Jump to content

An Ghilbeartais

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn Ghilbeartais
Taetae ni Kiribati
Cineálteanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais116,280 (2010)
Dúchasach doCiribeas
StáitCiribeas
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Astrál-Téacha
teangacha Astrainéiseacha
teangacha Malae-Pholainéiseacha
teangacha Malae-Pholainéiseacha núicléacha
Central-Eastern Malayo-Polynesian (en) Aistrigh
Eastern Malayo-Polynesian (en) Aistrigh
teangacha Aigéanacha
Central–Eastern Oceanic (en) Aistrigh
teangacha Micrinéiseacha
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach
Institiúid caighdeánaitheKiribati Language Board (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-2gil
ISO 639-3gil
Glottologgilb1244
Linguasphere39-DAA-aa
Ethnologuegil
ASCL9302
IETFgil

Teanga Astrainéiseach is ea an Ghilbeartais a labhraítear go príomha i gCiribeas. Cuirtear Taetae ni Kiribati uirthi as Gilbeartais.

Tá thart ar 125,000 daoine a labhraíonn an Ghilbeartais. Tá cónaí ar 119,000 d'iadsan i gCiribeas, 97.2% den daonra.

Ní hionann is na teangacha eile san Aigeán Ciúin, níl baol do dhíothaithe ag an nGilbeartais. Úsáideann beagnach gach duine a labhraíonn í an teanga gach uile lá. Níl ach 30% de na cainteoirí in ann an Béarla a labhairt. Mar toradh, níl sí i mbaol bheith gafa ag an mBéarla.

Uimhir na gCainteoirí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Labhraíonn níos ná 96% de mhuintir Chiribeas an teanga. Labhraíonn an chuid is mó de dhaoine ar Nui (Túvalú), ar Oileán Rabi (Fidsí) agus in áiteanna a athlonnaigh muintir Chiribeas chomh maith mar shampla Oileáin Sholomón agus Vanuatú.

  1. Ciribeas, 119,000
  2. Fidsí, 6,600
  3. Oileáin Sholaimh, 6,800
  4. An Nua-Shéalainn, 2,115
  5. Nárú, 1,500
  6. Túvalú, 100
  7. Vanuatú, 400
  8. Haváí, 141

Canúineolaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá dhá phríomhchanúint ag an nGilbeartais, tuaisceartach agus deisceartach. Is é an fuaimniú an phríomhdhrifríocht.

Tá canúint dhifriúil ag na hoileáin Butaritari agus Makin. Tá foclóir agus fuaimniú difriúla aici leis an nGilbeartais chaighdeánach.

Liosta na gCanúintí

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Banaban (Banaba agus Oileán Rabi, Fidsí)
  • Ciribeas Tuaisceartach (Makin, Butaritari, Marakei, Abaiang, Tarawa, Maiana, Kuria, Abemama agus Aranuka)
    • Butaritari/Makin (Butaritari agus Makin)
  • Nui (Túvalú)
  • Ciribeas Deisceartach (Tabiteuea, Onotoa, Nonouti, Beru, Nikunau, Tamana agus Arorae)

Foghareolaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá 13 chonsan agus 10 ngutaí ag an nGilbeartais.

Déliopach Rinn an teanga Coguasach
gnáth coguasach
Srónach mː ⟨mm⟩ nː ⟨nn⟩ ŋː ⟨ngg⟩
m ⟨m⟩ mˠ ⟨mw⟩ n ⟨n⟩ ŋ ⟨ng⟩
Pléascach p ⟨b⟩ pˠ ⟨bw⟩ t ⟨t⟩ k ⟨k⟩
Cnagchonsan βˠ ⟨w⟩ ɾ ⟨r⟩

Nótaí:

  • De ghnáth, bíonn /p/ glórach idir gutaí agus scaití ag tús focail.
  • Roimh /i/, fuaimnítear /t/ mar [s].
  • Ag brath ar an gcomhthéacs, is féidir /βˠ/ a fhuaimnítear mar chnagchonsan nó mar neasach.
  • Ní /ɾ/ le fáil ag deireadh siolla.
Tosaigh Cúil
Dúnta i iː u uː
Leathard e eː o oː
Oscailte a aː

Nótaí:

  • Is féidir leis na gutaí gairide /i/ agus /u/ athrú sna leathghutaí [j] and [w] roimh fhuaimeanna níos glóraí. /ie/ → [je]
  • Fuaimnítear /a/ mar [ä], seachas i ndiaidh /mˠ/ agus /pˠ/.

