiún Angola Avante Cuir in eagar ar Wikidata

Mana «Q102185417 Aistrigh» Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Angola on the globe (Angola centered).svg
 12°21′S 17°21′E / 12.35°S 17.35°E / -12.35; 17.35

Príomhchathair Luanda Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán 32,866,270 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga, nó leagan teanga An Phortaingéilis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid de Lár na hAfraice Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla 1,246,700 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisce An tAigéan Atlantach Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airde Mount Moco (en) Aistrigh (2,619 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísle An tAigéan Atlantach (0 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/sí People's Republic of Angola (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú Samhain 11, 1975
Lúnasa 25, 1992
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht reachtach National Assembly (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• Uachtarán Angóla Cuir in eagar ar Wikidata João Lourenço (Lúnasa 23, 2017) Cuir in eagar ar Wikidata
• Uachtarán Angóla Cuir in eagar ar Wikidata João Lourenço (Meán Fómhair 26, 2017) Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
Airgeadra kwanza (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil .ao Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód +244 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála 113, 115 agus 116 Cuir in eagar ar Wikidata
Fuaimniú , agus Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáin governo.gov.ao Cuir in eagar ar Wikidata

Is tír san Afraic í Angóla, nó Poblacht Angóla, mar a thugtar uirthi go hoifigiúil, nó República de Angola as Portaingéilis. Tá sí ag críochantacht leis an tSaimbia thoir, an Namaib theas, agus Poblacht Dhaonlathach an Chongó thuaidh, ach tá eachtarchríoch bheag, Cabinda, suite idir an dá Chongó (Poblacht an Chongó agus Poblacht Dhaonlathach an Chongó). Is é an tAigéan Atlantach an teorainn thiar. Is í Luanda an phríomhchathair, agus cúig mhilliún duine ina gcónaí ansin - aon cheathrú cuid de mhuintir na tíre go léir, beagnach. Cathracha tábhachtacha eile iad Benguela, Sumbe, Lubango agus Namibe, mar shampla.

Is í an Phortaingéilis an teanga oifigiúil náisiúnta, agus í á labhairt go forleathan mar theanga dhúchais in Angóla, fiú ag na bundúchasaigh. Glactar leis go bhfuil sí ó dhúchas ag 80 % de mhuintir na tíre. Is í an teanga Kimbundu an ceann is tábhachtaí de na teangacha bundúchasacha, agus is teanga Bhantúch í, cosúil leis an Svahaílis.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig na Portaingéalaigh go hAngóla an chéad uair faoi dheireadh na cúigiú haoise déag. San am sin, bhí na ríochtaí beaga úd Ndongo agus Lunda anseo - ríochtaí a bhí faoi fhorlámhas an Chongó. Shocraigh na Portaingéalaigh conradh faoi chaidreamh taidhleoireachta leis an gCongó sa bhliain 1483, agus rinne siad lárionad tábhachtach tráchtála den cheantar seo. Sa bhliain 1575, bhunaigh an taiscéalaí Portaingéalach Paulo Dias de Novais cathair Luanda, nó São Paulo de Loanda, Naomh Pól ó Loanda, mar a bhaist sé ar an áit. Chuaigh céad comhluadar de choilínithe a chónaí i Luanda ar dtús, agus fuair siad ceithre céad saighdiúir mar gharda cosanta.

Áit thábhachtach eile a bhí i mBenguela. Bunaíodh mar dhún is mar bhunáit mhíleata í ar dtús, thiar sa bhliain 1587, agus hiompaíodh ina cathair í sa bhliain 1617.

Is iar-choilíneacht Phortaingéalach í a fuair a neamhspleáchas san bhliain 1975. Díreach ina dhiaidh sin thosaigh cogadh san tír idir trí grúpaí - UNITA (União Nacional para a Independência Total de Angola), an MPLA (Movimento Popular para a Libertação de Angola) agus an FNLA (Frente Nacional para Libertação de Angola). D'fhág na Portaingéalaigh an tír go tapaidh gan rialtais eile a chuir i bhfeidhm agus d'éirigh leis an MPLA rialtais a chruthú sa phríomhchathair díreach ina dhiaidh sin. D'fhéach an FNLA agus an UNITA ruaigeadh a chur ar an MPLA ach níor éirigh leo. Don chéad dul síos d'ionsaigh an FNLA an tír ón tSáír (anois Poblacht Dhaonlathach an Chongó) le cabhair ó na Meiriceánaigh agus ó Mhobutu Sese Seko, deachtóir na Sáíre. Cuireadh scaipeadh ar fhórsaí an FNLA le cabhair saighdiuirí Cúbacha; chuir na Cúbaigh ruaigeadh ar an UNITA agus ar na fórsaí ón Afraic Theas a bhí ag máirseáil aneas i dtreo na príomhchathrach díreach ina dhiaidh sin. Ba é sin deireadh an FNLA mar grúpa armtha, ach lean an UNITA leo ag troid go dtí an bhliain 2002 nuair a maraíodh ceannaire UNITA, Jonas Savimbi, i gceanntair Moxico in oirthear na tíre.

Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá teorainneacha aici leis an Namaib, Poblacht Dhaonlathach an Chongó, an tSaimbia, Poblacht an Chongó agus cósta an Aigéin Atlantaigh. Is í an Cúige Cabinda a bhfuil in aice Poblacht an Chongó, nó Congó-Brassabhíl, mar a ghlaotar air san réigiún de ghnáth.

Is é ceantar an Plan-Alto an ceantar is airde sa tír; téann aibhneacha ón Plan-Alto i dtrí threo - ó thuaidh isteach in abhainn An Chongó, siar díreach go dtí cósta Angóla féin, agus soir, mar shampla an Luena a théann isteach in Abhainn an Sambesí.

Eacnamaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é ola foinse airgead rialtais an MPLA le rith an cogadh in Angóla agus tá sé fíor tábhachtach do cúrsaí eacnamaíochta an tír fós. Tá formhór ola na tíre suite faoin farraige in aice le cósta an tír go h-airithe in aice le Cabinda. De bharr feabhsaí teicneolaíochta is féidir ola a ghabháil níos faide don cósta i bhfarraige domhain ná riamh agus dá bharr sin tá ionadaí ola na tíre ag fás go fóill. Tagainn tuairim is 8 go 10% do iomportaí ola Meiriceá ó Angóla, is tá na comhlachtaí mór ollaigh go léir ag obair ann. Thosaigh an tSín ag baint ola amach don tír i mbliana freisin. Chuaigh Angóla isteach i OPEC i mbliana, an céad tír a chuaigh isteach inti ó na seachtaidí anuas.

Chomh maith le ola, tá foinse eile ssaibreas sa tír. Úsáid UNITA airgead ó diamantaí a dhíol - diamantaí fuil mar a ghlaotar orthu chun airgead a bhaint amach i gcomhair a cogadh agus tá diamataí ann fós. Lasmuigh do sin, tá talún maith sa tír agus is féidir bia, cadás agus tobac a fás ann.

Cúrsaí Slándála[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé go bhfuil an saibhreas seo go léir i láimh ceannairí na tíre, tá Angóla fós ceann do tíre ba mheasa sa domhain chun bheith ina páiste ann. Faigheann páiste amháin i cúig bás roimh cúig bliain d'aois. Níl an rialtais ag déeanamh go leor chun a daoine féin a chabhrú leis an saibhreas atá sa tír

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]