Ciribeas
Ciribeas | |||||
---|---|---|---|---|---|
Ribaberiki ni Kiribati (gil) | |||||
|
|||||
Aintiún | Kunan Kiribati (1979) | ||||
Mana | «Te Mauri, te Raoi ao te Tabomoa» «For travellers» «I deithwyr» | ||||
Ainmnithe in ómós | Thomas Gilbert agus Gilbert Islands (en) | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Tarawa Theas | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 119,438 (2020) | ||||
• Dlús | 147.27 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | Béarla an Ghilbeartais | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | An Mhicrinéis An Pholainéis | ||||
Achar dromchla | 811 km² | ||||
Pointe is airde | Banaba Island (en) (81 m) | ||||
Pointe is ísle | an tAigéan Ciúin (0 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 12 Iúil 1979: cúis leis seo Neamhspleáchas | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht reachtach | House of Assembly of Kiribati (en) | ||||
• Uachtarán Phoblacht Chiribeas | Taneti Maamau (2016–) | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 227,610,035 $ (2021) | ||||
Airgeadra | dollar Chireabaití | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | UTC+12:00 (a Gilbert Islands (en) , Banaba Island (en) ) UTC+13:00 (a Phoenix Islands (en) ) UTC+14:00 (a Line Islands (en) ) Pacific/Tarawa (en) (a Gilbert Islands (en) ) Pacific/Kanton (en) (a Phoenix Islands (en) ) Pacific/Kiritimati (en) (a Line Islands (en) ) | ||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .ki | ||||
Glaochód | +686 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 999, 192, 193, 194 agus 195 | ||||
Cód tíre | KI | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | kiribati.gov.ki |
Tír oileánach is ea Ciribeas,[1] go hoifigiúil Poblacht Chiribeas[2] (Béarla: Republic of Kiribati, Gilbeartais: Ribaberiki Kiribati), suite san Aigéan Ciúin. Tá 33 oileán sa tír. Tá breis is 119,000 duine ina gcónaí sa tír, leis an gcuid is mó ar oileán Tarawa. Is í Tarawa Theas príomhchathair na tíre.
Ainm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagann ainm na tíre Kiribati ó leagan Gilbeartaise an ainm Béarla Gilberts. Níl gach fuaim Béarla ar fáil sa Ghilbeartais agus athraíodh leis na fuaimeanna a bhí ar fáil ag muintir na tíre sin. Tugadh an t-ainm Gilbert Islands nó Îles Gilberts ar phríomhoileánra na tíre sna 1820idí i ndiaidh an mhairnéalaigh Bhriotanaigh Thomas Gilbert a thug cuairt ar na hoileáin den chéad uair sa bhliain 1788.
Tagann an t-ainm Gaeilge Ciribeas ón nGilbeartais, teanga dhúchais na n-oileán. As Gilbeartais, fuaimnítear an iarmhír -ti mar /s/. Mar sin, fuaimnítear an t-ainm Kiribati: /ki.ɾi.bæs/. Tagann an litriú Gaeilge Ciribeas ón bhfuaimniú seo.
Scaití cloistear an fuaimniú /ˈkɪrəbɑːti/ sa Bhéarla agus i dteangacha eile de bharr an litriú. Dá bharr sin, is féidir “Cireabaití” a aimsiú freisin as Gaeilge ach tá an leagan seo dímholta anois.[1]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig na céad daoine ar oileáin Chiribeas idir 3000 RCR agus 1300 CR. Ní fios cá háit ar tháinig siad.
Thosaigh na hEorpaigh ag teacht ar na hoileáin sna 17ú agus 18ú haois. Fuadaíodh daoine mar sclábhaithe agus díoladh iad.
Ghabh Impireacht na Breataine na hoileáin i 1886. Le linn an Dara Cogadh Domhanda, ghabh an tSeapáin iad. I rith an Chogaidh Fhuair, thástáil Stáit Aontaithe Mheiriceá airm núicléacha ann.
Fuair Ciribeas a neamhspleáchas ón Ríocht Aontaithe sa bhliain 1979. Glacann sé páirt sna Náisiúin Aontaithe ó 1999.
Tíreolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá 32 atall agus oileán aonarach sa tír suite i lár an Aigéin Chiúin. Tá siad rangaithe i gceithre ghrúpa:
- Banaba: oileán aonarach suite idir Nárú agus na hoileáin Gilbert.