Péirí Íosdifríochta

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Gairid Fada
Sampla AIF Aistriúchán Sampla AIF Aistriúchán
//e// te ben /tepen/ cnó cócó aibí te been /tepeːn/ peann
//i// ti /ti/ muid, sinn tii /tiː/ ach amháin
//o// on /on/ lán oon /oːn/ turtair
//u// te atu /atu/ beart te atuu /atuː/ ceann
//a// tuanga /twaŋa/ inis tuangnga /twaŋːa/ inis dó/di

Is é Briathar-Cuspóir-Ainmní (VOS) ord na bhfocal.

Is féidir aon ainmfhocal a chruthú tríd an alt cinnte "te" a chur roimh bhriathar nó aidiacht.

  • nako (téigh/gabh)
  • te nako (an t-imeacht)
  • uraura (dearg)
  • te uraura (an deirge)

Is féidir ainmfhocail a mharcáil do sheilbh (duine agus uimhir). Uaireanta marcáltar an iolracht le guta fada ar an gcéad ghuta.

  • te boki (leabhar)
  • booki (leabhair)

Marcáltar an inscne trí mmwaane (firinscneach) agus aiine (baininscneach) a chur leis an ainmfhocal.

  • te moa (sicín)
  • te moa mmwaane (coileach) (tá sé níos coitianta mwane a scríobh)
  • te moa aiine (cearc) (tá sé níos coitianta aine a scríobh)
  • tariu (mo dheartháir nó mo dheirfiúr (má tá an inscne chéanna aige/aici leis an gcainteoir))
  • maneu (mo dheartháir nó mo dheirfiúr (má tá an inscne dhifriúil aige/aici leis an gcainteoir))

Is féidir an nascóir "n" a úsáid i gcomhair ainmfhocail daonna.

  • ataei (páiste)
  • ataeinimmwaane (buachaill)
  • ataeinnaiine (cailín)

Is féidir ainmfhocail gníomhaíocha a chruthú leis an mír tia (uatha) nó taan(i) (iolra).

Uatha Iolra
Ailt te taian

Níl an t-alt 'te' éiginnte nó cinnte; léiríonn sé gur ainmfhocal uatha an chéad focal eile. Go minic, aistrítear é leis an bhfocal "an". Tá an t-alt iolra roghnach mar tá go leor bealaí an iolracht a chur in iúl trí thaispeántaigh, uimhreacha, srl.

Ailt Pearsanta
Firinscneach Baininscneach
Ailt pearsanta te (tem, ten, teng) nei

Úsáidtear na hailt pearsanta roimh ainmneacha pearsanta. Is é 'te' an fhoirm fhirinsnceach roimh ainmneacha a thosaíonn le <i, u, w, b', ng>, 'tem' roimh <b, m>, 'ten' roimh <a, e, o, n, r, t> agus 'teng' roimh <k, (ng)>. Is féidir na foirmeacha 'na, nan, nang' a aimsiú i mButaritari agus Makin.

Ainmneach Cuspóireach Treise Ginideach Iarmhíreanna
sealbhacha

duine
uatha i, n -ai ngai au -u
iolra ti -ira ngaira ara -ra

duine
uatha ko -ko ngkoe am -m
iolra kam -ngkamii ngkamii amii -mii

duine
uatha e -a ngaia ana -na/n
iolra a -ia/i ngaiia aia -ia

Roimh na 1860óidí, níor scríobhadh an teanga ar pháipéar ariamh. Anois scríobhtar í leis an aibítir Laidineach. Tugadh isteach í nuair a d'aistrigh Hiram Bingham Jr, misinéir Protastúnach, an Bíobla go Gilbeartais. Taispeántar gutaí agus consain fhada trí iad a scríobh faoi dhó, mar a dhéantar as Ísiltíris agus as Fionlainnis.

An Córas Litriú Gilbeartaise
Litir A AA B BW E EE I II K M MM MW N NN NG NGG O OO R T U UU W
AIF /a/ /aː/ /p/ /pˠ/ /e/ /eː/ /i/ /iː/ /k/ /m/ /mː/ /mˠ/ /n/ /nː/ /ŋ/ /ŋː/ /o/ /oː/ /ɾ/ /t/ /u/ /uː/ /βˠ/