- Na hOileán Gilbert: 16 atall suite 1500 km ó thuaidh ó Fhidsí.
- Oileáin an Fhéinics: 8 n-atall agus oileán coiréil suite 1800 km siar ó dheas ó na hoileáin Gilbert.
- Oileáin na Líne: 8 n-atall agus sceir amháin suite 3300 km ó dheas ó na hoileáin Gilbert.
Is é an t-oileán Kiritimati an t-atall is mó ar domhan. Tar éis athailíniú na Dátlíne Idirnáisiúnta i 1995, is iad Oileáin na Líne an chéad áit ar domhan a cheiliúrann an athbhliain.
An tAthrú Aeráide
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá éifeachtaí móra ag an téamh domhanda agus ag an athrú aeráide ar Chiribeas. Tá na hoileáin suite ag leibhéal an-íseal os coinn leibhéal an aigéin. Is é trí méadar meánleibhéal airde os cionn leibhéal na mara. Tá leibhéal an uisce ar ardú de bharr an athrú aeráide agus tá an talamh ag dul faoin uisce. Tá níos mó tuilte agus stoirmeacha ann.
Sa bhliain 2012, cheannaigh an rialtas talamh i bhFidsí sa chaoi is go mbeadh daoine is ann bogadh más gá.
Eacnamaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Níl a lán acmhainní nádúrtha ar na hoileáin. Bhí a lán fosfáit ar oileán Banaba, ach baineadh é roimh a neamhspleáchas. Anois, is iad copra agus éisc an chuid is mó d'easpórtálacha na tíre. Tá an OTI is lú ag aon tír san Aigéan ag Ciribeas agus meastar gur ceann de na tíortha is lú forbartha ar domhan é.
Faigheann an tír an chuid is mó dá ioncam ó hearnáil na turasóireachta agus ó thabhartais idirnáisiúnta.
Iompar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá 23 aerfort sa tír. Níl eitiltí idirnáisiúnta ach amháin in dhá aerfort: Aerfort Idirnáisiúnta Bonriki i dTarawa Theas agus Aerfort Idirnáisiúnta Cassidy ar oileán Kiritimati. Tá eitiltí idirnáisiúnta go dtí Fidsí agus an Astráil.
Déimeagrafaic
[cuir in eagar | athraigh foinse]De réir an daonáirimh i mí na Samhna 2020, tá cónaí ar 119,940 duine sa tír. Tá cónaí ar 90% den phobal ar na hOileáin Gilbert.
Eitneacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is daoine Astrainéiseacha iad na Cireabaitígh. Thart ar an 14ú haois, tháinig daoine ó Fhidsí, Samó agus Tonga agus lonnaigh siad féin ann ag leathnú an réimse eitneach agus ag tabhairt tréithe teanga Polainéisise in éineacht leo.
Tugtar I-Kiribati ar na Cireabaitígh go dúchasach.
Teanga
[cuir in eagar | athraigh foinse]Labhraíonn daoine ann Gilbeartais. Is teanga aigéanach é. Is teanga oifigiúil é an Béarla chomh maith ach ní úsáidtear é go minic taobh amuigh den phríomhchathair.
Tá a lán focal tógtha ón mBéarla, mar shampla: buun, spoon; moko, smoke; beeki, pig; batoro, bottle.
Creideamh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is í an Chríostaíocht an príomhchreideamh ar na hoileáin. Thug misinéirí isteach í. Tá an chuid is mó den daonra (58%) Caitliceach. Tá dhá shainchreideamh Protastúnach ann.
Oideachas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an bunoideachas saor in aisce agus éigeantach ó 6 go dtí 15 bliana d'aois.
Eagraítear an córas oideachais mar seo a leanas:
- Naíscoil ó 1 go 5 bhliana d'aois;
- Bunscoil (Rang 1 go dtí 6) ó 6 go 11 bhliana d'aois;
- Meanscoil soisearach (Bliain 1 go dtí 3) ó 12 go 14 bliana d'aois;
- Meanscoil sínsearach (Bliain 4 go dtí 7) ó 15 go 18 mbliana d'aois.
Tá campas ollscoile ag an University of the South Pacific lonnaithe i dTeaoraereke.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 ""Ciribeas"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2023-08-07.
- ↑ ""Poblacht Chiribeas"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2023-08-07.
Is síol tíreolaíochta é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |